
ag Lily Baker Athscríofa as Gaeilge ag Conal MacUaitéir ![]() I gcomhair a lán daoine, is ea an tséipéal beag i Bháile an Gharráin an rud is tabhachtaí de oidhreacht an Palatinate atá fágtha anois. Crochtha ag pobail Palatine an cheantar, i 1766 ar láithreán thugtha ag clann Heck dóibh, bhí sé in ionad tí bhig. Thug John Wesley cuairt ar Bháile an Gharráin ar thrí ócáid déag idir na blianta 1756 agus 1779. An mbeadh sé fíor le rá go bhfuil seans mór gur thiomnaigh sé é? Is foirgneamh láidir dea-thógtha é, le cathaoireacha i gcomhair timpeall nócha daoine. Bhí an chéad bealadh isteach ar an taobh eile den foirgneamh ón doras atá ann anois. Déirtear gurb í ag ám an athchóiriú i 1885, a bhí an póirse tógtha agus bealadh an sean-doras déanta suas mar almóir. Chomh maith, creidtear go raibh an bealadh isteach ón lána ar tuaisceart an tséipéal ar dtús. Níos déanaí bhí bealadh nua déanta ón mbóthar, agus bhí mo shean-athair, Gideon Baker, i gceannas gluaiseacht na carraigeacha ar capall agus cairt ó Faing chun an balla atá ann anois a crothú. (Tá an casúr a d'usáid an saor cloiche i gcomhair an obair seo againn fós.) Sa séipéal feictear a lán leachtaí cuimhneacháin suimiúil, an príomhcheann ina measc, an táibléad do Barbara Heck agus Philip Embury, chun cuimhneachán a dheanamh ar a bpairteanna i bhúnú an Eaglais Modhach sa Mhéiricéa. I 1760 chuaigh Barbara agus Philip, le clanna Palatine eile, ar imirce ó Bháile an Gharráin, agus chuir siad fúthu i Nua-Eabhrac. I 1766, thug Philip an chéad seanmhór Modhach i Nua-Eabhrac, tar éis Barbara a bheith ag spreagadh é chun é a dhéanamh. Thug sé seanmhóir mar tuata in Éirinn. Méadaigh an pobal, agus tháinig Cumann Modhach le chéile. D'éirigh an lóistín a bhí acu ar chíos ró-bhéag, agus i 1768 shocraigh siad go mbunaídís séipéal i Sráid Eoin, Nua-Eabhrac. Bhí sé seo an chéad séipéal de thrí leis an ainm "Wesley Chapel" mar onóir ar John Wesley, bunaitheoir an creideamh Modhach. Sa lá atá inniu ann, tá timpeall ceithre mhilliún deag de Mhodhaigh sna Stáit Aontaithe. Fógradh an tséipéal i Sráid Eoin mar sprioc oifigiúl de Nua Éabhrac i 1964. Sa chaoí ceanna tá Dr. William Crook (1824-1897) á chomóradh le táibléad eile. Ceapadh é chun fáilte a thabhairt ó Comhdháil Modhach na hÉireann go dtí an Eaglais Modhach Méiriceánach ar a gcuid ceiliúradh i 1866. Níos déanaí scríobh sé leabhar leis an tideal "Ireland and the centenary of American Methodism" (Éire agus céiliúradh an Modhachas Meiricéanach) agus is ceann de na leabhair an-tabhachtacha ar an gcreideamh Modhach in Éirinn é seo, dar leis an tOirmhinnach R. Lee Cole, staireolaí níos déanaí ar an gcreideamh Modhach in Éirinn. Tá Dr. Crook curtha sa reilig i Bhaile an Gharráin. Táibléad eile is ea an ceann ag déanamh cuimhneachán ar Thomas Walsh, a bhfuil cur síos air mar dalta den Bíobla Naofa le eolas ar bhunchóip an téacs os cionn beagnach duine ar bith eile. Bhí Gaeilge iontach aige, bhí sé sin de gnáth ag a ham i gcóir na Modhaidh a thug seanmhóir anseo. Thug sé séanmhóir timpeall na háite in Eirinn, agus in áiteanna éagsúla i Sasana freisin. Dar le Wesley, bhí a teagasc ceann de na teagaisc is fearr a bhí aithne aige ar. Fuair sé bás go luath, ag fiche naoi mbliana d'aois. Freisin tá an fléachas a bhí i mBaile an Gharráin i Meitheamh 1960 ar dé-chéiliúradh imeacht Barbara Heck agus Philip Embury ó Luimneach á chéiliúradh. Thug an Chéad Séipéal Modhach in Englewood, New Jersey, an táibléad seo chun comóradh a dhéanamh ar a ministir, an tOirmhinnach Dr. Lowell M. Atkinson a bhí ann. Tógtha ón séipéal i Rath Caola, atá leagtha síos anois, tá táibléad prás, le ainmneacha na pobal ansin a bhí ag freastal sa Chéad Cogadh Domhanda. (Go dtí 1968 bhí séirbhís mhaidin Dé Domhnaigh i Rath Caola, agus an ceann ar trathnóna i mBaile an Gharráin, an pobal céanna a bhí ann de gnáth.) Tá táibléad eile chun cuimhneachán a dhéanamh ar George Shier ó Bhaile Roibéard, a fuair bás sa Chéad Cogadh Domhanda ag iarraigh a chomrád a sábháil. Tá sé curtha i reilig cogaidh sa Fhrainc. Á chomóradh ag táibléad freisin is ea George Latchford, a chonaigh i radharc an tséipéal. Ní fheadar leat teacht isteach sa foirgneamh gan an adharc mór de bhó ar an mballa a thabhairt faoi deara. Ó laethanta na taistealaithe a thug na séanmhóir é seo. Tá sé ar eolas againn gur tháinig daoine mar sin chuig Báile an Gharráin roimh John Wesley, mar sin is réasúnta é chun creid go bhfuil an adharc ann ó na laethanta sin. D'usáid siad an adharc chun fógra a dheanamh faoi theacht na daoine seo. Nuair a chuala siad an fuaim, stop na daoine sna pairceanna ag obair, agus na daoine sna tithe, agus chuaigh siad lándíreach go dtí an tséipéal. Ceann de na gnéithe is fearr sa tséipéal is ea an umar baiste déanta as rachta ó chistín shean-teach Barbara Heck. Tiomnaigh Bean Stevenson ó Luimneach orgán láimhe brea i gcuimhne ar a fear, Ernest, a thóg suim mhór sa tséipéal agus a tailte. Sa póirse tá dhá cásanna le rudaí stairiúil ó dhá thaobh den tAigéan Atlantach ar taispeáint. Ina measc tá cóipeanna de toirt cartaí poist de na portráide de Barbara Heck agus Philip Embury atá i Séipéal Modhach Sráid Eoin i Nua-Eabhrac, tá grianghrafanna de teach Barbara Heck ag Fortview, lastigh is lasmuigh, agus tá grianghrafanna den crann piorra a thug John Wesley a sheanmhóir faoi. (Leagadh an crann sin i stoirm, ach tá crann piorra san áit ceanna a d'fhás as píósa den bun-chrann.) I 1968 tógadh an halla, an cistín agus an seomra cotaí, agus déanadh athchóiriú breise i 1987 nuair a cuireadh téamh lárnach, lastha trí ola, tríd na foirgnimh. Leagadh amach an reilig timpeall déireadh an céadblian roimhe seo. Is samhail de ceann de na bailiúcháin is tiubha d'ainmneacha clanna Palatine lasmuigh den Palitinate iad na ceannclocha. Ina measc tá: Shiers, Switzers, Sparlings, Teskeys, Bakers, Raynards, Ruttles, Bovenizers, Millers, Doupes agus Delemages. Chomh maith le Dr. Crook, tagairt ar cheana anseo, tá beirt ministirí Modhacha eile curtha sa reilig i mBaile an Gharráin: an tOirmhinnach Wm. B. Merrick, a bhí ag freastal i Co. An Chlár ag am éigin, dar leis an tUasal Cole, agus bhí air a bháid a rámhaigh ar feadh 8 míle trasna inbhéar an tSionnain chun séirbhísí a thógáil sa tséipéal beag i Tarbert, agus an tOirmhinnach Jas. Benjamin Gillan, a bhfuil cur síos air mar dalta den diagacht Lutheran. Níl fhios againn cé a thiomnaigh an tséipéal, ach tá fhios againn gur tógadh é i gcomhair glóir Dhia, mar theach paidir agus i gcomhair teagasc na soiscéal, agus leanann sé ar aghaidh sa lá atá inniu ann. |