EO FEASA CEACHT / LESSON 501 ADVANCED LEVEL / ARDLEIBHÉAL

Aiste: An Fear Freacnarcach Nua-Aoiseach.

Ós rud é gurb éard is aiste ann sraith smaointe ar ábhar éigin ní miste dhomtabhairt faoin ábhar seo : An Fear Freacnarcach Nua-Aoiseach.

Feictear dom nach féidir teacht ar an bhfear seo in aon áit ach in aigne na mban. Cuid de ghluaiseacht na mban is ea an fear steiritípeach seo. Is é idéal na mban é, an fear a dhéanann gach rud de réir mian is toil a mhná. Níl gné ar bith de shaol na mná nach nglacann an fear nua seo páirt ann. Ach í bheith in aontíos leis an bhfear seo gheobhaidh an bhean "saoirse, cothromaíocht, agus bráithreachas -- er -- siúrachas."

Maidir le hobair tí is páistí déanfaidh an fear seo gach uile short: ullmhóidh sé béilí dá bhean, rachaidh sé chuig an ollmhargadh i mbun siopadóireachta léi; glanfaidh sé an teach ó bhun go barr; nífidh sé na héadaí is iarnálfaidh sé go néata iad. Ní leasc leis dul i bhfeighil na leanaí: á mbeathú; á ní; is ag athrú an chlúta. Seoid.

An bhfuil a leithéid d'fhear ann? N'fheadar.

Alán de na fir atá ar aithne ag an údar seo is oth liom a rá nach mbeadh siad ionchurtha leis an samhail idéalach seo. "Cá bhfuil mo dhinnéar a bhean" a chloistear uaidh um thráthnóna. Amach leis chuig an teach tábhairne le bualadh lena chairde istoíche. Is fuath leis an tsiopadóireacht agus níl foighne ar bith aige le leanaí. Ní léir dó cad as a dtagann na léinte glana a bhíonn iarnálta go néata faoina chomhair sa vardrús gach maidin. Ní thugann sé glaineacht an tí faoi deara -- mura n-abrann sé "Múch an folúsghlantóir sin! Táimse ag féachaint ar chluiche tábhachtach ar an teilifís".

Ar ndóigh is ag magadh atáim. Idir eatarthu atá na fir is fearr. Ach oiread leis na mná tá a mbuanna is a lochtanna acu. Mar sin féin is mithid an t-idéal a bheith ann.

Exercises
Cleachtaí
Homepage
Site Map
Top
Barr
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin