| [Siar / Back] | ||
|
Dialann Beachaireachta An Domhnach, 6 Deireadh Fomhair, 2002Beathú na mbeach don gheimhreadh le Breandán de Róiste An cúigiú lá déag de Dheireadh Fomhair an lá a mbímse ag súil leis an gcéad sioc crua den gheimhreadh agus muna mbeidh stór maith bia istigh ag beacha faoin am sin is ar éigean a mhairfidh siad go dtí an t-earrach. Le cúpla lá anuas táim ag iarraidh lacht siúcra a chur amach ar na cruiceoga sin atá éadrom faoi láthair agus ag baint na ngreillí cránach de na cinn a bhfuil mil iontu ós cionn na nide sna súpair. Táim chomh mór sin chun deiridh i mbliana is nach bhfuil ar intinn agam ach bosca meala amháin a bhaint de na cruiceoga sin a bhfuil mil iontu agus an chuid eile a fhágáil acu féin. Ar cuaird dom chuig roinnt cruiceoga atá agam i mBaile an Bhóthair, Condae na Mí, ba léir dom go raibh siad uilig stiúgtha le hocras. D'aireofa an triomach sa chruiceog. I slí éigin nuair a bhíonn a ndóthain meala acu bíonn sé le feiceáil: cíora ramhra bána agus céir gach aon áit idir na frámaí agus an clár mullaigh agus brat tiubh beacha gach aon áit. Níorbh amhlaidh an uair seo. Ba léir gur láthair ghorta a bhí i ngach ceann de na cruiceoga sin agus bhí an t-ádh orm a bheith in am -- má bhí! -- chun dhá ghalún lacht siúcra a thabhairt dóibh. Na cruiceoga atá agam sa bhaile anseo ní rabhadar chomh dona sin. Cúpla bosca meala ar roinnt mhaith acu. Cé gur tús mhí Dheireadh Fomhair atá ann tá an aimsir go hiontach le tamall anuas. Is é an faraoir géar gur san fhomhar atá an aimsir mhaith ag teacht agus nach i míonna na meala, Bealtaine, Meitheamh, agus Iúil, cé go gcloisim daoine á rá gur bhain siad mil den bhfraoch. Obair mhór is ea í céad meachain siúcra a mheascadh le huisce chun sioróp a dhéanamh. Tamall ó shin fuair mé baraille stainless steel (cén Ghaeilge atá air sin?) agus chuir mé inneall ó mheasín níocháin faoi agus an t-agitator san urlár. Chuir mé an t-iomlán suas ar fhráma chun go seasfadh sé uaidh féin. Is iontach an gléas é. Cuirim sé chílo déag d'uisce de réir meachain le 25 cílo siúcra. Tá's agam go moltar 2:1 -- dhá chílo siúcra in aghaidh cíló uisce ach le huisce fuar is é an taithí atá agamsa go bhfágtar cuid mhaith siúcra ag bun an bhuicéid nuair nach mbíonn ach 14 chíló uisce sa mheascán. Faighim ceithre bhuicéad dhá ghalún an ceann ó 25 cíló siúcra ar an dóigh sin agus is leor sin le ceithre chruiceog a bheathú -- muna mbeidh siad giortach stiúgtha ar fad. Maidir le "feeder" chun an sioróp a thabhairt do na beacha is breá liom an Ashforth Feeder. Cineál trádaire atá ann a bhfuil comhla cliste ag taobh amháin de a ligean do na beacha teacht ar an sioróp gan dul á mbá ann. Tá leaganacha beaga saora den feeder céanna ar fáil atá chomh maith céanna ach go gcaithfidh tú dul chucu níos minicí chun iad a líonadh. Ní bhainim feidhm ar bith as na buicéid sin a bhíonn ag brath ar fholús chun an sioróp a choinneáil istigh iontu agus iad bun os cionn ar an gclár mullaigh. Is dóigh liom go gcailltear a lán sioróip uathu-san. Deich lá atá fágtha agam le cothú na mbeach a chríochnú don bhliain seo agus tá a fhios agam go bhfuilim go mór chun deiridh. Mar sin féin is fearr déanach ná go ......? Cad é an focal atá in easnamh? |
||