EO FEASA CEACHT / LESSON 404 J.C. HIGHER LEVEL / TEASTAS SÓISIREACH ARDLEIBHÉAL

Litir a scríobh:

Bhí tú ag imirt ar fhoireann na scoile nuair a bhuaigh sibh an cluiche ceannais.
Scríobh litir chuig cara leat ag insint dó/dí mar gheall air.

226 Ascaill an Teampaill,
Droim Conrach,
Baile Átha Cliath 9

15 Meitheamh, 2000

A Aoife, a stór,

Tá súil agam go bhfuil an saol ag dul go maith duit thall ansin i gCeathrú Thaidhg. Ba bhreá liomsa dul chun na Gaeltachta chomh maith leat ach go gcaithfidh mé an diabhal scrúdú a dhéanamh don Teastas Sóisireach.

Ar inis mé duit gur mé an captaen ar fhoireann peile na scoile agus gur imríomar sa chluiche ceannais? Bhí orainn aghaidh a thabhairt ar Choláiste Phádraig sa deireadh agus caithfidh mé a rá go raibh faitíos orm rompu.

Nuair a chonaic mé ag teacht amach ar an bpáirc iad shíl mé go raibh ár bport seinnte. Bleithigh chomh mór leo ní fhaca mé riamh. Mar sin féin ón uair a shéid an réiteoir an fheadóg go dtí an sos leath-ama ní raibh mé díomhaoin ná ní raibh am agam bheith ag machnamh. Ag imirt i lár na páirce a bhíos agus thagadh an liathróid i mo threo go han-mhinic. Má abraím féin é d'éirigh go maith liom sa chluiche agus choinnigh an fhoireann s'againne orainn ag brú romhainn i dtreo an chúil. Ag leath-am bhíomar dhá chúl chun tosaigh.

Sa dara leath d'aistrigh mé féin suas i measc na dtosaithe agus más ag maíomh féin atáim tig liom a rá leat gur chuir mé an liathróid thar an gcúlbáire ceithre huaire. Is beag nach raibh foireann Choláiste Phádraig buíoch den réiteoir nuair a shéid sé an fheadóg chun an chluiche a thabhairt chun deiridh. Murach sin bheadh slad ann. Bhí na créatúir bhochta criogtha againn. Bhuamar go héasca orthu agus bhí an-bhród orm nuair a ghlac mé leis an gcorn ag an deireadh.

Ach is leor sin díomsa ag caint faoi chúrsaí peile. Ba bhreá liom cloisteáil uaitse agus faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leat thiar ansin. Bain taitneamh as. Feicfidh mé thú i gceann míosa nuair a thiocfaidh tú abhaile agus beidh mé féin críochnaithe leis na scrúduithe seo. Mo mhallacht orthu!

Go dtí go gcloisfidh mé uait mar sin tabhair aire duit féin agus bí go maith.

Mise, le grá,
do bhuan-chara go deo,

Stiofán

Exercises
Cleachtaí
Homepage
Site Map
Top
Barr
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin