CEACHT 502

EO FEASA

LESSON 502

Homepage
Site Map
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin

Seo í an cheist cheapadóireachta ón bpáipéar ardleibhéal Gaeilge i Scrúdú na hArdteistiméarachta, 1999. Tá rogha naoi n-ábhar ceapadóireachta ann duit: aiste, scéal, óráid díospóireachta, nó alt do nuachtán nó d'iris. Bain triail as ceann díobh a scríobh. Cláraigh linn agus seol chugainn é. Marcálfaimid duit é agus seolfaimid leagan samplach chugat.
This is the composition question from the Leaving Cert Higher Level Paper, 1999. Try one of the nine topics. Enrol with us and send it to us for correction. See how well you could do. Read our version for comparison.

AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA

SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA, 1999

GAEILGE - ARDLEIBHÉAL - PÁIPÉAR I

(170 marc)


DÉ hAOINE, 11 MEITHEAMH - TRÁTHNÓNA, 1.30 go dtí 4.00

(Ní mór do na hiarrthóirí cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga.
Caillfear marcanna trí bheith faillíoch ann.)


Ceist 1 agus Ceist 2 a fhreagairt.


CEIST 1 CEAPADÓIREACHT [100 marc]


Freagair do rogha ceann amháin de A, B, C, D anseo thíos.
[N.B. Ní gá dul thar 500-600 focal nó mar sin i gcás ar bith.]

 

A AISTE (100 marc)

Aiste a scriobh ar cheann amháin de na hábhair seo.

(a) Polaiteoirí na linne seo - ceap magaidh is ea iad.
(b) Cearta an Duine - níl tír ar domhan nach sáraíonn iad,
(c) An ríomhaire - an bhfuil dia bréige déanta de ?

B SCÉAL (100 marc)

Scéal a cheapadh a mbeadh do rogha ceann amháin díobh seo oiriúnach mar theideal air.

(a) An té a bhíonn thíos buailtear cos air
(b) Cumha

C ALT NUACHTAÍN/IRISE (100 marc)

Freagair do rogha ceann amháin díobh seo

(a) Bhí fógra sa nuachtán Lá ag iarraidh ar dhaltaí Ardteistiméireachta ailt a scríobh ar an ábhar "Teifigh in Éirinn -- ba cheart fáilte a chur rompu". Scríobh an t-alt a chuirfeá féin chuig an eagarthóir ar an ábhar sin,
(b) Chuir tú agallamh ar thriúr iarscoláirí de chuid do scoile féin féachaint cén cineál saoil a bhí acu ó d'fhág siad trí bliana ó shin. Scríobh alt d'iris na scoile a bheidh bunaithe ar an agallamh sin

D DÍOSPÓIREACHT/ÓRÁID (100 marc)

Freagair do rogha ceann amháin díobh seo.

(a) Scriobh an chaint a dhéanfá, i ndíospóireacht scoile, ar son nó in aghaidh an rúin seo a leanas "Ba chóir deireadh a chur le córas na bpointí ".
(b) Is tusa an cathaoirleach ar chumann carthanachta éigin. Tá ort píosa cainte a thabhairt ag ócáid oifigiúil ar an téama "An Tíogar Ceilteach - is beag an mhaith é do bhochtáin na tire seo". Scriobh an píosa cainte a thabharfá ar an cáid sin.
Homepage
Site Map
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin