CEACHT 402 |
EO FEASA |
LESSON 402 |

| Homepage Site Map |
Lesson Index Ceachtanna eile |
Clár cinn an Láithreáin |

| Seo í an cheist cheapadóireachta ón bpáipéar ardleibhéal Gaeilge i Scrúdú an Teastais Shóisearaigh, 1999. Tá rogha naoi n-ábhar ceapadóireachta ann duit: aiste, scéal, óráid díospóireachta, nó alt do nuachtán nó d'iris. Bain triail as ceann amháin díobh a scríobh. Cláraigh linn agus seol chugainn é. Marcálfaimid duit é agus seolfaimid leagan samplach chugat. |
| This is the composition question from the Junior Cert Higher Level Paper, 1999. Try one of the nine topics. Enrol with us and send it to us for correction. See how well you could do. Read our version for comparison. |
AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA
GAEILGE - ARDLEIBHÉAL - PÁIPÉAR 1
(100 marc)
DÉ hAOINE, 11 MEITHEAMH - TRÁTHNÓNA, 2.15 go dtí 3.45
Ceist 1.
Freagair do rogha ceann amháin de A, B, C anseo thíos. (50marc)
(Ní gá dul thar leathanach go leith nó mar sin i do fhreagra.)
A. AISTE
Scríobh aiste ar do rogha ceann amháin de na hábhair seo:-
| (i) | Aoibhneas na léitheoireachta. |
| (ii) | Timpistí ar na bóithre. |
| (iii) | An aimsir agus saol an duine. |
B. SCÉAL/EACHTRAÍ
Freagair do rogha ceann amháin díobh seo:-
Ceap scéal a mbeadh an giota seo thíos oiriúnach mar thús leis:-
| (i) | "Fuair mé teachtaireacht dul go hoifig an Phríomhoide. Bhí a fhios agam go raibh rud éigin tábhachtach i gceist ....." |
| (ii) | Cleas magaidh nár éirigh leis. |
C. DÍOSPÓIREACHT/ÓRÁID
Maidir le do rogha ceann amháin de na rúin seo thíos scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar son nó in aghaidh an rúin sin:-
| (i) | "Tá daoine óga na tíre seo ag dul ó smacht." |
| (ii) | "Ní thuigeann muintir na hÉireann tábhacht na Gaeilge." |
D. ALT (do nuachtán nó d'iris)
Freagair do rogha ceann amháin díobh seo:-
| (i) | Bhí féile speisialta i do scoil le déanaí. larradh ort alt a scríobh d'iris na scoile faoin bhféile sin. Scríobh an t-alt a chuirfeá chuig eagarthóir na hirise. |
| (ii) | Tá ailt á lorg ag an nuachtán Foinse faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh gach ceantar den tír a choinneáil slachtmhar. Scríobh an t-alt a chuirfeá chuig eagarthóir an nuachtáin faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh i do cheantar féin. |
Ceist 2.
Freagair A nó B anseo. (Ní gá dul thar leathleathanach nó mar sin i do fhreagra.)
| A | Tá tú ag caint le cara leat a scríobhann dialann, ach níl aon suim agatsa i ndialann a scríobh. Scríobh an comhrá a bheadh eadraibh faoi sin. |
| B | Tháinig aisteoir (ban-aisteoir) go dtí do scoil le déanaí. Iarradh ort agallamh a chur air / uirthi diris na scoile. Rinne tú téipeáil ar an agallamh. Scríobh an t-agallamh a bhí ar an téip agat. |
| Homepage Site Map |
Lesson Index Ceachtanna eile |
Clár cinn an Láithreáin |