Duainaire Aonghusa
 
 
Stoite
Ár n-aithreacha bhíodh, 
Is a n-aithreach siúd, 
in achrann leis an saol 
Ag coraíocht leis an gcarraig loim. 
Sinne a gclann, 
Is clann a gclainne, 
Dúinn is éigean 
Conaí a dhéanamh 
In árais ó dhaoine 
A leagfadh cíos 
ar an mbraon anuas. 
 
Aiteas orthu bhíodh 
Tráth ab eol dóibh 
Féile chaoin na húire, 
I sdíocas orthu bhíodh 
Ag baint ceart 
De neart na ndúl. 
 
Beidh cuimhne orainn go fóill: 
Beidh carnán trodán 
Faoi ualach deannaigh 
Inár ndiaidh in Oifig Stáit.
Thóg an fear seo teach 
Is an fear úd 
Claí nó fál 
A mhair ina dhiaidh 
Is a choinnigh a chuimhne buan. 
 
Mairtín Ó Direáin
 
SUBH MILIS
   
TURAS FOLAMH 
Teacht don Róimh: 
Mór saothar, beag tairbhe - 
An Rí a lorgaíonn tú abhus, 
Murar thug leat É, ní bhfaighidh. 
 
Sagart óir agus cailísí crainn 
A bhí le linn Phádraig in Éirinn; 
ach sagairt chrainn agus cailísí óir 
I ndeireadh an domhain dearóil.
Anaithnid
Oilivéar Naofa Pluincéad
 
 
 
 
Aonghus Ó hAlmhain, 1999-01-05

Thar nais go dtí Clár chinn Aonghusa