CEACHT 301 |
EO FEASA |
LESSON 301 |

| Homepage Site Map |
Lesson Index Ceachtanna eile |
Clár cinn an Láithreáin |

| Seo í an cheist cheapadóireachta ón bpáipéar gnáthleibhéal Gaeilge i Scrúdú na hArdteistiméarachta, 1999. Tá rogha naoi n-ábhar ceapadóireachta ann duit: giota leanúnach, scéal, litir, nó comhrá. Bain triail as ceann amháin díobh a scríobh. Cláraigh linn agus seol chugainn é. Marcálfaimid duit é agus seolfaimid leagan samplach chugat. |
| This is the composition question from the Leaving Cert Ordinary Level Paper, 1999. Try one of the nine topics. Enrol with us and send it to us for correction. See how well you could do. Read our version for comparison. |
AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA
SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA, 1999
GAEILGE - GNÁTHLEIBHÉAL - PÁIPÉAR 1
(220 marc)
DÉ hAOINE, 11 MEITHEAMH - TRÁTHNÓNA, 1.30 go dtí 3.30
(Ní mór do na hiarrthóirí cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga.
Caillfear marcanna trí bheith faillíoch ann.)
Ceist 1 agus Ceist 2 a fhreagairt.
|
Freagair do rogha dhá cheann de A, B, C, D anseo.
| A | GIOTA LEANÚNACH | (60 marc) |
Scríobh giota leanúnach (leathleathanach nó mar sin) ar cheann amháin de na hábhair seo:
| (i) | An ceoltóir (nó an grúpa ceoil) is fearr liom. | |
| (ii) | Rudaí a chuireann fearg orm. | |
| (iii) | Múinteoirí. |
B -- SCÉAL -- (60 marc)
Ceap scéal (leathleathanach nó mar sin) a mbeidh ceann de na sleachta seo a leanas oiriúnach
mar thús leis:
(i) "Dhúisigh mé i lár na hoíche. Bhí mé i m'aonar sa teach. Chuala mé torann éigin thíos fúm sa chistin ..."
nó
(ii) "`Fuair mé glao teileafóin ó do mháthair,' arsa an príomhoide liom. Caithfidh tú brostú abhaile
láithreach.' ..."
C -- LITIR - - (60 marc)
(i) Tá tú ar saoire thar lear le cara leat. Scríobh an litir (leathleathanach nó mar sin) a chuirfeá chuig do
thuismitheoirí ag insint dóibh faoin tsaoire sin.
nó
(ii) Ceapann tusa go gcuireann scrúdú na hArdteiste brú rómhór ar dhaoine óga. Scríobh an litir
(leathleathanach nó mar sin) a chuirfeá chuig an Aire Oideachais ag déanamh gearáin faoi seo.
D -- COMHRÁ -- (60 marc)
(i) Bhí dhá thicéad ag cara leat do cheolchoirm de chuid Oasis, ach níor thug sé nó sí ceann acu duitse. Tá
tú an-chrosta leis nó léi faoi seo. Scríobh an comhrá (leathleathanach nó mar sin) a bheadh
eadraibh.
nó
(ii) Ba mhaith leat imirt ar fhoireann peile i do cheantar féin. Scríobh an comhrá (leathleathanach nó mar
sin) a bheadh idir tú féin agus bainisteoir na foirne.
| B | SCÉAL | (60 marc) |
| (1) | "Dhún Nóra an mála agus chuir sí an glas air | |
| nó | ||
| (2) | "Bhí ag éirí go maith le Pádraig. Bhí an t-ádh air sa deireadh |
| C | LITIR | (60 marc) |
| (1) | Bhí tú ag imirt ar fhoireann le déanaí. Scríobh an litir (leathleathanach nó mar sin) a chuirfeá chuig cara leat faoi sin. | |
| nó | ||
| (2) | Ba mhaith leat do thuairim a thabhairt ar scrúduithe. Scríobh an litir (leathleathanach nó mar sin) a chuirfeá chuig eagarthóir nuachtáin faoi sin. |
| D | COMHRÁ | (60 marc) |
| (1) | Ba mhaith le cara leat bheith ina m(h)úinteoir, ach níor mhaith leatsa an post sin. Scríobh an comhrá (leathleathanach nó mar sin) a bheadh eadraibh. | |
| nó | ||
| (2) | Tá d'athair (do mháthair) ag caint leat faoin méid ama a chaitheann tú ag féachaint ar an teilifís. Scríobh an comhrá (leathleathanach nó mar sin) a bheadh eadraibh. |
| Homepage Site Map |
Lesson Index Ceachtanna eile |
Clár cinn an Láithreáin |