An Beal Beo

Antaine Ó Faracháin

 

Antaine O Farachain

 

 

 

 

 

A chomharsanaí na gcarad

le Antaine Ó Faracháin

 

‘BÍONN DHÁ INSINT ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán’ adeir an seanfhocal, agus is fíor é! Bhí cara liom ag caint liom faoin amhrán seo thíos agus í ag rá go raibh deacrachtaí aici a theacht ar na focail. Bhuel, tá leagan amháin de sa leabhar ‘Songs of the Irish’ (Dónal Ó Súilleabháin, Mercier Press, ISBN 85342 653 8, 1981, L.66) agus dhá aistriúchán in éindí leis. Tá an ceol a ghabhann leis scríofa ina nodaireacht sa leabhar freisin. Ach chuaigh mé i dteangmháil le cara eile de mo chuid chun a leagan fíor-álainn siúd a fháil uaidh. ’Sé Pádraig Ó Cearbhaill atá i gceist agam, fear uasal, séimh, agus scoth fonnadóra a bhfuil go leor tuisceana aige ar ealaíon na hamhránaíochta agus ar áilleacht na n-amhrán. Seo é leagan Phádraig.

An Binsín Luachra

Bhíos-sa maidin Shamhraidh ag góilt síos trí Chontae an Chláir,

Agus éanlaith coille ag labhairt liom ar an gcrann is iad ag siúinseáil,

Sea do casadh liomsa an ansacht ba bhreátha is ba dheise snua,

’Gus thugas searc is greann di, ’dtaobh m’amhrais ’sí bláth na n-úll.

 

Maidin aoibhinn uaibhreach ar bhruach na coille glaise breá,

Is mo ghadhair le m’ais ag gluaiseacht go huasal is mo ghunna im’ láimh,

’Sea do dhearcas chughamsa stuairín na gruaige finne ’s an bhrollaigh bháin,

Agus ábhar ’ bhinse buainte aici den luachair ba ghlaise fás.

 

’S do dh’fhéachas ar na cuanta agus bhí ann uaigneas agam ar nóin,

Is do dhruideas suas lem’ stuairín agus fuaireas uaithi cúpla póg,

Ach ’sé dúirt sí liom go huaibhreach ‘Fan suanmhar is ná cuir orm stró,

’Gus ná scaip mo bhinse luachra t’r éis a bhfuaireas dá thrioblóid’.

 

Is a chailín bhig na luachra, dá leagfása do bheart ar lár,

Ar bhruach na coille craobhaí nó ag éisteacht le fuaim na trá,

Mar na sagairt ní bhfaighidh scéal’ air ná éinne eile dá bhfuil san áit,

Nó go dtiocfaidh an chaint don chéirseach ’s go n-iompóidh an lon dubh bán.

 

Ó cailín deas ab fhearr liom a bheith ar láimh liom thar a bhfeacaíos riamh,

’Gus dá bpósfainn cailleach ghránna mo lánchreach ná mairfinn bliain,

Ach phósfainn thusa, a ghrá ghil, a chúil fáinneach na dtrioplaí siar,

Is do bhainfinnse binse breá duit chomh hálainn is a chonaic tú ariamh.

 

Is a chailín bhig na luachra glac suaimhneas agus fan go réidh,

Mar ní cás duit a bheith chomh buartha in uaigneas is tú leat féin,

Mar má scaip mé do chuid luachra nach dual go bhfuil mórchuid tar a éis,

Agus bainfeadsa binse mór duit agus ualach mar thuilleadh léi. 

Is ba dheas an cailín seomra í um thráthnóna is a bruis ’na láimh,

Is cár dheise ná crú na mbó í ’sí smóilín í an bhrollaigh bháin,

Do tharraingeodh samplaí coróinneach go róbhreá ar éadach cláir,

’Sí searc mo chroí ’s mo rún í ’sí mo stuairín í go bhfaighidh mé bás.

 

 

Casann Pádraig an t-amhrán seo ar dhlúth-dhiosca dar teideal ‘Seachrán Sí’ (Cló Iar-Chonnachta, CICD135) áit a luann sé beirt amhránaí eile Pádraig de Faoite agus Bríd Ní Núnáin (Bean Uí Chionnfhaolaidh) a raibh leaganacha suntasacha acu agus atá ar taifead i Roinn Bhéaloideas Éireann.

Luann Dónal Ó Súilleabháin pointe spéisiúil faoin rím. Deir sé:

The humble and unknown translators of such pieces knew Irish well, but their knowledge of English prosody was far to seek; and so, probably quite unconsciously, they imitated the assonance of their originals.’

Agus ansin tugann sé sampla den rud atá i gceist aige:

I said, ‘My charming crayture,

Be plaising to me and kind,

This moment is the saison

That engages my tender mind.

These rushes cost some labour,

’Tis plain that the like do grow;

Then grant me your kind favour,

Embrace me and aise my woe’.

 

Is trua, dar liom, go ndéanann daoine dearmad ar a leithéid seo, bíodh an t-amhrán i nGaeilge nó i mBéarla.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna