| EO FEASA | CEACHT / LESSON | 106 | BASIC LEVEL / BONNLEIBHÉAL |
Scéal Sheáin: "Mar a chaith mé an Satharn seo caite."

| Is maith liom an Satharn.
Dé Sathairn seo caite d'fhan mé sa leaba go dtí a deich a chlog. Bhí mé i mo chodladh go sámh ach dhúisigh mé agus d'éirigh mé nuair a bhuail an clog aláraim. Isteach liom sa seomra folctha agus nigh mé mé féin. Chuir mé mo chuid éadaí orm, geansaí, péire jíons, agus bróga reatha. Chuaigh mé go dtí an chistin ansin agus rug mé ar bhosca Weetabix. Dhoirt mé steall bainne ar an mbrioscóg, chraith mé dhá spúnóg siúcra uirthi agus d'ith mé go tapaidh í. Chuala mé mo Dheaid ag teacht ar ais ón siopa sa charr. Tháinig sé isteach agus d'iarr sé orm lámh chúnta a thabhairt dó. Thug mé na málaí grósaerachtaí isteach ón gcarr dó agus chabhraigh mé leis iad a chur i dtaisce. Nuair a bhí an obair críochnaithe againn rinne mé glao gutháin ar chara liom, Aingeal. Chonaic mé ag an dioscó í ar an Satharn roimhe sin agus theastaigh uaim coinne a dhéanamh léi. Dúirt mé léi go raibh mé ag smaoineamh uirthi! Is ea! Is aoibhinn liom an Satharn.
|

| Exercises Cleachtaí |
Homepage Site Map |
Top Barr |
Lesson Index Ceachtanna eile |
Clár cinn an Láithreáin |