EO FEASA CEACHT 401 / LESSON 401

Homepage
Site Map
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin

Seo í an cheist cheapadóireachta ón bpáipéar ardleibhéal Gaeilge i Scrúdú an Teastais Shóisearaigh, 1998. Tá rogha naoi n-ábhar ceapadóireachta ann duit: aiste, scéal, óráid díospóireachta, nó alt do nuachtán nó d'iris. Bain triail as ceann díobh a scríobh. Cláraigh linn agus seol chugainn é. Marcálfaimid duit é agus seolfaimid leagan samplach chugat.
This is the composition question from the Junior Cert Higher Level Paper, 1998. Try one of the nine topics. Enrol with us and send it to us for correction. See how well you could do. Read our version for comparison.

AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA

SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 1998

GAEILGE - ARDLEIBHÉAL - PÁIPÉAR 1

(100 marc)

DÉ hAOINE, 12 MEITHEAMH -- TRÁTHNÓNA, 2.15 go dtí 3.45

 

ROINN 1- SCRÍOBH NA TEANGA [70 marc]

Ceist 1

Freagair do rogha ceann amháin de A, B, C, D anseo thíos. (50 marc)

(Ní gá dul thar leathanach go leith nó mar sin i do fhreagra.)

A.

AISTE

Scríobh aiste ar do rogha ceann amháin de na hábhair seo:-

(i) Lá Nollag i mo theachsa.

(ii) Ag tabhairt aire d'ainmhithe.

(iii) Áthas agus brón an tsaoil.

B.

SCÉAL/EACHTRAÍ

Freagair do rogha ceann amháin díobh seo:-

Ceap scéal a mbeadh an giota seo thíos oiriúnach mar thús leis:-

(i) "Bhí mé i mo leaba san oíche ag éisteacht leis an stoirm ag réabadh lasmuigh. Ní raibh mé in ann codladh a dhéanamh ....."

(ii) Lá a gcuimhneoidh mé air go deo.

C.

DÍOSPÓIREACHT/ÓRÁID

Maidir le do rogha ceann amháin de na rúin seo thíos scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar son nó in aghaidh an rúin sin:-

(i) "Is fearr saol an bhaile mhóir ná saol na tuaithe."

(ii) "Is é an t-airgead an rud is tábhachtaí sa saol."

D.

ALT (do nuachtán nó d'iris)

Freagair do rogha ceann amháin díobh seo:-

(i) Tá tú ag cabhrú le ceolchoirm a eagrú sa scoil chun airgead a bhailiú. Iarrtar ort alt a scríobh d'iris na scoile faoin gceolchoirm sin.
Scríobh
an t-alt a chuirfeá chuig eagarthóir na hirise.

(ii) Feiceann tú fógra sa nuachtán Foinse ag lorg tuairimí faoi chlár nua seachtainiúil teilifíse do dhéagóirí atá á bheartú ag R.T.É.
Scríobh
an t-alt a chuirfeá chuig R.T.É. mar fhreagra ar an bhfógra sin.

Homepage
Site Map
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin