NA CEACHTANNA EO FEASA Homepage (English)
Read this in English Clár Cinn i nGaeilge
 
Na Ceachtanna
 
Scrúdaithe -- Teastas Sóisireach -- Ardteistiméaracht -- Scrúduithe Ollscoile
Leabhra Gramadaí -- Foclóirí Béarla-Gaeilge / Gaeilge-Béarla
 
Leibhéal na gCeachtanna
 

Tá ceachtanna Gaeilge le fáil ar an láithreán seo ar leathanaigh difriúla ag cúig leibhéal. Leanann na leibhéil seo na cúrsaí Gaeilge a bhíonn ar fáil i scoileanna Phoblacht na hÉireann. Buail ar Tosaigh anseo chun dul chuig liosta na gceachtanna. As sin is féidir leat dul ó cheacht go ceacht gan stró.

Diaidh ar ndiaidh a bheidh an suíomh á thógáil mar sin bí foighneach linn.Tógfaidh sé tamall orainn ceachtanna a scríobh agus a chur ar fáilanseo.Beimid ag cur leo de shíor, á scríobh agus á n-athscríobh. Cuirfimid fáilte roimh do chomhairle.

  1. Bonnleibhéal, oiriúnach do thosaitheoirí. Is anseo a bheidh na pointi gramadaí is tábhachtaí agus is bunúsaí le fáil.

  2. Teastas Sóisireach Gnáthleibhéal, oiriúnach dóibhsean a bhfuil tús curtha leis an bhfoghlaim acu agus fonn orthu feabhas a chur ar a gcuid eolais;
  3. Ardteistiméaracht Gnáthleibhéal, dóibhsiúd a bhfuil fairsingiú foclóra, nathanna comhrá, agus daingniú ar an ngramadach bhunúsach uathu;
  4. Teastas Sóisireach Ardleibhéal, oiriúnach dóibhsiúd a bhfuil foclóir fairsing, téarmaíocht an lae inniú, cora cainte, claoninsint, agus cruinneas gramadaí níos leithne uathu;
  5. Ardteistiméaracht Ardleibhéal.Seo é an leibhéal is airde. Glactar leis go bhfuil cuid mhaith de ghramadach na teanga agus foclóir measartha fairsing ag scoláirí an leibhéil seo. Beidh na ceachtanna gramadaí ag an leibhéal seo an-oiriúnach dóibh-siúd atá ag iarraidh a gcuid eolais a dhoimhniú agus a leathnú.
 
Leabhra Gramadaí agus Foclóirí Gaeilge
 
Tá liosta de na leabhra gramadaí agus na foclóirí
a mholaimid ar an leathanach
Modh Múinte.
 
This page in English Barr an leathanaigh Ceartú aistí
An duitse é seo? Réamhrá Modh Múinte
List of Lessons Eo Feasa féin An Ghaeilge féin
Seirbhísí eile Nuacht Eo Feasa An chaoi le clárú
Coinníollacha Foirm Iarratais Scimigh leat! Slán!
 
CÓIPCHEART © EO FEASA 1999