"A Ghaela," ar seisean, "fearaim fíorchaoin fáilte romhaimh ag teacht ar fhód na feise seo inniu daoibh, agus guím dea-shláinte, fadsaol, bláth agus rath agus gach sonas oraibh, le chéile agus go sonrach, go bruinne an brátha agus an fhad a bhíd Gaeil in Éirinn beo. Is í an Ghaeilge an teanga is dúchasach dúinn go léir, agus mar sin ní foláir dúinn a bheith dáiríre i dtaobh na Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil an Rialtas dáiríre i dtaobh na Ghaeilge; ní doigh liom go bhfuil síad Gaelach ina gcroí. Is a magadh faoin nGaeilge a bhíd, agus ag tabhairt masla do Ghaeilaibh. Ní folair dúinn go léir a bheith go láidir ar son na Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil an Ollscoil dáiríre i dtaobh na Gaeilge ach an oiread. Níl lucht tionscail agus tráchtála dáiríre i dtaobh na Gaeilge. Bíonn amhras orm uaireanta an bhfuil AOINNE dáiríre i dtaobh na Gaeilge. Ní saoirse go cur le chéile! Gan tír gan teanga! Go maire ár nGaeilge slán!"

"Ní saoirse go Seoirse," arsa an Seanduine i mo chluais. Bhí ardurraim riamh aige do rí Shasana.

"Is cosúil," arsa mise, "go bhfuil an duine seo Gaelach agus lándáiríre i dtaobh na Gaeilge."

De réir dealraimh." arsa an Seanduine, is ró-mhaithbheathaithe atá sé in uachtar a chinn."

An Béal Bocht  Myles na gCopaleen
 

Tabhair a dhóthain den ardléann do Ghaeilgeoir agus ní Gaeilgeoir a thuilleadh é ach SCOLÁIRE.  Agus, a chairde mo chleibh, is iontach na héanacha iad na scoláirí nuair a bhainnean siad amach beanna arda an léinn mhóir.  Tugann siad gráin don uile fhocal den teanga Ghaeilge ach na focla a bhfuil seacht sreama na seanaoise orthu.  Níl canúint is fearr leo ná an chanúint atá marbh le céad blian.
        Bíonn a chanúint fhéin ag gach duine acu agus murar féidir leat í sin a labhairt leo go clocharach pislíneach mar is dual labhróidh siad Béarla leat.  Bíonn Béarla an-bhreá acu go hiondúil.  Le fírinne agus leis an gceart bíonn sé acu chomh maith nó níos fearr ná an Ghaeilge féin.  Béarla gan chanúint a chleactan siad, rud a chuireann ar a gcumas labhairt löe formhór chuile Bhéarlóir.  Buntáiste mór é seo gan dabht.

        Breandán Ó hEithir, Feabhra 1958
 
 
 
1999-05-31
Aonghus Ó hAlmhain