Fócas
na Míosa
Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Mícheál Ó Muircheartaigh, ag bronnadh gradam speisialta ar Dhomhnall Ó Lúbhlaí tamall de bhlianta ó shin.
|
|
Domhnall
Ó Lúbhlaí CÉ HÉ Domhnall Ó Lúbhlaí? Laoch mór na Gaeilge, nó fear casta cráite? Rugadh i Nua Eabhrach é i 1930. Tháinig sé go hÉirinn an bhliain chéanna, agus tógadh sa Muileann gCearr é. Chuaigh sé ar scoil na mBráithre Críostaí ar an mbaile. Ina dhiaidh sin rinne sé cúrsa speisialta i múineadh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Doibrigh sé ar feadh deich mbliana le Gael-Linn. Le linn an ama sin bhí sé ag plé le scéim scoláireachtaí ina gcuirtí páistí chuig an nGaeltacht ar feadh trí mhí chun an Ghaeilge a fhoghlaim. I 1968 bhunaigh sé Coláiste na bhFiann agus bhí sé ina chathaoirleach ar an eagraíocht ar feadh i bhfad. Thogh ionadaithe na n-eagraíochtaí Gaeilge ina uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é i 1976. Faoin am sin bhí post múinteoireachta aige i gceardscoil i gCluain Dolcáin. Bhí sé ag obair ar threoirleabhar do mhúinteoirí Gaeilge. Ghlac sé páirt ghníomhach i mbunú Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin. Chaith sé tréimhsí éagsúla ag múineadh i scoileanna an cheantair agus bhí sé ina phríomhoide ar cheann amháin acu. I lár na 1980í dfhág sé Coláiste na bhFiann le Tearmann Lir a bhunú gar don Mhuileann gCearr. Cineál brú óige agus tearmann do lucht na Gaeilge agus dfhoghlaimeoirí a bhí ann, agus é mar aidhm aige lóistín a chur ar fáil do ghrúpaí nó do dhaoine aonair ar theastaigh uathu tréimhse a chaitheamh ag obair ar thionscnaimh éagsúla. Bé buaicphointe a shaoil mar agóidí teanga an tréimhse ghearr a chaith sé i bpríosún Luimnigh ag tús 1977. Bamhlaidh gur cuireadh príosúnacht seacht lá air toisc gur dhiúltaigh sé ticéad páirceála £5 a íoc. An t-ainm "Donal Lovely" a bhí scríofa ar an ticéad. Scaoileadh saor é roimh am nuair a díoc duine éigin an fíneáil. Fuair sé pá príosúin de 10p, chomh maith le laghdú £1.30 ar an bhfíneáil don am a bhí caite sa phríosún aige. Bhí an scéal ina cause célèbre sna meáin ag an am. Ag preasócáid in Áras na Comhdhála, dúirt Ó Lúbhlaí nárbh ann do aon leagan Béarla dá ainm. Ainm Gaeilge a bhí aige nárbh fhéidir a aistriú ar aon bhealach, a dúirt sé. Chuir sé ceithre cheist ar an Rialtas ag an bpreasócáid. An ligfí do Ghaeltacht Ráth Cairn bás a fháil? An dtabharfaí ceadúnais iascaireachta ar muir (off-shore licences) diascairí Ros Muc? Cén pointe a bhí le múineadh na Gaeilge sna scoileanna? Agus an ligfí prionsabail an Phiarsaigh agus tírghráthóirí eile le sruth dfhonn áit a dhéanamh do "the whizz-kiddery of Conor Cruise OBrien"? Tamall de bhlianta ó shin, mar chomhartha aitheantais agus ómóis dó as a raibh déanta aige ar son na teanga i rith na mblianta, bhronn Bord na Gaeilge gradam speisialta air.
Le Uinsionn Mac Dubhghaill EAGRAÍOCHT LEATHRÚNDA a sheachnaíonn aon phoiblíocht is ea Coláiste na bhFiann agus a leathchúpla, Cumann na bhFiann. Nuair a bhunaigh Domhnall Ó Lúbhlaí é ba é an teoiric a bhí aige go raibh cuid de na coláistí samhraidh a bhí ann "róbhog"; theastaigh tumadh iomlán sa teanga lena chinntiú go bhfoghlaimeodh daoine i gceart í. Léiríonn líon na n-iardhaltaí a lean leis an teanga i mórán réimsí den saol cé chomh héifeachtach is a bhí an polasaí seo i rith na mblianta. Ach ba mhinic freisin a tharraing na coláistí drochmheas an phobail anuas orthu féin agus ar ghaeilgeoirí i gcoitinne toisc an bealach docht dolúbtha ina gcuirtí na rialacha i bhfeidhm. Anuraidh, cuir i gcás, bhí raic mhór ann faoi chás Mhichelle Hartnett (17), as Baile an tSaoir, Baile Átha Cliath. Bamhlaidh go raibh an cailín ag ithe a bricfeasta lá nuair a lig sí sraoth aisti. Céard a dúirt sí ach excuse me lena compánaigh ag bord. Mheas lucht an choláiste gur abairt iomlán i mBéarla a dúirt sí agus cuireadh abhaile í. Gníomh leibideach gan chiall a bhí ansin a thuill tarcaisne sna meáin agus a thug deis do naimhde na teanga lucht na cúise a bhualadh, uair amháin eile, le slat a ghearr siadsan dóibh féin. Bíonn múisiam ar dhaoine faoi ghnéithe eile de chúrsaí Choláiste na bhFiann chomh maith. Cuid den seanchas é ag iardhaltaí go gcuirtí iallach orthu éirí luath ar maidin, beannú don bhrat náisiúnta agus an t-amhrán náisiúnta a chanadh. Manglam cumhachtach de chúis na teanga, den chreideamh Caitliceach agus den phoblachtánachas a bhíonn ar an mbiachlár, rud a spreagann díospóireachtaí teasaí ar an Idirlíon. "Chan fheil de dhíth ortha ach na léintean gormacha," a scríobh Brian McLaughlin ar an ngréasán Gaelic-L anuraidh, tar éis éisteacht le tuairisc faoi chás Mhichelle Hartnett ar Raidió nan Gaedheal in Albain.
|
Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna