Litir as Boston.

 

Boston

An domhan áitiúil

the local world

Liam Ó Muirthile

 

Deirtear i gConamara gur túisce a chloistear seanchas nó biadán áitiúil thall i mBoston ná abhus i gConamara féin. Boston an chéad chathair mhór ar leag mórán den ghlúin sna fichidí cos inti. Glaoch áitiúil fóin trasna an   Atlantaigh, agus bíonn an nuacht go léir le fáil ón mbaile: gur éilíodh agus gur íocadh an pinsean seanaoise in oifig an phoist thar ceann an phinsinéara agus an corp fuar á thabhairt chun siúil san eileatram thar bráid. Tugann nameáin aire do na scéalta móra, an comhaontas síochána, an idirghabháil ónTeach Bán. Murach gréasán amháin acu áfach, ní shlánófaí an chiorcaid eile.Dá dhomhanda é an domhan is ea is áitiúla.An chéad mhaidin i Meiriceá dom, tá lámh uair an chloig chinn in Éirinn agus lámh na neomataí i gceantar Milton, taobh le Dorchester. Tá dubhspéis ag fear an tí mar a bhfuilim, i bhfilíocht Dháibhí Uí Bhruadair. Tá trí chéad bliainann ó cailleadh an Bruadrach, agus fiafraíonn sé cad tá beartaithe chun é achomóradh. B'fhéidir gur túisce a dhéanfaí é sin, leis, i Meiriceá ná in Éirinn.

Buailim amach ag siúl dom fhéin roimh a sé a chlog, agus sneachta cruaite fós carntha ar an talamh. Fiosracht agus caidreamh. Bainim amach caifé oíche d'oibrithe. Táim seanoilte ar na comharthaí sóirt, ar ghal na bhfuinneog, ar an solas leathmhúchta sin. Seasaim istigh lem mhuga tae le hais an chúntair, agus ní fada go mbíonn anamúlacht sa chomhrá. Bean ó Éirinn atá sa chistin, agus cuirtear in aithne dá chéile sinn. Ó Chois Fharraige í. Í ag déanamh ar na trí fichid agus Gaeilge aici. Tá a súile maidne lán de bhrón gan insint.

Tá aithne mhaith agam ar an mbaile i gConamara ina bhfuil deirfiúr di ag cur fúithi. Tá fiche bliain ann ó bhí sí sa bhaile go deireanach. Deirim léi go bhfuil an ceantar athraithe go mór, é ag bíogadh as an nua. Tá sí ar mhinicíocht phríobháideach a deoraíochta féin áfach, á rá gur beag oíchenach mbíonn sí ag taibhreamh ar Chois Fharraige. Cúlaíonn sí ó dhlúthaithne, munarb é nach bhfuil sí i ndán do bhreis den chumha go luath ar maidin. Tá súil aici go mbainfidh sí Sasana amach an samhradh seo chun tuairisc dearthár di atá imithe gan tuairisc a chur. Cuireann an nuacht faoin gcomhaontas síochána i dtuaisceart na hÉireann ardú meanman ar a bhfuil istigh. I gcaifé oíche i mBoston a thuigim den chéad uair, ceart ó bhonn an Tí Bháin a bheith lánghafa le cúrsa na síochána in Éirinn. Ní dheineann gníomh polaitiúil den cheart morálta i gcónaí áfach, agus tá creidiúint gan áireamh fós ag dul do na hÉireannaigh i Meiriceá a sheas an cúrsa agus a stiúraigh a bhfeachtas go cumasach ar son an chomhaontais.

Tá an Tuaisceart tar éis an dioscúrsa iomlán in Éirinn a chur as a riocht le triocha bliain, ar chuma teaghlaigh ina mbeadh tuismitheoir ar an drabhlás. Nuair a stadann sé bíonn faoiseamh ann, ach bíonn imní i gcónaí ann, más i gcúl an chinn féin é, faoin gcéad rabhait eile. Ach é bheith stadtha gobuan, agus gortghlanadh ó bhonn á dhéanamh aige, is ea a thuigtear an méid nach bhfuil comhlíonta i saol an teaghlaigh. Go minic, sé an saol normálta aceileadh ar an teaghlach – nuair a gheibheann siad léas ar annormáltacht – is measa leo, seachas an díobháil a deineadh.

Creidim anois go bhfuil sé in am athmhachnamh a dhéanamh ar na ceisteannacultúrtha atá i gcroílár phrionsabal chomhionannas na hurraime. Sé an chéadphrionsabal ná go mbeimis dílis dúinn féin. Ar shlí amháin, níl aon bhaint agSé Chontae an Tuaiscirt le croí na faidhbe, ach ag an Ulaidh ársa sin igContae Aontruma. Is féidir a áiteamh go dlisteanach agus go réasúnta guriarracht ab ea an chríchdheighilt ar thoisí 'Ulaidh' Aontroma a shíneadh i gculaith chúig chontae eile ina raibh meánmhóramh náisiúntóirí dá gcuirfí Muineachán, an Cabhán, agus Dún na nGall san áireamh. Níor thuigeas féin é sin i gceart go dtí gur sheasas ar Eilean Sgitheanach le Somhairle MacGillEathain tráth agus é ag eachtraí do ghrúpa againn i dtaobh oiliúint Chú Chulainn. Bhraitheas ar Eilean Sgitheanach nach rabhas ach coiscéim amháin ó Ulaidh ársa Chú Chulainn.

Má tá luí sinseartha, aiceanta ag an Ulaidh ársa sin le hAlbain – go bhfuil oiread de cheart ag Somhairle MacGillEathain ar chúrsa léinn dara leibhéal agus atá ag Louis MacNeice, mar shampla – níor cheart go gcuirfí an dioscúrsa cultúrtha sa chuid eile d'Éirinn as a riocht ar mhaithe le clár nacomhurraime i dtuaisceart na hÉireann. Sí an díospóireacht chultúrtha sin istábhachtaí ar fad anois. Siad an Bhriotáin, an Eoraip, Boston, Talamh anéisc, mórán áiteanna eile i Meiriceá, áiteanna i Sasana, a chomhlíonann traidisiúin phobail agus chultúir na hÉireann. Ar an taobh eile is mó de luí nádúrtha atá ag pobail i mBaile Átha Cliath le Learpholl ná le Baile na hAbhann.

Ceann de na torthaí a fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontas síochána ná ármeon a fhuascailt ón machnamh cúng aonadach atá teanntaithe ró-mhór ag teorainneacha críche. Bheadh sé místuama áfach, a cheapadh go bhfuil dualgas sainiúil anois ar institiúidí cultúrtha ar nós TnaG, cúram ar leith a dhéanamh den Tuaisceart gan na míreanna eile den mhapa náisiúnta a chur go dlúth san áireamh. Níor cheart an bhean ó Chois Fharraige atá ar deoraíocht sa chaifé oíche i mBoston a dhearmad, ná go deimhin Dáibhí Ó Bruadair

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Samplach | Nascanna