|
|
Stéibh
d'amhrán: Tiocfaidh an samhradh |
|
|
|
Tiocfaidh
an samhradh agus fásfaidh féar |
|
Tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh |
|
Tiocfaidh mo rúnsearc le bánú an lae
|
|
Agus buailfidh sí tiún suas le cumha i mo
dhéidh. |
|
|
|
Amhrán: Beidh
aonach amárach i gContae an Chláir |
|
|
|
|
|
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir |
|
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir |
|
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir |
|
Cén mhaith dhom é ní bheidh mé
ann |
|
|
|
|
|
Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh
mé |
|
Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh
mé |
|
Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh
mé |
|
A mhuirnín ó, ná héiligh é
|
|
|
|
|
|
Níl tú a deich ná a haon déag
fós |
|
Níl tú a deich ná a haon déag
fós |
|
Níl tú a deich ná a haon déag
fós |
|
Nuair a bheidh tú trí déag beidh tú
mór |
|
|
|
Is a mháithrín, ... |
|
|
|
|
|
Táimse i ngrá le gréasaí bróg |
|
Táimse i ngrá le gréasaí bróg |
|
Táimse i ngrá le gréasaí bróg |
|
Mura bhfaighe mé é ní bheidh mé
beo |
|
|
|
Is a mháithrín, ... |
|
|
|
|
|
B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg |
|
B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg |
|
B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg |
|
Ná oifigeach airm faoi lásaí óir |
|
|
|
Is a mháithrín, ... |
|
|