RÉAMHRÁ EO FEASA Homepage (English)
Read this in English Clár Cinn i nGaeilge
RÉAMHRÁ

Tá fáilte romhat chuig láithreán EO FEASA. Láithreán is ea é seo chun teagasc pearsanta sa Ghaeilge a chur ar fáil ar an idirlíon. Mar mhúinteoirí tá ár saol caite againn ag teagasc sa seomra ranga. Anois is le fonn agus le díograis a thugaimid faoin meán nua seo chun an teanga a chraobhscaoileadh.

Is é atá á dhéanamh againn ná sraith ceachtanna sa Ghaeilge mar aon le míniúchán ar an ngramadach agus cleachtaí ag leibhéil éagsúla a fhoilsiú anseo. Beimid ag cur leo de réir a chéile agus á n-athrú ag brath ar an éileamh ó fhoghlaimeoirí.

Níl slí is fearr chun teanga a fhoghlaim go maith ná í a scríobh agus breithiúnas múinteora a fháil ar do chuid oibre. Uime sin más mian leatsa do chuid ceapadóireachta a chur chugainn le ríomhphost ceartóimid agus márcálfaimid duit í agus cuirfimid ar ais chugat í maraon le ceartúcháin agus comhairle.

Is féidir le foghlaimeoir cláruithe ceisteanna, fiosrúcháin, agus iarratais ar chabhair a chur chugainn agus seolfaimid freagra ar ais chomh luath in Éirinn agus is féidir. Gheobhaidh tú eolas faoin gcaoi le clárú ag An chaoi le clárú agus táillí ag Coinníollacha.

Tá aiféala orainn nach mbeidh ar ár gcumas feasta ainmneacha Gaeilge a sholáthar le haghaidh báid, cait, gadhair, ná tithe; ná mallachtaí Mhamó a aistriú ón nGaeilge cé go mbainimis taitneamh as ár gcomhfhreagras ar na hábhair sin le daoine ar fud an domhain. Tá an t-am éirithe giortach orainn anois agus ní mór dúinn é a chaitheamh go ciallmhar.

LEAGAN AMACH AN LÁITHREÁIN

Tugtar liosta na leathanach eile atá sa láithreán thíos ag bun gach scáileáin agus ar an gclár cinn. Má léann tú ceann i ndiaidh a chéile iad tuigfidh tú a bhfuil ar intinn againn. Is féidir athrú ó Bhéarla go Gaeilge ar chuid mhór de na leathanaigh. Tá aiféala orainn nárbh fhéidir iad uilig a chur sa dá theanga.

Tabharfaidh an leathanach Ceachtanna bealach isteach duit chuig na ceachtanna agus na cleachtaí ag na leibhéil éagsúla. Roghnaigh do leibhéal agus bain triail as ceacht duit féin. Más mian leat ceann de na cleachtaí a dhéanamh agus a sheoladh chugainn le ceartú nó más maith leat obair de do chuid féin a chur chugainn (do chuid ullmhúcháin don scrúdú cainte san Ardteist abair!) níl le déanamh agat ach clárú linn. Buail ar An chaoi le clárú chun eolas a fháil.

FORBAIRT
Cuirfear ábhar teagaisc breise agus ceachtanna nua leis an láithreán seo mar aon le hathruithe éagsúla ó thráth go chéile ar iarratais den chuid is mó ónár scoláirí cláraithe. Féach ar NUACHT EO FEASA chun eolas a fháil i dtaobh athruithe, na táillí reatha, ceachtanna nua, agus a chaoi a bhfuil ag éirí linn leis an bhfiontar.
SEIRBHÍSÍ TEAGAISC GAEILGE
  • Tá EO FEASA ag tairiscint teagasc sa Ghaeilge ar an idirlín agus tríd an ríomhphost.

  • Léifimid, marcálfaimid, agus ceartóimid obair ár ndaltaí cláruithe taobh istigh de thamall gearr má sheoltar chugainn í i ríomhphost. Buail ar Coinníollacha Clárúcháin.

  • Má tá cabhair uait agus tú ag ullmhú do scrúdú bain triail asainn.

  • Má chláraíonn tú le hEo Feasa gheobhaidh tú cúnamh pearsanta go ceann tamaill áirithe agus méid áirithe freagraí ar do cheisteanna mar aon le ceartúcháin ar líon áirithe cleachtaí. Buail ar "Cláraigh" chun eolas breise a fháil.

  • Chomh maith leis sin go léir soláthraímid aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla nó ó Bhéarla go Gaeilge. Buail ar Seirbhísí Eile.
Bí i d'urra ar láithreán Eo Feasa
Cé gur d'fhonn cuidiú le hathbheochan na Gaeilge go príomhdha atá an láithreán seo á fhoilsiú ag an údar baineann costas nach beag leis ó thaobh ama agus airgid de, costas nach gclúdaítear i dtáillí na scoláirí a chláraíonn chun leas a bhaint as na seirbhísí a sholáthraítear ar an láithreán. Más dóigh leatsa gur fiú leanúint ar aghaidh leis an láithreán seo agus é a fhorbairt ba mhór linn do chúnamh chun na costaisí a ghlanadh.

Faoi láthair tá an láithreán á fhoilsiú mar "leathanach baile" ar chostas €216 in aghaidh na bliana. Dá mbeadh maoiniú ar fáil d'fhéadfaimis é a chur ar "aíocht" níos fearr agus gléas cuarduithe a chur leis rud a chuideodh go mór le scoláirí. Chomh maith leis sin d'fhéadfaimis cur leis na ceachtanna níos minicí.

Más mian leatsa a bheith i d'urra ar an láithreán seo seol síntiús chugainn trí PayPal (chuig "eofeasa "ag" eircom "ponc" net" -- níl ort ach na spásanna agus na comharthaí athfhriotail a bhaint amach agus an seoladh ríomhphoist a scríobh ar an ngnáthbhealach le haghaidh PayPal. Táim ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na SPAMAIRÍ) nó tríd an bpost (Eo Feasa, Geata Léim an Bhradáin, Léim an Bhradáin, Co Chill Dara. Guthán 00 353 -1-6104442). Seolfaimid admháil chugat ar do shíntiús agus cuirfimid inár gcuntais é don bhliain reatha. De bhreis air sin foilseoimid do shíntiús agus d'ainm -- nó d'ainm cleite, más fearr leat -- ar leathanach nua "Leathanach na nUrraithe" ar an láithreán. Más mian leat lógó nó nasc chuig do láithreán féin a chur suas mar chuid de do shíntiús beimid breá sásta a leithéid a fhoilsiú duit.

Má tá tuairimí agat ar an gcaoi a bhféadfaí an láithreán a fhorbairt inis dúinn. Táimid féin tar éis é a choinneáil ag imeacht le ceithre bliana anuas agus táimid ag dúil leis an oiread eile blianta a chaitheamh leis amach anseo le do chúnamhsa agus le cúnamh Dé!

 

This page in English Barr an leathanaigh Clár Cinn i nGaeilge
An duitse é seo? Ceartú aistí Modh Múinte
List of Lessons Eo Feasa féin An Ghaeilge féin
Seirbhísí eile Nuacht Eo Feasa An chaoi le clárú
Coinníollacha Foirm Iarratais Scimigh leat! Slán!

CÓIPCHEART © EO FEASA 1999 /2003