EO FEASA CEACHT / LESSON 504 ADVANCED LEVEL / ARDLEIBHÉAL

Sliocht as SAOL, eagrán Deireadh Fomhair, 1999

FÁILTE ROIMH RÁITEAS

Fáiltíonn Bord na Gaeilge roimh ráiteas an Aire Oideachais agus Eolaíochta go bhfuil sé le grúpa saineolaithe a thabhairt le chéile chun fiosrú a dhéanamh ar na fáthanna go bhfuil torthaí sa Ghaeilge lag ag an ngnáthleibhéal agus ag an mbonnleibhéal sa Teastas Sóisearach.

Tá tógáil croí ann go raibh sé de mhisneach ag an Aire aghaidh a thabhairt ar fhírinne an scéil maidir le múineadh agus foghlaim na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal. Tá sé le moladh freisin as an gcuraclam nua bunscoile a d'fhógair sé i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe.

Tá áthas ar an mBord freisin gur dhearbhaigh an tAire gur gné lárnach í an Ghaeilge dár n-oidhreacht phobail agus gur chóir go mbeadh foghlaim na Gaeilge mar chuid lárnach den churaclam. Tá gá go dtabharfaí oiliúint do mhúinteoirí ar mhúineadh na Gaeilge mar theanga labhartha do dhaltaí agus go gcuirfí áiseanna teagaisc agus foghlama ar fáil.

Chabhródh scrúdú béil sa Teastas Sóisearach le múinteoirí agus le daltaí an bhéim a choimeád ar labhairt na Gaeilge.

LÍOFACHT
Is cinnte go mbeidh Gaeilge níos líofa ag daltaí ag fágáil na bunscoile dóibh má thugtar oiliúint do mhúinteoirí i múineadh an churaclaim nua agus má chuirtear áiseanna ar fáil.

Chuige seo is gá go mbunódh an tAire an Foras Acmhainní Teagaisc faoin Acht Oideachais chun cúrsaí do mhúineadh éifeachtach na Gaeilge agus áiseanna a chur ar fáil.

Is mithid freisin go bhfuil aird á dhíriú ar ábhar na gcúrsaí. Bristear ar dhóchas múinteoirí agus daltaí nuair nach n-oireann ábhar na gcúrsaí d'ábaltacht ná do spéis na ndaltaí.

Tá fairsinge sa chóras oideachais a d'fhéadfaí a úsáid chun modhanna múinte éagsúla a thriail a bheadh ag teacht leis an éagsúlacht atá i gcúlra agus ábaltacht daltaí.

Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh cumas labhartha agus tuisceana na Gaeilge ag formhór na ndaltaí ar fhágáil na scoile dóibh agus go mbeidh meas acu uirthi mar chuid thábhachtach dá n-oidhreacht agus dá bhféiniúlacht.

Exercises
Cleachtaí
Homepage
Site Map
Top
Barr
Lesson Index
Ceachtanna eile
Clár cinn an
Láithreáin