Ualach an Fhir Ghil

Jab do Jeaic

Iomarbhá na nOllamh

 

 

bertie

EADRAINN

the latest gossip

 

Scatháin, scatháin, ar an mballa

Cén polaiteoir is mó gan náire?

An é Nollaig Ó Diompsaigh, a chaith os cionn £8,000 d’airgead cánach ar ghrianghrafanna poiblíochta dó féin ón uair a fuair sé greim ar an merc? Chaith an rialtas £43,000 ar fad ar ghrianghrafanna den tsórt seo ó tháinig sé in oifig anuraidh. Ba é Ó Diompsaigh an fear is mó a chuaigh os comhair ceamara.

Ní hea, ná baol air. Fear a’ Chóta é féin, Bertie Ahern, a thagann ag barr an ranga. Ba é an costas a bhí ar smideadh don Taoiseach idir Márta agus Bealtaine i mbliana ná £3,608.85, de réir eolais a scaoil an rialtas faoi théarmaí an Achta um Shaoirse Eolais. Idir Feabhra agus Aibreán, caitheadh £1,496.23 ar ghrianghrafanna de ag ócáidí éagsúla.

Bille £11,000 a bhí ar phúdar do shrón an Taoisigh ó tháinig sé in oifig mí an Mheithimh anuraidh. San áireamh anseo tá seirbhísí Mharie McLoughlin, ‘ealaíontóir’ smidithe a fhaigheann £135 sa lá, gach lá.

Dá dhonacht iad Bertie agus a chriú, áfach, níl siad ach in áit na leithphingine i gcomórtas le rialtas Dick Spring ... gabh mo leithscéal, rialtas John Bruton. Bhí rí-rá agus ruaille buaille ann i 1996 nuair a fuarthas amach gur chaith na daoine uaisle seo £102,000 ar ghrianghrafanna díobh féin. An míniú é sin ar an bhfáth go bhfuil siad ag coinneáil an-chiúin faoi smidiú Bhertie?

Ualach an Fhir Ghil

Iomarbhá na nOllamh

 

Jab do Jeaic 

Comhghairdeas le Jeaic Ó Muircheartaigh, bainisteoir nuacheaptha réigiúin Raidió na Gaeltachta i gCúige Mumhan. "Cur leis an mbunchloch atá ann cheana, agus tógaint ar an bhfreastal de réir mar a bhíonn acmhainní againn," an aidhm a chuireann sé roimhe. Beidh jab aige, go háirithe i bhfianaise an réabadh a rinne Raidió Chiarraí ar lucht éisteachta ‘nádurtha’ RnaG i gCorca Dhuibhne le blianta beaga anuas.

Duine de na hiarrthóirí ab óige ar an bpost a roghnaíodh – tá 36 bliana slánaithe ag an Muircheartach . Rud a léiríonn, b’fhéidir, go dtuigeann bainistíocht an stáisiúin gur gá iarracht mhór a dhéanamh le cuid de na léitheoirí óga a chaill RnaG ó dheas a mhealladh ar ais.

Tá luaidreáin láidir san aer i mBaile na nGall go ndéanfar aiséirí ar An Saol Marbhánta Ó Dheas i sceideal an Fhómhair. Ná bac leis, muna bhfuil ann ach na pampooties, an tobac agus an píopa a thabhairt ar ais don chorpán. Instealladh 10,000 volt idir an dá chluas a theastaíonn má táthar chun an dé a choinneáil ann. An é Jeaic an mac chuige sin?

Ualach an Fhir Ghil

Jab do Jeaic

 

 

Iomarbhá na nOllamh

Ní suíochán compórdach a bhí ag an Ollamh le Teanga agus le Nua-Litríocht na Gaeilge i UCD, an tOllamh Breandán Ó Buachalla. Thuill sé gradam agus seasamh sa phobal acadúil as a scoláireacht, agus as an obair léannta a rinne sé. Chuaigh sé ar pinsean breis is dhá bhliain ó shin ach níor ceapadh a chomharba go fóill – san Fhómhar, deirtear.

Chomh maith lena chuid oibre mar scoláire, beidh cuimhne ar an mBuachaill – agus ar a leathbhádóir, an tOllamh le Gaeilge Chlasaiceach in UCD, Pádraig A. Breatnach – ar chúiseanna eile. Ba iomaí deighilt achrannach a roinn an Roinn lena linn, agus a d’fhág lucht na Gaeilge sa choláiste – go háirithe na mná – ina ndíol trua ag an aos léinn.

Ó d’imigh sé tá iomarbhá nua ag teacht chun cinn go mall, sé sin, an rás chun ceann de na príomhphostanna acadúla sa Nua-Ghaeilge a líonadh. Fógraíodh an folúntas san Earrach, agus cuirfear agallaimh ar iarrthóirí i rith mhí Mheán Fómhair.

Cuireadh faobhar nua ar an díospóireacht le déanaí nuair a rinneadh agóid phoiblí faoin ‘tsíleáil ghloine’ atá fós i réim do mhná sna túir eabhartha. Ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag gluaiseacht na mban sa saol i gcoitinne, níl ach dornán mná sna postanna acadúla is sinsirí.

Tuigtear dúinn go bhfuil triúr ban ar a laghad istigh ar an bpost, chomh maith le beirt fhear. Ar bhealach, bheadh trua agat do na hiarrthóirí. Más bean í a cheaptar sa phost, seans go mbeidh cuid de na bráithre ag gearáin gur ceapachán ‘polaitiúil’ atá ann. Más fear é, beidh na deirfiúracha ag rá nár athraigh tada ón gclochaois.

Cinneadh tromchúiseach a bheas le déanamh ag an mbord agallaimh mar sin. Is iad an tOllamh i Roinn na Nua-Ghaeilge i gCorcaigh, Seán Ó Coileáin; an tOllamh Breatnach in UCD; an tOllamh le Litríocht Angla-Éireannach in UCD, Declan Kiberd; agus an tOllamh le Sean-Ghaeilge in UCG, Máirín Ní Dhonnchadha.

 

Jab do Jeaic

Iomarbhá na nOllamh

 

Ualach an Fhir Ghil

Kevin Myers bocht. Ní ligeann colúnaí cróga an Irish Times do na fíricí teacht idir é agus a chuid claonta ciníocha. Níl sé i bhfad ó shin ó scaoil sé tufóg eile i dtreo Teilifís Michael D. Lorean, á rá nár chóir aon phingin eile a chur amú ar an eileafant bán "ar an mbóthar go Carna".

Le tamall de mhíonna anuas tá Máire Ní Chonláin as Gaelmedia ag tathaint ar Chaoimhín s’againne a chuid viosanna a chur in ord, instealladh i gcoinne malaria a fháil agus expedition beag Cois Fharraige a dhéanamh le scéal na teilifíse a iniúchadh ar an talamh. Rud nár mhiste, cheapfá, go háirithe ós rud é go bhfuil fonn chomh mór sin air scríobh faoin diabhal rud.

Ach, mo léan! Diúltaíonn sé i gcónaí cuairt a thabhairt ar an Síbín sóchúil úd ar an gcósta thiar. Uair amháin, dúirt sé léi nárbh fhéidir leis a theacht toisc nach raibh an clár feicthe aige. Ní raibh sé in ann TnaG a fháil agus níor mhaith leis dul ar chlár nach raibh feicthe aige. "Tá go maith," a deir Máire. "Cuirfidh mé físeán chugat."

Rud a rinne. Ghlaoigh sí ar ais air ina dhiaidh sin ach dúirt seisean léi go raibh cóisir bheag ar siúl aige sa gháirdín an lá sin agus gan a bheith ag cur isteach air. "Bhuel, tá súil agam go dtosóidh sé ag stealladh báistí, sa chaoi is go gcaithfidh sibh a ghabháil isteach. Beidh sibh in ann breathnú ar an bhfíseán ansin," a d’fhreagair Máire.

Níltear gan dóchas, áfach, go rachaidh Myers siar lá breá éicint le súil a chaitheamh ar an eileafant bán. Cá bhfios nach n-athróidh sé a phort ansin, faoi mar a rinne sé i dtaobh próiseas na síochána ó thuaidh? D’admhaigh sé go poiblí ina cholún go raibh sé mícheart amach is amach – "go huile is go hiomlán" – maidir leis na cinnirí poblachtánacha agus dúirt gur thuig sé anois go raibh siad i ndáiríre faoin tsíocháin. Codarsnacht iomlán leis na colúin bhinibeacha a scríobh sé faoi John Hume nuair a thosaigh seisean ag caint le Gearóid Mac Ádhaimh an chéad lá riamh

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Samplach | Nascanna