EAGARFHOCAL

Na deiseanna a chuirtear amú.

cuisle

Litreacha

Cuirfear fáilte roimh litreacha ónár léitheoirí. Foilseofar cuid de na litreacha sa chéad eagrán eile de Cuisle.

Cuisle

An tEastát Tionsclaíochta, Casla, Co na Gaillimhe.

Teil: 091 572077. Facs: 091 572 076. Ríomhphost: cuisle@tinet.ie

 

 

EAGARFHOCAL

 

CODLADH NA súl oscailte atá ar Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Michael Woods, maidir leis an mbeirtreach gáis atá amach ó chósta thiar na hÉireann.

In áit ráitisí seafóideacha a eisiúint ag cur fáilte roimh an ngás atá faighte ag Enterprise Oil, 70 km amach ó chósta Acla, ba cheart dó idirbheartaíocht a thosú láithreach leis an gcomhlacht – agus le comhlachtaí ola eile – féachaint le coinníollacha níos stuama a aontú leo.

De réir na dtéarmaí atá ann faoi láthair, ní bhfaighidh Éire ach buntáiste an-bheag as an saibhreas mór a cheaptar a bheith i dtaisce faoi ghrinneall na farraige thiar.

Comhrialtas idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach thiar i 1992 a bhronn na coinníollacha lochtacha seo ar na comhlachtaí.

Ní gá do na comhlachtaí a fuair ceadúnais an t-am sin oiread is pingin rua a íoc leis an státchiste i bhfoirm dleachta (royalties) as aon ola nó gás a thugann siad i dtír.

Ina áit sin, íocfaidh siad cáin chorparáideach suas le 36% nó, i gcásanna áirithe, cáin 25% ar aon bhrabús a dhéanann siad – tar éis dóibh a gcuid costaisí ar fad a ghlanadh.

Tá na téarmaí seo ar na cinn is liobrálaí agus is fábharaí don tionscal atá ar fáil áit ar bith ar domhan – poblachtaí banana agus réimis deachtóireachta san áireamh.

Scannal Náisiúnta

SCANNAL NÁISIÚNTA é seo a chuireann scannal na mbanc in áit na leithphingine. Ní fios cé mhéid airgid a chaillfeas an státchiste dá bharr amach anseo: tá sé le háireamh sna céadta milliún punt, de réir fhoinsí sa tionscal.

Deir an Roinn gur tugadh na coinníollacha seo dóibh toisc na deacrachtaí móra a bhíonn ann ola agus gás a chuartú i bhfarraigí doimhne. Má bhí bunús éigin leis an argóint seo sna 1970í ní hamhlaidh atá an scéal anois.

Ar an gcéad dul síos tá sí i bhfad níos éasca anois dul ag tochailt sna farraigí doimhne, leis na forbairtí móra teicneolaíochta a tharla le fiche bliain anuas.

Ar an dara dul síos tá na comhlachtaí ola ag faire amach le fada le haghaidh beirtreacha nua gáis agus ola. Tá an stór ola sa Muir Thuaidh beagnach ídithe; an bhail chéanna atá ar Bheirtreach Chionn tSáile.

Bheadh na comhlachtaí ola ag bogadh siar go cósta thiar na hÉireann ar aon nós, fiú muna mbeadh téarmaí chomh fábharach sin le fáil acu.

Cé nach bhfuil mórán suime acu ola agus gás a thabhairt i dtír faoi láthair – tá praghas an ola íseal agus flúirse de ar fáil ar an margadh idirnáisiúnta – bíonn siad ag breathnú rompu i gcónaí agus tuigeann siad gur acmhainn thar a bheith luachmhar a bheas ann san aois atá le teacht.

Cogaí na nAcmhainní

ROINNT BLIANTA ó shin thagair iaruachtarán an Choimisiún Eorpaigh, Jacques Delors, do na ‘cogaí acmhainní’ a bheas ar siúl sa 21ú haois. Cogaí idir tíortha saibhre an domhain agus na tíortha bochta a bheas iontu. Tarlóidh siad toisc an méadú as cuimse atá ag teacht ar dhaonra an domhain agus an tóir a bheas ar acmhainní atá gann.

Ba ghá, dar le Delors, Eoraip láidir – agus Arm Eorpach – a thógáil sa chaoi is go bhféadfadh an Eoraip í féin a chosaint ó éileamh na gcomharsana bochta san Afraic agus ar an taobh thoir di.

Nó, dá dteastódh sé, d’fhonn na gabháltais fhairsinge atá ag comhlachtaí Eorpacha san Afraic agus in áiteanna eile a chosaint. Aisling impiriúil don 21ú haois a bhí aige.

Bhí dul amú ar Delors. Ní tíortha saibhre amháin a bheas ag cur catha ar na bochtáin. Beidh páirt chomh tábhachtach céanna ag ollchomhlachtaí idirnáisiúnta san obair seo.

Cá bhfágann sin Éirinn agus an saibhreas atá ar fáil di amach óna cósta? Díreach faoi mar a tharla le tionscal na hiascaireachta nuair a ghlac muid ballraíocht san EEC i dtús na 1970í, tá deiseanna móra á gcur amú againn arís.

An Iorua Stuama

CUIR AN dearcadh dearóil, déirceach atá ag rialtas na hÉireann i gcomparáid leis an gcur chuige stuama, fadradharcach a bhíonn ag muintir na hIorua agus iad ag déileáil lena n-acmhainní nádúrtha.

Nuair a fuarthas ola amach ó chósta na tíre sin, chuir an rialtas thall a chomhlacht ola féin ar bun chun buntáiste a bhaint as. Tá Statoil anois ar cheann de na himreoirí móra ar pháirceanna agus ar thonnta na hÉireann.

Ní hamháin sin, ach rinne rialtas na hIorua deimhin de go gcruthófaí oiread postanna is ab fhéidir as an saibhreas nua seo. Chuir sé coinníollacha dochta seirbhíse agus fostaíochta i bhfeidhm ar na comhlachtaí eachtrannacha a bhí sa tóir ar an ola.

Ar an gcaoi sin, d’éirigh leis an tír deich bpost ar an talamh tirim a chruthú in aghaidh gach ceann ar na rigeanna ola.

Níl tada mar sin déanta ag Éirinn. Níl aon cheangal curtha ar Enterprise Oil oibrithe Éireannacha a fhostú; ina áit sin deir an rialtas go bhfuiltear ag iarraidh an comhlacht a "spreagadh" le hÉireannaigh a fhostú.

Níl aon bhuntáiste eacnamúil ar fáil ag Éirinn as an tochailt atá ar siúl ag an gcomhlacht sna farraigí thiar. Is as Albain a thagann chuile bhuillín arán agus gach aon rud eile atá ag teastáil amach chuig an rig. Níl oiread is post nua amháin cruthaithe i bpoirt na hÉireann chun freastal air.

Agus má thugtar gás i dtír as ‘Beirtreach na Coiribe’, chuile sheans gur i dtancanna móra chuig port Albanach a rachaidh sé.

Agus cead ag Éireannaigh ansin an gás a cheannach, trí ghréasán Eorpach an gháis, ar phraghas a shocraíonn an margadh idirnáisiúnta.

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna