I ngeall ar bhrú oibre tá deireadh á chur agam leis an tseirbhís seo. Iarrtar ar scoláirí a chláraigh linn go dtí seo a gcuid oibre a sheoladh chugainn mar is gnách. Ní ghlacfar le scoláirí nua áfach.
Tá ar intinn agam leanacht orm ag foilsiú leathanaigh ar ghramadach na Gaeilge ar an láithreán seo agus cuirfidh mé fáilte roimh mholtaí maidir le bealaí a bhféadfaí feabhas a chur ar an suíomh. Ní gá dhom a rá ach go bhfáilteoidh mé i gcónaí roimh cheartúcháin ar bhotúin de mo chuid féin sna míniúcháin.
|