EO FEASA CEACHT / LESSON 105 BASIC LEVEL / BONNLEIBHÉAL

An príomhoide ag geata na scoile

Príomhoide:: Seo libh a bhuachaillí, déanaigí deifir. Brostaígí. Tá sibh déanach.
Colm: Tá go maith, a mhúinteoir. Gabh mo leithscéal. Tá brón orm
Pádraig: (os íseal) Ara, ná bac leis. Nílimid déanach.
Príomhoide: A Phádraig. Éist liom! An bhfuil tusa ag caitheamh toitín?
Pádraig: Mise, a mhúinteoir?
Príomhoide: Is ea! Tusa! Múch an toitín sin. Téigh isteach sa scoil agus fan ormsa ag an oifig.
Pádraig: (os íseal) Óra, smoladh ort, a phleidhce.
Príomhoide: A Choilm, cá bhfuil do mhála scoile?
Colm: Sa bhaile, a mhúinteoir.
Príomhoide: Sa bhaile? Más ea abhaile leat arís agus faigh é. Ná tar ar scoil gan do leabhra.
Colm: Tóg bog é, a mhúinteoir. Glac go réidh é. Níl ceachtanna againn inniú. Táimid ag dul ar thuras scoile. Ná bíodh fearg ort i gcónaí. Téigh isteach tú féin, a mhúinteoir. Suigh síos agus lig do scíth.
Príomhoide: Seo, is leor sin de do dheiliús! Isteach libh.


Príomhoide: Seo libh a bhuachaillí, déanaigí deifir. Brostaígí. Tá sibh déanach.
Colm: Tá go maith, a mhúinteoir. Gabh mo leithscéal. Tá brón orm
Pádraig: (os íseal) Ara, ná bac leis. Nílimid déanach.
Príomhoide: A Phádraig. Éist liom! An bhfuil tusa ag caitheamh toitín?
Pádraig: Mise, a mhúinteoir?
Príomhoide: Is ea! Tusa! Múch an toitín sin!
Téigh isteach sa scoil agus fan ormsa ag an oifig.
Pádraig: (os íseal) Óra, smoladh ort, a phleidhce.
Príomhoide: A Choilm, cá bhfuil do mhála scoile?
Colm: Sa bhaile, a mhúinteoir.
Príomhoide: Sa bhaile? Más ea abhaile leat arís agus faigh é. Ná tar ar scoil gan do leabhra.
Colm: Tóg bog é, a mhúinteoir. Glac go réidh é. Níl ceachtanna againn inniú. Táimid ag dul ar thuras scoile. Ná bíodh fearg ort i gcónaí. Téigh isteach tú féin, a mhúinteoir. Suigh síos agus lig do scíth.
Príomhoide: Seo, is leor sin de do dheiliús! Isteach libh.

 

Exercises
Cleachtaí
Homepage
Site Map
Top
Barr
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin