 |
-
gléasadh/
éadaí a bhaint/ níochán/ fiacla a scuabadh
-
bróga/ éadaí
a cheangal agus a oscailt
-
a s(h)rón
a shéideadh
-
scian/ forc/ spúnóg/
cupán/ muga a úsáid
-
a c(h)uid giúirléidí
fhéin a aithint
-
a (h)ainm, a s(h)eoladh
agus a (h)uimhir ghutháin féin a bheith ar eolas
-
an leithreas a
úsáid gan cúnamh
Le cúnamh
uaitse, beidh tú pháiste in ann máistreacht a fháil
go héasca ar chuid mhaith de na scileanna seo. Agus gléasadh
ar siúl, lig do do pháiste rogha a dheanamh idir dhá
gheansaí/ léine/ treabhsair/ sciorta/ gúna / Bí
ag caint ar an dath a roghnaíodh agus a fáth a bhí
leis / Cuidigh le do pháiste a (h)ainm féin a aithint trína
c(h)uid éadaí a mharcáil le lipéid nó
le peann / Gríosaigh do pháiste le leas a bhaint as scian,
forc nóspúnóg agus é/í ag ithe agus
le cupán nó muga a úsáid agus é/í
ag ól.
Scileanna iad
seo a chuideoidh le do pháiste a bheith muiníneach as/aisti
fhéin agus a bheith neamhpleách. |
 |
-
Bígí
ag léamh i dteannta a chéile, scéalta simplí
le cló mór agus pictiúirí daite más
féidir
-
Bí ag casadh
amhráin agus ag rá rannta le do pháiste
-
Gabh ag siopadóireacht
in éineacht
-
Bíodh do
pháiste ag cuidiú leat agus sibh ag déanamh liosta
de na nithe atá le ceannach agus déanadh sé/sí
a liosta féin
-
tabhair roinnt
airgid do do pháiste leis na nithe atá ar a liosta seisean/
sise a cheannach
-
bí cúramach
faoi áiteanna trasnaíle marcáilte a úsáid
agus sibh ag trasnú an bhóthair
-
nuair nach bhfuil
áit trasnaíle marcáilte ar fáil, trasnaigh
an bóthar i bhfad ó charranna parcáilte, cúinní
etc.
-
iarr ar do pháiste
a bheith i bpáirt leat agus tú ag réiteach bia agus
bí ag caint ar a bhfuil ar siúl agaibh
-
gríosaigh
do pháiste le bheith ag spraoi le huisce, sa bhfolcadh, ag níochán
soithí etc.
-
gríosaigh
do pháiste le bheith ag spraoi taobh amuigh agus le bheith ag cuidiú
leat sa gháirdín
-
má tá
tú in ann gaineamh a chur ar fáil sa gháirdín
nó in áit eicint eile, gríosaigh do pháiste
le bheith ag spraoi leis
-
bígí
ag comhrá lena chéile, éist lena bhfuil le rá
ag do pháiste agus gríosaigh é/í le héisteacht
leatsa
-
bíodh do
pháiste páirteach in imeachtaí laethúla ar
nós glanadh suas, bord a leagan etc.
-
tabhair do pháiste
leat le cuairt a thabhairt ar chairde a bhfuil páistí den
aois chéanna acu agus iarr orthusan cuairt a thabhairt oraibhse
Gníomhaíochtaí
luachmhara iad seo a chothóidh caidreamh maith idir pháiste
agus tuismitheoir. Cuimhnigh gur annamh a bheas na deiseanna sin arís
agat. |
 |
| Féadfaidh
tú cuidiú le foghlaim do pháiste trí é/í
a bheith rannpháirteach i do chuid imeachtaí laethúla;
bí ag comhrá leo faoina bhfuil ar siúl agaibh; tarraing
aird ar a dtimpeallacht; comhairaigh na busanna, na trucail agus iad ag
dul thar bráid; pléigh dathanna, cruthanna, méid,
ainmneacha, uimhreacha leo. Tarraing aird ar thithe, ar shiopaí
agus ar fhoirgnimh éagsúla, gríosaigh iad lena dtimpeallacht
láithreach a thabhairt faoi deara agus na hathraithe laethúla,
seachtainiúla nó séasúrtha a thagann uirthi.
Cuid lárnach d'fhoghlaim do pháiste í seo agus cothóidh
sé dearfacht sa chaidreamh eadraibh chomh maith.
Ta an taithí
saoil a chuireann tú ar fáil do do pháiste sa bhaile
rí-luachmhar agus cuidíonn siad le scileanna smaointe agus
réasúnaíochta do pháiste a leathnú -
rud a chothaíonn muinín iontu as a gcumas féin agus
a chuireann ar a gcumas meabhar a bhaint as a dtimpeallacht. |
| If
you require a printed version of the above leaflet please email
us.
Back
to top |