AN GHAEILGE EO FEASA Homepage (English)
Read in English Clár Cinn i nGaeilge
 
 

AN GHAEILGE

 
Teanga Ársa Cheilteach -- Stádas na Gaeilge -- Meath na Gaeilge

Athbheochan -- Canúintí -- An Caighdeán Oifigiúil

 
Teanga Ársa Cheilteach
Bhíodh treibheanna Ceilteacha ina gcónaí ar fud iarthar na hEorpa in allód. Iad go léir gaolmhar lena chéile agus a dteangacha an-chosúil lena chéile. Níl fágtha beo de na teangacha sin anois ach sé cinn. Roinntear iadsan in dhá roinn Q-Cheilteach agus P-Cheilteach. Bíonn an fhuaim "P" in úsáid ag na teangacha seo: An Bhriotáinis in Iarthuaisceart na Fraince; An Bhreathnais sa Bhreatain Bhig; agus an Choirnis in Iardheisceart Shasana. Cloistear "C" sna teangacha seo: An Ghaidhlig in Albain; an Ghaelg in Oileán Mhanann; agus an Ghaeilge in Éirinn.
Stádas na Gaeilge
Labhraítear dhá theanga i measc seanbhunadh na tíre in Éirinn inniú, an Ghaeilge agus an Béarla. Is í an Ghaeilge an "chéad teanga oifigiúil" i bPoblacht na hÉireann de réir an Bhunreachta. Múintear í sna scoileanna go léir, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Is ábhar léinn í sna hollscoileanna in Éirinn agus in ollscoileanna áirithe ar fud an domhain. Is ábhar roghnach í i gcuraclam scoileanna na Breataine. Maíonn duine as triúr i bPoblacht na hÉireann go bhfuil a bheag nó a mhór de Ghaeilge acu agus léiríonn beirt as triúr báidh leis an teanga. Tá dhá shruth le sonrú i saol na Gaeilge: meath agus athbheochan.
Meath na Gaeilge
 
Bhí tráth ann nuair a labhraíodh an Ghaeilge mar phríomhtheanga agus mar aonteanga ar fud na hÉireann uile. Leath sí go hIarthar na hAlban, go hOileán Mhanainn, agus fiú go hIarthuaisceart Shasana mar a bhfuil a rian le fáil i logainmneacha go fóill. Cé gur thug Lochlannaigh, Normannaigh, agus Sasanaigh a dteangacha féin leo isteach sa tír in ionraí iomadúla bhí an pobal dúchasach, na Gaeil, fós ag labhairt na Gaeilge sa 17ú aois.
Concas, Coigistiú, agus Cóilíniú
San aois sin briseadh ar chumhacht na dTaoiseach nGaelach agus scriosadh an seanchóras dlí, Dlíthe na mBreithiún. Chuir na Sasanaigh rompu Éire a chur faoi chois agus d'imir siad gach beart chun na críche sin: cogadh agus concas; mealladh "géill agus athdheonú"; coigistiú talún agus plandálacha; glantachán eitneach "go Connacht nó go hIfreann" agus "díbirt thar tír amach chuig na cóilíneacha Breataineacha thar lear"; apartheid a cleachtaíodh in Éirinn faoi na Péindlíthe. Cá hionadh gur lean gorta agus imirce an stair léanmhar sin go dtí sa deireadh nach raibh sna Gaeil a fágadh beo ach íseal-aicme gan cumhacht.
Pobal labhartha na Gaeilge
Cá hionadh ach oiread gur cuireadh iachall ar an bpobal a labhair Gaeilge ó dhúchas éirí as má bhí fonn orthu maireachtáil ar chor ar bith faoi réimeas na nGall nó dul thar lear go dtí an tOileán Úr. B'éigean do Ghaeil a dteanga a thréigean dá n-ainneoin féin agus Béarla a fhoghlaim agus a labhairt dá m'áil leo feidhmiú ar chor ar bith faoin gcóras nua. Ní raibh an dara rogha acu. Inniú níl fágtha de sheanphobal labhartha na Gaeilge traidisiúnta ach na Gaeltachtaí mar a bhfuil an teanga fós á labhairt ag cuid mhór daoine. Ba bheag nár díothaíodh an Ghaeilge ar fad mar theanga labhartha taobh amuigh den Ghaeltacht.
An Dátheangachas
Ba bheag nár díothaíodh ach maireann sí fós mar theanga labhartha i dteaghlaigh áirithe ar fud na tíre. Aithnítear "Gaeilgeoirí" agus "Teaghlaigh Ghaelacha" in gach baile in Éirinn. Le blianta beaga anuas tá dlús á chur le bunú Gaelscoileanna a mhúineann gach ábhar trí mheán na Gaeilge agus is ar éileamh ó thuismitheoirí a bhunaítear iad. Is léir go bhfuil beocht úr ag teacht sa náisiún Gaelach agus is cinnte go gcuideoidh Teilifís na Gaeilge agus na Gaelscoileanna leis an meath a stopadh.
 
