An Beal Beo

Antaine Ó Faracháin

 

Antaine O Farachain

 

 

 

 

 

A chomharsanaí na gcarad

Peigín ’s Peadar

 

"A Pheigín na gcarad ’s a Pheigín mo chroí,

Cé hé an fear fada údan sínte leat síos?

Ó a hó, a mhaithín ó, ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí."

 

"A Pheadair na gcarad ’s a Pheadair mo chroí,

Sin é do leanbh nach bhfaca tú riamh."

 

"Muise shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar,

Ach féasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh!"

 

 

"Muise a Pheadair na gcarad ’s a Pheadair mo chroí,

Tá scór bliain caite ó d’fhág tú mo thigh."

"A Pheigín na gcarad ’s a Pheigín mo chroí,

Éirigh i do sheasamh ’gus réitigh greim bídh."

 

"Ach a Pheadair na gcarad ’s a Pheadair mo chroí,

Níl ins an teach agam greim mine buí."

" ’S a Pheigín na gcarad ’s a Pheigín mo chroí,

In íochtar mo mhála tá cáca mine buí."

 

"Muise a Pheadair na gcarad ’s a Pheadair mo chroí,

Tá an cáca seo a’at lán de ghineachaí buí."

" ’S a Pheigín ’s a mhaicín suífidh muid síos,

Ní fhágfad an baile chúns mhairfeas mé arís."

 

Amhrán é seo a thaitníonn le go leor daoine. Tá seanchas an-deas ag baint leis agus tá sé ar fáil ar an gceirnín a chuir Seosamh Ó hÉanaí amach sa mbliain 1963 dar teideal Joe Heaney, Irish Traditional Songs in Gaelic & English (Topic 12T 91), agus ar Seosamh Ó hÉanaí, sraith 2, Ó mo dhúchas (Gael-Linn, CEF 051), atá atheisithe le deireanas ar dhlúthdhiosca.

Níl véarsa 4 mar atá thuas ar cheachtar den dá thaifead seo agus níor airigh mé duine ar bith eile á chasadh ach Peadar Ó Ceannabháin, an duine a thug dhomsa é. Véarsa tábhachtach atá ann i gcomhthéacs scéal an amhráin.

BHÍ LÁNÚIN ann tráth, darbh ainm Peigín agus Peadar. Bhí siad bocht agus bheartaigh Peadar imeacht ón mbaile le obair a fháil mar spailpín. Fuair sé obair le feilméara. Ag deireadh gach tréimhse seacht mbliana, d’impigh an feilméara ar Pheadar fanacht go ceann tréimhse eile, sa gcaoi is go raibh trí thréimhse seacht mbliana curtha isteach aige faoin am gur bheartaigh sé filleadh abhaile arís.

Sular imigh sé, rinne bean an fheilméara cáca mine buí dhó agus mheasc sí an t-airgead a bhí tuillte aige isteach sa gcáca. Ansin chuir an feilméara trí chomhairle air.

An chéad chomhairle a chuir sé air: "Más cam díreach an bóthar ’sí an tslí mhór an t-aicearra."

An dara chomhairle: "Ná codail i dteach a bhfuil seanfhear pósta ar bhean óg."

An tríú chomhairle: "Ná déan aon rud faoi dheifir a mbeadh aiféal ort ar ball faoi."

D’imigh Peadar leis, ach bhí bealach fada le gabháil aige. Tháinig sé go dtí crosbhóthar áit a raibh cóngar ann. Bhí sé ar tí an cóngar a leanacht nuair a chuimhnigh sé ar an gcéad chomhairle. Tamall ina dhiaidh sin fuair sé amach go raibh gadaithe ar an gcóngar seo.

Píosa eile chun cinn tháinig sé chuig doras ag lorg lóistín oíche ach nuair a d’oscail bean óg an doras agus nuair a chonaic sé seanfhear cois tine chuimhnigh sé ar an dara comhairle agus níor fhan sé ann. An oíche sin mharaigh an bhean óg an seanfhear agus thuig Peadar go raibh an t-ádh leis arís.

Faoi dheireadh shroich sé a theachín beag féin ach nuair a bhreathnaigh sé isteach an doras chonaic sé fear agus féasóg fhada air ina luí ar an leaba le Peigín. Bhí sé ar tí an fear a mharú le tua nuair a chuimhnigh sé ar an tríú chomhairle agus stop sé a lámh.

Agus is anseo a thosaíonn an t-amhrán. Sé an rud atá ann an comhrá a tharla idir Peigín agus Peadar ag an bpointe seo ina bhfaigheann sé amach gurb é a mhac féin a bhí ar an leaba. "Tá scór bliain caite ó d’fhág tú mo thigh." a deir Peigín ag míniú an scéil dó.

Agus ansin, le críoch dheas a chur leis an scéal gearrann Peigín an cáca agus tagann sí ar an airgead atá istigh ann. "Tá an cáca seo a’at lán de ghineachaí buí."

Anois, cé a dúirt go mbíonn na hamhráin ar fad brónach?

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna