EO FEASA CEACHT / LESSON 503 ADVANCED LEVEL / ARDLEIBHÉAL

Sliocht as Agallamh na hInise le Tomás Ó Criomhthain

Domhnach. É láidir fiain. Cóisire amuigh arbh olc an scéal nár rith leo teacht isteach, a raibh cúpla bairille leanna duibhe ina mbóthar pé rud eile a leanfadh iad. Anois gurb iad muintir Dhún Chaoin a shloigfeadh iad.

Um meán an lae bíonn an lá ag bogadh agus ag titim anuas. Ní fada go bhfeictear naomhóg ag teacht. "Cabhair Dé chugainn," arsa gach uile dhuine, "tá an Rí ag teacht."

Ní raibh ceann aon duine sa bhaile ná go raibh ar na cnocáin ar chloisint na gutha sin dóibh. Nuair a shroich an chóisire an talamh ní raibh de chomharthaí á leanúint ach an méid éadaigh a bhí ar na cnámha acu. Sin é an uair a bhí an Béarla ar siúl in ionad na Gaelainne a bhí roimhe sin sa lá
acu! Sin é an uair nárbh fhada an mhoill a bhí orthu drochfhear a dhéanamh den té a bhí fónta ar maidin; ni raibh aon locht ar maidin air ach ar an lá ná raibh oiriúnach chun teacht aige, agus rud aige chucu, dar leo. Cheapadar ó bhí an ainm mhór aige go mbeadh sé mór ar gach cuma, mar tá ceal eolais ar shlite mar seo orthu.

Bhí a f'hios agamsa an ainm, Rí, a bheith air chomh maith leo, ach bhí eolas eile agam ar cad a bhaineann léi, agus, leis sin, níor chuireas puinn suime é a theacht sa bhfoirm ar fhág sé, agus gan sé puint déag a thabhairt ar dhá bhairille leanna do ghramaisc na háite seo.

Is fada gur ghlac amadán ná duine baoth Rí mar ainm, agus mura mbeadh go raibh seo, leis, oiriúnach chun í a ghlacadh ní bheadh sí air féin.

Exercises
Cleachtaí
Homepage
Site Map
Top
Barr
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin