EO FEASA CEACHT / LESSON 107 BASIC LEVEL / BONNLEIBHÉAL

Chuir Seán glao gutháin ar Aingeal. Ró-dhéanach!

Seán: Heileó. A Aingeal?
Aingeal: Is ea! Dia dhuit, a Shéain
Seán: Cén chaoi a raibh an tseachtain agat?
Aingeal: Go hiontach. Conas a bhí agat féin?
Seán: Ar fheabhas. Bhí mé ag smaoineamh ort.
Aingeal: An raibh anois!
Seán: Bhí! An ndeachaigh tú faoin tuath ar an Domhnach mar a dúirt tú?
Aingeal: An ndúirt mé é sin leat? Ní dheachaigh! Chuaigh mé go Baile Átha Cliath ag siopadóireacht le mo mháthair.
Seán: Dáiríre? Ar cheannaigh tú aon rud deas?
Aingeal: Ná bí fiosrach! Fuaireamar roinnt bronntanas Nollag. An bhfaca tú Colm ó shin?
Seán: Cé atá i gceist agat? Colm Ó Dálaigh? Chonaic ach ná bac leis sin. Leibide is ea é.
Aingeal: Shíl mise gur chara mór leatsa é.
Seán: Bhuel! Is ea agus ní hea. Ar chuala tú an diosca nua le Westlife?
Aingeal: Níor chuala. An bhfuil sé go maith.
Seán: Fuair mise inné ó . . . ó mo dheartháir é. Tá sé go han-mhaith.
Aingeal: Do dheartháir nó an bhuíon ceoil? Nílim ach ag magadh. An ndearna tú mórán oibre i rith na seachtaine?
Seán: Á stop! Ní dhearna. Thug an t-ollamh aiste fada dúinn agus níl sé críochnaithe fós agam. Cad fút féin?
Aingeal: Bhí seachtain an-deas agam.
Seán: Inis dom.
Aingeal: Bhuel! Tháinig glao gutháin ó Cholm ar an Luan agus d'iarr sé amach mé
Seán: Colm?
Aingeal: Is ea! Bhí sé ag an dioscó an oíche úd. Thug sé chuig bialann mé agus d'itheamar pizza le chéile. Thaitin an béile go mór liom. Tá Colm an-deas.
Seán: Muise! Tá má tá!
Aingeal: Céard atá ort, a Sheáin? Tá tú éirithe an-chiúin. Ná habair go bhfuil éad ort?
Seán: Gabh mo leithscéal, a Aingeal. Caithfidh mé imeacht. Tá mo Dheaide ag iarraidh dul ar an idirlíon. Slán agat.
Aingeal: Slán, a Sheáin. Feicfidh mé arís thú.

Exercises
Cleachtaí
Homepage
Site Map
Top
Barr
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin