Return to Homepage  :

Fáilte go suíomh idirlíon Choláiste Íosagáin.

Scoil Chaitliceach atá i gColáiste Íosagáin agus í faoi iontaobhacht Siúracha na Trócaire.

Bunaíodh Coláiste Íosagáin i 1971 le hoideachas lánGhaelach a chur ar fáil do chailíní i ndeisceart Átha Cliath.

Tugtar áit do dhaltaí ar an tuiscint go bhfuil siad sásta glacadh go hiomlán le ethos Caitliceach lán-Ghaelach na scoile.

Is comhscoileanna iad Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin atá lonnaithe ar an láthair céanna agus oibríonn an dá Choláiste as lámha a chéile le sár oideachas a sholáthar dár ndaltaí.

Feidhmníonn an scoil ar acmhainní a thagann ón Roinn Oideachais & Eolaíochta, síntúis deonacha agus airgead a bhailíonn tuismitheoirí.

Cuirtear polasaithe na scoile i bhfeidhm chomh fada agus is féidir leis na háiseanna agus na maoiniú atá ar fáil dúinn.

Feidhmníonn an scoil de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais & Eolaíochta.

Leanann an scoil na cláracha curaclaim atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais & Eolaíochta agus a athrófar ó am go céile de réir Ranna 9 agus 30 don Acht Oideachais 1998.