| EO FEASA | CEACHT / LESSON | 302 | LC ORDINARY LEVEL / AT GNÁTHLEIBHÉAL |
| Seo í an cheist cheapadóireachta ón bpáipéar samplach gnáthleibhéal Gaeilge i Scrúdú na hArdteistiméarachta. Tá rogha naoi n-ábhar ceapadóireachta ann duit: giota leanúnach, scéal, litir, nó comhrá. Bain triail as ceann amháin díobh a scríobh. Cláraigh linn agus seol chugainn é. Marcálfaimid duit é agus seolfaimid leagan ceartuithe chugat. |
| This is the composition question from the Leaving Cert Ordinary Level Sample Paper. Try one of the nine topics. Enrol with us and send it to us for marking and correction. See how well you could do. |
AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA
SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA
GAEILGE - GNÁTHLEIBHÉAL - PÁIPÉAR 1
PÁIPÉAR SAMPLACH
(220 marc)
DHÁ UAIR AN CHLOIG, 1.30 pm go dtí 3.30 pm
(Ní mór do na hiarrthóirí cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga.
Caillfear marcanna trí bheith faillíoch ann.)
| CEIST 1 | CEAPADÓIREACHT | [120 marc] |
| A | GIOTA LEANÚNACH | (60 marc) |
Scríobh giota leanúnach (leathleathanach nó mar sin) ar cheann amháin de na hábhair seo:
| (i) | An ceoltóir (nó an grúpa ceoil) is fearr liom. | |
| (ii) | Rudaí a chuireann fearg orm. | |
| (iii) | Múinteoirí. |
| B | SCÉAL | (60 marc) |
| (1) | "Dhúisigh mé i lár na hoíche. Bhí mé i m'aonar sa teach. Chuala mé torann éigin thíos fúm sa chistin ..." | |
| nó | ||
| (2) | "`Fuair mé glao teileafóin ó do mháthair,' arsa an príomhoide liom. Caithfidh tú brostú abhaile láithreach. ..." |
| C | LITIR | (60 marc) |
| (1) |
Tá tú ar saoire thar lear le cara leat. Scríobh an litir (leathleathanach nó mar sin) a chuirfeá chuig do thuismitheoirí ag insint dóibh faoin tsaoire sin. |
|
| nó | ||
| (2) |
Ceapann tusa go gcuireann scrúdú na hArdteiste brú rómhór ar dhaoine óga. Scríobh an litir (leathleathanach nó mar sin) a chuirfeá chuig an Aire Oideachais ag déanamh gearáin faoi seo. |
| D | COMHRÁ | (60 marc) |
| (1) |
Bhí dhá thicéad ag cara leat do cheolchoirm de chuid Oasis, ach níor thug sé nó sí ceann acu duitse. Tá tú an-chrosta leis nó léi faoi seo. Scríobh an comhrá (leathleathanach nó mar sin) a bheadh eadraibh. |
|
| nó | ||
| (2) |
Ba mhaith leat imirt ar fhoireann peile i do cheantar féin. Scríobh an comhrá (leathleathanach nó mar sin) a bheadh idir tú féin agus bainisteoir na foirne. |
| Write here Scríobh anseo |
Homepage Site Map |
Lesson Index Ceachtanna eile |
Clár cinn an Láithreáin |