Dráma bunaithe ar obair ranga.
| Freastalaí | Dia dhaoibh, a chairde. |
| Mícheál | Ba mhaith linn bord do bheirt, más é do thoil é. |
| Freastalaí | Cinnte. An treo seo. |
| Orla | Ba mhaith linn an biachlár a fheiceáil. |
| Freastalaí | Seo dhaoibh. |
| Orla | Fan go bhfeicfimid. |
| Mícheál | Cúrsa tosaigh |
| Orla | Príomhchúrsa |
| Mícheál | Milseog |
| Freastalaí | Ar mhaith libh béile a ordú? |
| Orla | Ba mhaith liomsa sailéad don phríomhchúrsa, agus burgar, más é do thoil é. |
| Mícheál | Beidh anraith agamsa ar dtús. |
| Freastalaí | Ar mhaith libh deoch leis an mbéile? |
| Orla | Beidh gloine bainne agamsa. |
| Mícheál | Ba mhaith liomsa gloine uisce, más é do thoil é. |
| Freastalaí | Beidh mé ar ais láithreach. |
| Freastalaí | Seo dhaoibh an cúrsa tosaigh, a cháirde. |
| Mícheál | A fhreatalaí, tá cuileog i mo anraith! |
| Freastalaí | Tá brón orm, a dhuine uasail. |
| Mícheál | Tá seo níos fearr. |
| Freastalaí | Anois, a chairde, seo dhaoibh an príomhchúrsa. |
| Orla | Seo béile an-deas. |
| Mícheál | An-deas ar fad. Is breá liom sicín. |
| Freastalaí | Bhuel, a chairde, conas atá an béile? |
| Orla | Ar fheabhas, go raibh maith agat. |
| Freastalaí | An bhfuil milseog uaibh? |
| Mícheál | Ba mhaith liomsa pióg bhanana. Beidh cupán tae agam freisin, más é do thoil é. |
| Orla | Is dócha go mbeidh cáca seacláide agamsa, le huachtar. |
| Freastalaí | Beidh sé réidh faoi cheann nóiméad. |
| Freastalaí | Seo dhaoibh na milseoga, a chairde. |
| Mícheál | Tá cuma álainn orthu. Go raibh maith agat. |
| Orla | Go raibh míle maith agat. |
| Freastalaí | Tá fáilte romhat. |
| Mícheál | Bhí sé sin go deas. |
| Orla | Tabhair dúinn an bille, más é do thoil é. |
| Freastalaí | Caoga euro, más é bhur dtoil é. |
| Orla | Seo duit, agus seo cúig euro sa bhreis. |
| Freastalaí | Go raibh míle maith agaibh. |
| Mícheál | Fillfimid arís go dtí An Goile Mór! |