damhsoir 

 

 

 

 

 

 

 

!Viva los Cubanos!

 

 

Despite a crushing US blocade for almost forty years, Cuba enjoys almost full literacy and some of the best health services in Latin America. Darach Ó Tuairisg reports on an impoverished island people who still know how to dance

IS LÉIR cé a chaitheann an bríste i gCúba. Níl ómós faoi leith ann do na mná, agus tá a áit féin ag gach duine sa tír.

Is iad na mná a dhéanann an chócaireacht, an glanadh agus an obair tí. Amuigh faoin tuath, bíonn orthu go leor siúil a dhéanamh sa teas millteanach ag tarraingt uisce ón tobar. Chuala mé caint ann faoin éigniú taobh istigh den phósadh . . .

Is cosúil go bhfuil taithí ag na mná ar an saol seo, agus tá siad an-bhródúil as a gcuid fear. I dteach amháin a ndeachaigh muid ar cuairt ann, labhair muid le bean dhá bhliain is fiche, páiste óg aici. Dúirt cara liom léi nach bhfaca sé le píosa í. Dúirt sise go bródúil nár thug a fear céile cead di a bheith amuigh mar gheall nár thaitin sin leis. Tá a leithéid sin coitianta i gCúba.

Ní fhanann lánúnacha i bhfad le chéile. Is minic a imíonn na fir ó na mná agus iad ag súil leis an gcéad pháiste, gan iad ach 15 bliana b’fhéidir. Is annamh i gCúba an t-athair agus an mháthair chéanna ag deirfiúr agus deartháir.

Ar an taobh eile den scéal, bíonn na fir ag obair go crua le dollar a shaothrú le bia agus éadach a sholáthar dá gclann. Is rud é sin nach bhfuil éasca. An fear a phioc muide suas ag an aerfort, mar shampla, ba taxi ar an margadh dubh a fuair sé le muid a thabhairt chuig an teach.

Fernando a bhí air, agus is máinlia speisialta cúnaimh a bhí ann. Chuir sé ceathrar faoi scian an lá ar bhailigh sé muide ag an aerfort. Bhí sé a trí ar maidin nuair a d’fhág sé ag an teach muid, agus bhí triúr le cur faoi scian aige ag a 7.30 am.

$12 sa mí an pháigh a shaothraíonn Fernando ón stát. Ba pháigh coicíse dó muide a thabhairt ón aerfort chuig an teach. Bhí muide fós ar an leaba an chéad lá eile nuair a tháinig sé le muid a thabhairt timpeall na cathrach ar chúpla dollar eile.

Seachtain ina dhiaidh sin, chas a bhean linn, dochtúir eile, agus d’fhiafraigh mise di an dtaitníonn úllaí léi. Dúirt sí nár ith sí úlla le bliain, go raibh úllaí go hálainn, ach go raibh siad ródhaor, $1 an ceann. B’fhada go mbeadh úlla arís aici dar léi.

Tuairim is $12 sa mí a fhaigheann múinteoirí, dochtúirí, innealtóirí agus eile. Saothraíonn lucht freastail i bhfad níos mó ná sin sna hóstáin ar tips, lucht taxi ar an margadh dubh, agus daoine eile a bhíonn ag plé le turasóirí.

Sin é cás na ndochtúirí, ach cén saol atá ag na daoine nach bhfuil in ann obair ar bith a fháil? Níl aon dole ann. Chas ceathrar lads orainn in Pinar Del Rio, cathair bheag tuairim is céad míle ó Havana. Thug muid isteach i síbín iad le deoch a fháil dóibh. Cuireadh canna beorach amach os a gcomhair agus ní raibh siad in ann é a oscailt. Ní raibh canna acu riamh ina saol, lads idir 17 agus 20 bliain d’aois. Thuig mé bochtanas an tríú domhain an lá sin.

 

An Réabhlóid Abú

Bia, leigheas agus éadach, sin iad an trí rud is tábhachtaí do mhuintir Chúba. Seo hiad na rudaí bunúsacha a thugann an rialtas do na daoine, ach ní fhaigheann siad a ndóthain ná baol air.

Burger bun an duine sa ló, beagán ríse agus pónairí dubha. Dúirt cailín amháin liom go mbíonn ocras uirthi i gcónaí.

Tugann an rialtas éadach dóibh. Aithneoidh tú na daoine is boichte, mar is é an t-éadach céanna a bhíonn orthu ar fad: bróga bána, shorts buí agus t-léine bhándearg.

Níl mórán caoi ar na háiteacha cónaithe atá ag na daoine seo. Tá siad cosúil leis na tenaments i ndrámaí Sheán O’Casey ag tús an chéid i mBaile Átha Cliath. Maireann suas le cúigear i seomra 14 troigh faoi 16. Sa spás seo tá na seomraí codalta, leithreas, agus cistin.

Labhair muid le cailín 18 mbliana d’aois i dteach amháin. "Cá bhfuil do leaba?" arsa mise is mé i mo shuí ag an mbord. "Tá tú i do shuí aige," ar sí.

Bíonn ar dhaoine a gcuid éadach leapan féin a thabhairt leo chuig an ospidéal, bulb don solas, agus bia i gcomhair na tréimhse a mbeidh siad istigh.

Tá bia, éadach, lóistín agus eile in aisce ag na daoine seo, ach níl an saol chomh maith is ba dhóigh leat, cé go ndéarfadh Fidel Castro a mhalairt.

An é go bhfuil na daoine gruama mar sin? Beag an baol! Tá an-ghrá acu don cheol, agus ní fhaca mé damhsóirí chomh maith leo riamh.

Is cinnte go bhfuil oideachas ar na daoine freisin. Is fearr an t-eolas atá acu ar Éirinn ná atá againne orthusan. Tá dhá theanga ag go leor acu.

Tá an-ghrá acu don spóirt, agus an-chumas iontu chomh maith. Tháinig siad sa gcúigiú háit sna Olympics i 1992, agus bhuaigh siad 25 bonn in Atlanta ‘96. Deirtear gurb iad na dornálaithe is fearr ar domhan iad, leithéide Théofilio Stevenson a bhuaigh bonn óir sna hOlympics i 1972, ‘76 agus ‘80. Níl cead ag a gcuid laochra dornálaíochta troid go proifisiúnta, áfach, mar gheall ar pholasaí stáit.

Tá muintir Chúba an-oscailte faoi chúrsaí gnéis, agus déanann siad neart cainte ar an ábhar sin. Bhí muid sa gcarr lá le hathair agus mac. Chonaic an t-athair bean álainn uaidh. "Meastú an mbeadh sí go maith sa leaba?" a deir sé leis an mac. Ós ag caint ar chúrsaí gnéis é, níor mhór a rá go bhfuil an striapachas an-choitianta ann, cuma cá rachaidh tú.

Tréith láidir eile atá ag na daoine ná chomh groíúil is atá siad le chéile agus le stráinséirí. Thug muid píosa seacláide do leaid óg lá, agus thug sé dá dheartháir óg é gan fiú smaoineamh air.

Níl mórán de mhaoin an tsaoil ag muintir Chúba, ach tá go leor le foghlaim againne uathu. Tá siad in ann a bheith ag ceol, ag gáirí is ag damhsa, is cheapfá scaití ag breathnú orthu gurb iad na daoine is saibhre ar domhan iad. Sin rud nár thug an Celtic Tiger leis: nádúr an duine.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna