EO FEASA CEACHT / LESSON 108 BASIC LEVEL / BONNLEIBHÉAL
     
Agallamh le hIarmhúinteoir Scoile
     
Eo Feasa Dia dhuit, a Eoin.
Eoin Dia's Muire dhuit, a Bhreandáin.
Eo Feasa Tá tú tar éis éirí as do phost? Conas atá agat?
Eoin Tá. Táim go hiontach, buíochas le Dia.
Eo Feasa An airíonn tú uait an obair?
Eoin Muise! Ní airím. Airím uaim comhluadar na múinteoirí eile agus airím uaim an spraoi leis na daltaí sa rang ach ní airím uaim an t-amchlár is an smacht is an obair iar-ranga, an t-ullmhúchán is an ceartúchán.
Eo Feasa An dtaitníonn an saol atá anois agat leat?
Eoin Taitníonn go mór. Tá sláinte mhaith agam buíochas le Dia agus cuirim suim in an-chuid rudaí difriúla. Léim na páipéir nuachta. Téim ar an idirlíon agus bím ag comhrá le cairde ar fud an domhain. Téim chuig an tábhairne le mo chairde anois is arís.
Eo Feasa Cloisim go seinneann tú ceol?
Eoin Seinnim. Is maith liom an bheidhlín agus táim le blianta fada ag iarraidh í a sheinm. Nílim ró-mhaith chuige ach is breá liom an comhluadar a ghabhann leis an gceol. Tugann sé leithscéal dom dul ar fud an domhain ag seinm le grúpaí ceoil.
Eo Feasa Caithfidh go bhfuil tú go maith mar sin.
Eoin Nílim ró-dhona.
Eo Feasa Conas a chaitheann tú an lá?
Eoin Éirím go moch gach maidin. Timpeall a hocht a chlog. Ullmhaím bricfeasta dom féin agus don chlann. Uaireanta is í mo bhean a ullmhaíonn an bricfeasta. Téim chuig an ríomhaire ansin tar éis an bhricfeasta agus léim na ríomhphoist
Eo Feasa Cad a dhéanann tú ina dhiaidh sin
Eoin Suím isteach sa charr agus tiomáinim liom go dtí an t-ionad siopadóireachta mór atá tuairim is cúig mhíle uainn. Gleann na Life.
Eo Feasa An gceannaíonn tú mórán?
Eoin Brathann sé ar an lá. Uaireanta ceannaím soláthairtí an tí don tseachtain. Uaireanta eile ní cheannaím ach roinnt sólaistí as Marks and Spencer. Bíonn trataí áille agus rudaí deasa eile acusan nach mbíonn ar fáil coitianta. Bíonn rogha iontach sna siopaí anseo.
Eo Feasa Cad faoin lón?
Eoin Uaireanta caithim an lón amuigh ach ní ithim mórán. Caithfidh mé bheith ag faire ar mo mheáchan deirtear liom. Faraor géar.
Eo Feasa An dtugann tú fón póca leat?
Eoin Tugaim! Mo léan! Cuirim mo mhallacht air mar fhón póca. Is minic a bhuaileann sé ag tráth mí-oiriúnach.
Eo Feasa An bhfuil aon obair ar siúl agat?
Eoin Níl mórán. Scríobhaim corr-alt don raidio nó do na nuachtáin agus bím ag cleachtadh liom ar an bheidhlín ar feadh uair nó dhó gach lá. Sin mar a chaithimse mo shaol na laethanta seo.
Eo Feasa Go raibh maith agat as mo chuid ceisteanna a fhreagairt.
Eoin Tá fáilte romhat.
     
Exercises
Cleachtaí
Homepage
Site Map
Top
Barr
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin