An Gobán Saor

Mar a bfhuair an Gobán Saor a ealaín

  nuair a bhí Gobán óg
ní raibh aon tsaor ins an domhan chomh dona leis.Bhí sé lá ag teacht abhaile tar éis a bheith ag toraíocht oibre.  Ní bhfuair sé aon obair.  Bhí sé tuirseach, agus bhí droch mhisneach air.Thit sé ina choladh agus é ag teacht abhaile. Pé uirlis ar bith a bhí leis, bhíodar i mála, agus bhíodar lena ais nuair a thit sé ina choladh. Tháinig an Slua Sí nuair a bhí sé ina choladh, agus ghearadar a chuid uirlis dó, agus d'fhagadar ins an mála arís iad. Nuair a dhuisigh Gobán chuaigh sé abhaile. D'fhiafraigh an bhean air an bhfuair sé aon obair. Dúirt Gobán nach bhfuair. "Níl aon neart agat air" a deir sí. D'fhán sé ansin go ceann trí no ceithre lá, agus d'imigh sé arís go h-áit a raibh teach mór eile dá dheanamh. Díarr sé ar an máistir a bhí ann an dtabhairfaidh sé obair dhó. Bhí an máistir agus an lucht oibre ag dul chuig ambricfeasta nuair tháinig Gobán, agus dúirt Gobán leis "Ceard abhéas mé a dhéanamh go dtiocfaidh sibh?" "Ó!, bí ag déanamh cait agus dhá ruball," arsa an máistir a bhí ar an lucht oibre, ag magadh faoi, a d'imigh sé leis. Nuair tháinig sé ar ais bhí cat cloiche deanta ag Gobán agus dhá ruball air, agus ní fhaca duine ar bith riamh cat do b'fheárr ná é.Bhí iontas ar an máistir nuair a chonaic sé sin.  "Tá obair bheag eile agam anseo agus téann sé crua go leor ar chuid againn a dheanamh agus bo chóir duitse feachaint an ndeanfá í". Thaispéan sé dhó é ansin.  Bhí tairne aige i gclár, ar bharr an tighe, i bhfad thuas i n-áirde, agus thug sé casúr do Ghobán, agus dúirt leis an tairgne a thiomáint isteach sa chlár. Ghlac Gobán an casúr, agus chaith sé suas é, agus bhuail sé an tairne ar a cheann go díreach é, gur thiomáin isteach sa chlár é - agus sin rud nach bhfeadfadh aon duine a dhéanamh ach é féin.  Nuair a chonaic an máistir é sin, dúirt sé gur an-fhear ar fad do bhí ann, agus thug sé obair dhó. Lean Gobán den obair, agus ní raibh aon fhear eile le fáil leath chomh maith leis, agus 'sé an chaoi a raibh sé ar deireadh go mba é féin an máistir. Ní raibh rud ar bith ag baint le teach ná le saoirseacht nach raibh sé i ndan a dheanamh.  Bhí sé de chail air ansin nach raibh aon tsaor san domhan chomh maith leis.



Rugtar mac an Ghobáin

Seo scéal an Ghobáin Saor agus a mhac.  Mheas Gobán gurbh é a mhac fhéin é, ach ní raibh ann ach mac altrama. Seo mar a tharla. Do bhí conaí ar Gobán fadó i Cill Gobáin, in aice le Cartún, míle ó thuaidh ó Cill Alaidh. Bhí Gobán pósta, agus bhí leanbh amháin aige, iníon.  Bhí aintiarna pagánach ina chonaí anoir aduaidh ó Choinéal rath frannaigh. Frannach mhór ab ainm do, agus Rath Frannach ab ainm dá dhún. Bhí go maith agus ní raibh go holc. Bhí Frannach pósta agus bhí naonúr mac aige. Ach ní raibh Frannach sásta.  Bhí sé ag tnúth le iníon a bheith aige. Nuair a bhí a bhean ag súil leis an deichiú leanbh do mhionnaigh Frannach "Dar Chrom! Murar rugtar iníon dom an uair seo, scoiltfidh mé thú, a bhean!".
Ghloaigh an bhean an an mbean cnáimhseach agus d'inis an scéal di. "Is olc sin", arsa an bean cnáimhseach. "ach cuimhneoidh mé air seift más mac atá ann arís" Ag an am sin leis do bhí bean an Ghobáin iompar clainne leis. Bhí saint chomh mór céanna ar mac ag an nGobán agus a bhí in iníon ag Frannach - mac chun an chéard a mhúineadh dhó. D'inis an bean cnáimhseach scéal mnaoi Frannaigh dó bhean an Gobáin. "Más rud é go rugtar iníon domhsa, agus mac do bhean Frannaigh, aistreoidh muid na páistí. Ní rachaidh an rún thar tairseach amach" Agus is mar sin a bhí. Rugadh mac do bhean Frannaigh, agus iníon do bhean Gobáin. D'iarr Frannach arbh mac nó iníon a rugadh. "Iníon" arsa an bhean cnáimhseach. Do leím sé agus do rince sé le teann atháis nó mgur thit coladh doimhin air. Le luas tintrí go chrap an bhean cnáimhseach lei mac Frannaigh agus as go brách lei chuig Béal Átha na Cloiche Duibhe chun Bá Rath Frannaigh a thrasnú. Isteach lei go teach Ghobáin i gcroílár na h-oíche, agus dáistrigh na leanaí. Thar nais lei go pras ansan chuig teach Frannaigh. Chun scéal gearr a dheanamh dé:- dfhás mac Frannaigh leis an nGobán agus a bhean, agus iníon an Ghobáin le clann Frannaigh.




Póstar mac an Ghobáin
Nuair a d'fhás an mac, ní raibh sé cosúil le Gobán chor ar bith, agus bhí Gobán i n-amhras nár leis féin é. Chuala sé caint faoi dheireadh gurbh iníon do bhí aige féin agus gur fagadh an mac seo ina h-áit. Ba mhaith leis ansin an iníon a fháil amach. agus í do phósadh leis an mac, ach ní raibh fhios aige cá raibh sí. Dúirt sé leis féin, ansin, nach raibh aon cailín sa tír ar chóir dí a bheith chomh glic lena h-iníon féin, "óir ba dúil athair dí a bheith glic", ar sé leis féin, "agus má fhaighim amach an cailín is glice sa tír is dóigh go mbeidh m'iníon féin agam innti, agus má tá sí cosúil liomsa beidh mé cinnte dhe."
Dúirt sé leis an mac gur mithid dó pósadh. Dúirt an mac go mba chuma leis. Marbh sé caora agus bhain sé an craiceann dí, agus thug dá mhac é agus dúirt leis é dhíol. "Agus ná díol le h-aon duine é ach an bean a thabhairfaidh an craiceann agus a luach duit". Dímigh an mac lá arna mhárach agus thug sé leis craiceann na caorach, agus bhí sé ag dul siar agus aniar tríd an mhargadh agus é ag fiafraidh cé bheiridh an craiceann agus a luach dó. Ní raibh na daoine ach ag magadh faoi.
Tháinig sé abhaile agus an craiceann aige agus dúirt sé leis an´athair nach bhfuair sé aon duine do bheirfidh sé dhó é.  "Caithfidh tú imeacht amárach arís" a deir an t-athair.
D'imigh sé lá arna mharach, agus bhí an scéal céanna aige, ag fiafraidh cé thabharfaidh an craiceann agus a luach dhó.
Bhí bean óg ag dul chun an tobair i gcoinne uisce, agus chonaic sí é an dá lá.  Bhí olann doar an am sin. Tháinig sí chuige anois agus dúirt sí leis go go dtabharfaidh sí an craiceann agus a luach dó. Fuair sí deimheas agus lom sí an craiceann agus thug ar ais dó é agus luach an craiceann i n-iúl leis. Tháinig sé abhaile chuig Gobán. "Cé hé a rinne an margadh sin leat?" arsa an Gobán. "Cailín óg" arsa an mac.
"An bhfuil fhios agat cá mbíonn sí ina conaí?" "M'anam go bhfuil!" arsa an mac.
Chuir an Gobán cuireadh chuichi teacht ar chuairt chuige, ach dúirt sé lei gan teacht san oíche ná sa lá, gan teacht ar an mbóthar nó tríd na pairceanna, agus gan teacht in haonar agus gan cuideachta a bheith aici.
Rinne sí seo uilig. Tháinig sí idir an dá sholas. Shiul sí ar barr na claíthe ar leath-taobh an bhóthair ar dhóigh nach raibh sí ar an mbóthar nó ins na pairceanna. Thug sí madra léi ar dhóigh nach mbeadh sí ina haonar, ach níorbh cuideachta an madra.
Bhreatnaigh Gobán uirthi, agus chonaic sé go raibh sí cosúil leis féin
Bhí an Gobán sásta, agus pósadh í leis an mac.




  Críonnacht na mná
Is iomái scéal...
is a bhí iníon an Ghobaín. Seo anois roinnt acu:-

Airgead

Nuair a pósadh mac an Ghobáin thaispean an Gobán comhra mór óir don mhnaoi óig, agus d'fhiafraigh sé di cé chomh fada a mhaireadh an méid sin airgead dóibh. "Mhairfeadh sé fada go leor," a dúirt sí, " dá mbéadh muid gan dada a bhaint as, ach dá mbéidtí ag baint as, agus gan dada a chuir leis, ní mhairfeadh sé ró fhada ar bith"

An chéad stiúir in Éirinn

Deirtear fósta go raibh sí féin agus an Gobán ar bhruach abhainn lá, agus go bhfaca siad bradán ag snámh san abhainn. "Cén ciall don iasc sin atá ann", arsa an Gobán, "bealach ar bith a bhfuil duil aige dhul, go gcasann sé a eireball an bealach eile?"
"Tá fhios agam" a deir sí: "déanann sé é sin chun é féin a stiúradh ins an uisce. Agus dá mbeadh stiúr ar deireadh bád, casadh sé an bád san slí céanna"
Níor lig an Gobán na focla sin isteach cluas amháin is amach an chluas eile. Chuaigh sé abhaile, rinne sé bád, chuir sé stiúir uirthi, agus fuair sé amach gur oibrigh sé mar adúirt an bhean.
Agus deirtear gurbh é seo an chead stiúir ar cuireadh ar bád ariamh i nÉirinn

An trí ualach

Bhí sé ina margadh idir an Gobán agus bean a mhic dá tifidh aon bhriseadh amach eatorra, go mbeidh sé sé cheart aici aon trí ualach a fháil de rud ar bith a bhí sa teach, agus é a iompar amach í fhéin.
Rugadh mac do mhac an Ghobáin is a bhean trí raithe i ndiadh an bpósadh. Bhí cion mór ag Gobán ar an mbean agus ar a gharmhac. Ach faoi dheireadh tháinig briseadh amach eatorra, mar bhíodh sí ag múineadh dlí, agus níor thaithin sin leis an nGobán - dúirt sé go gcaithfeadh sí an teach a fhagáil.
"Má chuireann tu as an teach mé, caithfidh tu do mhargadh a sheasamh liomsa," ar sise. "Seasfad", ar seisean.
Dúirt sí lena fear, "Téir ar an mbord agus gabh ar mo dhrom". Chuaigh an fear ar a drom agus d'iompar sí amach é, gur fhág sí taobh amuigh dén doras é. B'é sin an chéad ualach. Chuaigh sí isteach arís agus thug sí léi a mac. B'é sin an dara ualach. Chuaigh sí isteach arís agus thug sí léi oiread airgead is d'fhead sí iompar. Ba iad sin na trí ualach.
Nuair a chonaic Gobán an rud do bhí déannta aici dúirt sé léi dul isteach san tigh, agus nach n-abródh sé focal in aghaidh choíche.

Barr slachta ar ealíon an Ghobáin

Bhí Gobán agus a mhac ag tógail clogtheach i Maighean. Tháinig bean an mhic le bia dóibh um méan lae. D'ith Gobán agus a mhac, agus chrom siad ar an obair arís. An nós a bhí ag Gobán ag an am sin ná cloch a leagan síos agus é a thomhais lena léibhéal. Ansin chuir sé cloch eile síos. Bhí an obair sin mall. "A Ghóbáin," ar sise, " is mall an nós oibre atá agat" "An bhfuil nós níos fearr agatsa?" arsa Gobán. "Bfheidír é", ar sise. "Tomhais an dá cloch ag na cuinní, agus cuir téad eatorra. Ansin is féidir leat líne clocha a chuir eatorra" Do rinne Gobán amhlaidh, agus anois bhí sé ar a chumas cúig oiréad oibre a dhéanamh san am céanna.
Agus d'ob é sin an chéad uair a úsaid saor téad chun líne cloiche a chuir síos.




Chuir Rí Albain fíos ar Ghobán agus ar a mhac le cúirt bhreá a dheanamh dó. 'Sé an rún a bhí aige ná Gobán agus a mhac a chuir chun bás nuair a bhí an obair déannta i dtreo is nach mbeadh siad in ann cáisléan níos fearr a dhéanamh d'aon duine eile. Dúirt Gobán go rachaidh sé.

Giorraigh an bóthar

D'fhág sé an baile an lá arna mharach agus bhíodar ag siul an bóthair. Is gearr do bhíodar ar an mbóthar nuair a dúirt Gobán leis an mac an bhóthar do ghiorrú.  Thosaigh an mac ag siul go beó, chomh tapa agus d'fhead sé, ach dúirt Gobán leis ansin "Fill abhaile" agus d'fhilleadar. Bhí fhios ag Gobán go maith nár chuir an bhean aon comhairle air.
D'imiodar lá arna mhárach agus dúirt sé leis an mac arís an bóthar do ghiorrú. "Muise," ar seisean, " ní féidir liom é a ghiorrú níos fearr, tá mé ag siul chomh maith agus is féidir liom". "Fill abhaile" arsa Gobán.
Bhí fhios aige go maith nár chuir an bhean aon comhairle air. "Muise", arsa an bhean leis an mac, "Cén fáth go bhfuil sibh ag teacht abhaile?"  "Níl fhios agam," a deir an mac, " a go n-abraíonn sé liom gach lá an bhóthar a ghiorrú".
"Anois", a deir sí, "nuair a iarrfaidh sé ort amárach an bhóthar do ghiorrú, tosaigh ag insint scéal dó. Beirim comhairle eile duit anois, agus ná dearmad í,
Ná bí coíche i gcúirt nó i gcaisleán
Gan mhnaoi sa tigh a thabhairt do leithscéal"
Dúirt sí leis narbh fhéidir díobháil ar bith a theacht air chomh fada is a bhí sé i bpáirt nó i gcumann le mnáibh nó bantracht an tigh a raibh sé ann.
An triú lá ansin, nuair a thosnaíodar ag imeacht ar an mbóthar dúirt Gobán leis an mac arís an bóthar a ghiorrú. Thosaigh an mac ag innseacht scéal dó. Bhí fhios ag Gobán ansin gur chuir an bhean comhairle air, agus bhí sé sásta. Tháinig siad go hAlbain ansin. Tháinig an Rí agus d'iarr sé dhe an raibh sé chun an chúirt do dheanamh, agus dúirt Gobán go raibh. "Dean dom anois í," a deir sé, "ins an gcaoi nach mbeidh aon chúirt eile le fáil mar í."  "Deanfad," arsa Gobán.
Chuadar ag obair ansin le chéile, an t-athair agus an mac. Chuimhnigh an mac ar an gcomhairle do chuir an bean air agus bhí sé an-mhór lesi na cailiní a bhí sa teach.
Nuair a bhí an cúirt beagnach déanta acu thug Rí Albain an droch mhian ' na cheann an bheirt a marú, sa dóigh nach mbeadh cúirt eile sa domhain in-chuirthe leis. Lig sé an rún leis an bhanríon, agus lig sise lena ban óglaigh í. Níorbh fhada go raibh an rún ag mac an Ghobáin. D'inis an mac an scéal don Ghobán.
"Connigh do rún faoi do chois, is ná lig dada ort," arsa an Gobán. "Ní ligfidh," arsa an mac.
Bhí imní ar an Rí, agus é ag fiafraí gach uile tráthnóna an raibh an cúirt críochnaithe, ach dúirt siad leis i gconaí nach raibh. Tráthnóna amháim dúirt an Gobán "Níl sé críochnaithe; tá rud contráilte leis an spéile aduaidh, agus ní bheidh sé ceart choiche go bfaighidh mé uirlis atá sa mbaile agam".
"Cad é an uirlis sin?" arsa an Rí "nó cad é an t-ainm atá uirthi?"
"´Sé an t-ainm atá uirthi," arsa an Gobán "ná
Cam in aghaidh a cham, agus góth in aghaidh a ghótha."
"Cuirfidh mé teachtairí faoina dhéin" arsa an Rí.
"Ní gheobhaidh do chuid teachtairí é, nó ní bhfaigheadh daoine níos ísle ná do mhac-sa is mo mhac-sa í".
"Muise, cuirtear an bheirt anall faoina dhéin ansin" arsa an Rí. D'imigh an bheirt mhac go hÉirinn agus d' inis siad don mhnaoi cén gnóithe bhí acu. Thuig sí ar an bponc é.
"Och," ar sise, "tá sin anseo in íochtar an chómhra mhóir seo, ach ní thig liom é fháil dó. Agus ós rud é gurbh tusa is faide," a deir sí le mac Rí Albain, "feach an dtiocfadh leat í thabhairt aníos." D'oscail sí an chómhra agus chrom seisean isteach ann. Fhad is a bhí sé ag cromadh isteach agus ag cuartú an uirlis, chuir sise a lámh lena chosa agus chaith sí isteach sa chómhra é. Dhún sí an clár agus chuir sí glas air. Ansin chuir si scéala chuig Rí Albain go raibh a mhac fhéin i gchómhra mhór agus an chómhra faoi ghlas, agus go mbéadh sé ansin go fillfidh an Gobán abhaile leis an méid airgid a bhí tuillte aige. Ar chloistin sin do Rí Albain, ní dhearna sé móran moille gur chuir sé an Gobán abhaile go mbéadh a mhac saor aige arís.



Bás an Ghobáin
Bhí an Gobán ag luí ar leaba a bháis. Bhí rún amháin aige nár inis sé riamh - sé sin, cad é an adhmad ab fhearr sa choill. Chuaigh bean an mhic amach go lauth maidin amháin agus ag teacht ar ais di dúirt sí, "A Athair, chuir rí maide na coille a bheannacht chughat."
"Muise," a deir sé, " cuirim mo bheannacht chuig an chuilinn chaoin, is é nach dtug náire riamh don phlána" Bhí a fhios aici ansin agus bhí sí sásta as sin amach.
Ach fuair sí rún eile uaidh. Tháinig sí isteach lá agus dfhiafraigh an Gobán an raibh aon nuacht aici.
"Tá," ar sise,"thit droichead na hÉirne aréir." Ní féidir sin," ar seisean, "nó is mise a thóg é, agus leag mise
cad ar chaid, cad ós cionn caid, agus caid idir dhá caid"
Sin é an rún tógala a bhí sí ag lorg, agus chuaigh sí agus d'inis sí d´fhear fhéin é.
 


 Iarfhocal - cé hé an Gobán

Goibhniu an t-ainm atá air Gabha Tuatha De Danann, agus luaitear scéal leis maidir le Cath Magh Tuired a chuireann scéalta an Ghobáin maidir le foirfeacht a cheardaíocht.
Goibhniu a dhein ná cinn do Sleanna Tua de Dannan, Luchta a rinne ná crainn agus Creidne a chuir le chéile.

Bhéinn buíoch a thuilleadh eolas nó scéalta eile a fháil.

Aonghus Ó hAlmhain, Samhain 1999



Fuair mé an scéal seo sa treimhsiúchán Ambraighe nuair a bhí mé ag lorg "Gobán Saor" ar an Idirlíon. Cé gur Bobán Saor an t'ainm atá air san scéal, agus ag siúneaireacht atá sé, is leir gurbh an phearsa céanna atá i gceist.

"Chuala an Bobán lá go raibh daoine ag teacht chun cuairt air chun feiscint an raibh a chlú tuillte aige. Bhí buachaill aige a bhí ag foghlaim an céard uaidh. Dúirt sé leis: "Suí tusa síos thall ansin, is tusa Bobán inniu, agus mise do phrintiseach".
Tháinig na fir. D' fhiafraigh siad cá raibh Bobán. "Tá sé thall ansin ina luí síos" arsa Gobán. "Is mise a phrintiseach, atá ag foghlaim siúnéireacht uaidh". Ní raibh aon am ag Bobán caint leo, mar dhea.  Bhí ceann tua san bhís aige agus bhí sé ag ullmhú sáfach dhó. Bhaineadh sé roinnt den adhmad leis an phlána. Nuair a bhí críochnaithe aige chaith sé an sáfach leis an tua, agus ghreamaigh sí san ait cheart.
D'imigh na fir. "Bheul, " arsa an dara fear, "cad is dóigh leat?" "Muise," arsa an chéad fhear, "na bac leis, más féidir leis an printiseach a léithéid a dheanamh, cad a dheanadh an máistir?"
 

 



 foinsí

Fuair mé na scéalta seo ins na leabhra seo leanas

Lúann an leabhar deireanach sin na foinsí eile seo




 
 

Aonghus Ó hAlmhain 1999-11-06