Athbheochan
 
19ú/20ú Aois
Tosaíodh ar iarrachtaí chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochan sa naoiú agus sa bhficheadú aois. D'éirigh go maith leis na feachtais sin sa pholaitíocht, san oideachas, sa bhfoclóireacht, sna meáin, agus, le deireannas, sa tráchtáil.
Bunreacht na hÉireann
Tugann Bunreacht na hÉireann stádas "Chéad Teanga Oifigiúil" don Ghaeilge agus tugann na páirtithe polaitiúla go léir tacaíocht do chaomhnú agus cur chun cinn na teanga mar theanga bheo. Tugtar aitheantas do stádas na Gaeilge chomh maith i gComhaontú Angla-Éireannach Aoine an Chéasta.
Oideachas
Múintear Gaeilge sna scoileanna go léir i bPoblacht na hÉireann, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Is ábhar léinn í sna hollscoileanna in Éirinn agus in ollscoileanna áirithe ar fud an domhain. Is ábhar roghnach í i gcuraclam scoileanna na Breataine.
Foclóirí
Tá staidéar á dhéanamh de shíor ar an teanga labhartha agus ar Ghaeilge na leabhar is na láimhscríbhinní agus tá foclóirí á bhfoilsiú de réir a chéile. Chomh maith leis sin tá CoisteTéarmaíochta sa Roinn Oideachais a chuidíonn le téarmaíocht nua a cheapadh don saol atá inniú ann.
Na Meáin Chumarsáide
Craolann Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, agus Teilifís na Gaeilge trí Ghaeilge agus bíonn cláracha i nGaeilge ar RTÉ agus ar na stáisiúin raidió logánta. Nuachtáin i nGaeilge is ea agusFOINSE agus tá irisí ar fáil ar ábhair sainspéise chomh maith. Tugann SAOL cuntas ar imeachtaí lucht na Gaeilge sa tír.
Tráchtáil
Is iomaí siopa mór anois a bhfuil fógraí dhátheangacha ar crochadh acu agus is iontach an t-ábhar dóchais don Ghaeilgeoir é.
Gaelscoileanna
Thar aon ní eile is iad na scoileanna lán-Ghaelacha inarb í an Ghaeilge an teanga teagaisc agus teanga an chlóis an comhartha is fearr go bhfuil borradh arís faoi ghluaiseacht na Gaeilge ar bhealach nua. Tá na Gaelscoileanna seo an-líonmhar anois cé go bhfuil an t-uafás eile díobh le bunú sula mbeidh toradh le feiceáil.
An Dátheangachas
Leis an rathúnas atá sa tír faoi láthair ní gá do lucht na Gaeltacta ná lucht labhartha na Gaeilge dul ar imirce. Fágann sin go mbeidh líon na ndaoine óga dhátheangacha ag dul i méid agus iad bródúil as a dtír is as a dteanga.
 
Canúintí
 
Fearacht teanga ar bith ar domhan ní hionann an tslí a labhraítear an Ghaeilge in gach áit sa tír. Is furasta a aithint cárb as do chainteoir Gaeilge óna bhlas, ó na focail a úsáideann sé, agus ón ngramadach atá aige. Tá difríochtaí beaga sa bhfoghraíocht, sa bhfoclóir, agus sa ghramadach idir Canúint Uladh, Canúint Chonnacht, agus Canúint na Mumhan gan trácht ar Chanúint na bhFoghlaimeoirí. Níl deacracht dá laghad ag muintir na nGaeltachtaí éagsúla cainteoir maith Gaeilge ó áit ar bith sa tír a thuiscint anois ón taithí atá acu ar Raidió na Gaeltachta agus Teilifís na Gaeilge
 
An Caighdeán Oifigiúil
 
B'éigean don Rialtas rogha a dhéanamh idir fhoirmeacha éagsúla na gcanúintí chun go mbeadh cinnteacht ann maidir le ceart na Gaeilge Oifigiúla. Seo iad na foirmeacha is coitianta sna canúintí go léir. Chomh maith leis sin rinneadh simpliú ar an litriú chun go mbeadh an focal a scríobhtar níos cóngaraí don bhfocal a deirtear. Cuiream i gcás deirtear "litriú" ach bhítí ag scríobh "litriughadh" anuas go dtí na caogaidí (ach go mbíodh "ponc" os cionn an g agus an d in áit an h).
 
Rábhadh
 
Ba chóir a thuiscint nach gcuireann an Caighdeán Oifigiúil Gaeilge na nGaeltachtaí ó mhaith. Baineann an caighdeán le hoifigí agus le dlí agus le gnótha oifigiúla. Tá lán-chead ag an scríbhneoir Gaeilge tarraingt ó chanúint ar bith agus má tá leagan nó abairt ceart i gcanúint ar bith glacfar leis i scrúduithe Gaeilge. Ní chuireann an Caighdeán Oifigiúil isteach ar na canúintí. A mhalairt. Saibhríonn sé iad agus tarraingíonn sé astu.
 
EO FEASA
Múinimidne an Caighdeán Oifigiúil anseo ach tá tuiscint agus meas againn ar na canúintí go léir agus beimid in ann comhairle a chur ort maidir le ceart na Gaeilge i gcanúint ar bith.
 
[ Barr an leathanaigh seo ] [ Read in English / Léigh i mBéarla ] [ Clár Cinn i nGaeilge ]
 
CÓIPCHEART © EO FEASA 1999