An Tráchtálaí SalainnScéal ón tSean-Éigipt. |
Tráchtálaí salainn sa tSean-Éigipt, is ea an 'saechtaí'.
Bhí saechtaí bocht ann, fadó, agus fear lách cineálta ab ea é, a d'oibrigh chomh saothrach soláthrach
le duine ar bith ariamh.
Bhí sé ina chónaí in aice le machaire salainn, agus gach maidin d'ualaíodh sé a asal le cliabh lán le salann ar ghach aon taobh den diallait. Ansin, thiománadh sé an t-asal go margadh na cathrach móire, áit ina ndíoladh sé an salann. Ní raibh sé saibhir, ach le neart oibre ar feadh lae fhada, d'éirigh leis an tsaechtaí a theaghlach a choinneáil beo. Thug a ghnáthbhealach ar chosán caol é, eadar canáil agus pairc chruithneachta ar imeall eastáit mhóir. Riar seirbhíseach darbh ainm Tahutaí-neicht an t-eastát ar son an té ar leis é. Cé nach raibh i dTahutaí-neicht ach maor talamhan, chuir sé é féin i mborr le bród, agus bhí sé chomh mórtasach mórchúiseach postamhail is go samhalfá gur máighstir iomlán ghleann na Níle é. Chonaic sé an saechtaí ag tiomáint a asail, agus duirt Tahutaí-neicht leis fhéin: "Tagann sé thart gach uile lá, agus ní bhfuair mé pingin ruadh uaidh go fóill!" Smaoinigh sé ar seift chun airgead a bhaint den tsaechtaí bocht. Chaith sé a a chlóca trasna an chosáin, ó thaobh go taobh, sa dóigh is go raibh cuid de ina luidhe in uisce na canála, agus cuid eile de sa phairc chruithneachta. Seo chuige an saechtaí, agus ní raibh le déanamh aige ach an t-asal a thiomáint trasna an chlóca. "Fán!" arsa Tahutaí-neicht. "Níl tú ar tí an beathach sin a thiomáint trasna mo chlóca, an bhfuil?" Chonaic an saechtaí gur duine mórluachach é an fear seo, agus d'fhreagair sé, "Rachfaidh mé timcheall." Ach ar a thiontú an asail i dtreo na pairce dó, labhair Tahutaí-neicht arís: "Tá tú chun an chruithneacht a leagan, mar sin?" D'fhan an saechtaí go socair stuamdha. "Ach tá an clóca ina luidhe sa bhealach orm, a thighearna. Mura bhfuil cead agam dul trasna an chlóca, ná timcheall air, is dócha go gcaithfidh mé a dhul siar, mura shocraigheann tú, a thighearna, an clóca a bhaint den chosán." Lig Tahutaí-neicht air nár chuala sé masla níba mheasa aríamh. "Luighfidh an clóca ann a fhad agus is mian liom; ní ghlacfaidh mé orduithe ó thiománaí asail! Maidir le dul siar ..." Go direach ansin, tharla gur ith an t-asal greim den chruithneacht ghlas úr. "A ghadaí!" a scairt Tahutaí-neicht. "Sin an mullach ar an mhaslacht!" agus d'ordaigh sé a ghiollaí an t-asal a ghabháil. D'iarr agus d'impigh agus d'achainigh an saechtaí bocht, ach d'ordaigh Tahutaí-neicht a chaitheamh isteach sa chanáil. Ba shin buille na tubaiste don tsaechtaí, agus tháinig racht feirge air. Fuar agus fliuch san uisce salach mar a bhí sé, scairt sé os ard, agus Tahutaí-neicht ag imeacht leis an asal: "Níl sé cóir ná ceart a leithéid de drochíde a thabhairt dom! B'fhéidir nach bhfuil ionam ach tráchtálaí salainn, ach beidh díoltas agam! Tabharfaidh tú mo cheart dom!" Níor thug an maor talamhan aon aird dó, ach bhuail na giollaí go trom é. Ba bhreitheamh cumhachtach i gcúirt an Fháró é, an tighearna talamhan. An Tighearna Mearuiteansa an teideal a bhí air. Bhí cáil ar Mhearuiteansa as a bheith cruaidh agus míthrócaireach le coirpigh . Chuala an saechtaí scéalta fá thabhairt pionóis uathbhásaigh do ghadaithe, agus thug sé sin misneach agus dóchas don fhear bocht. Shocraigh sé a dhul go cúirt Mhearuiteansa agus breitheamhnas a lorg fá choinne fhilleadh an asail. Ach nuair a shroich sé cúirt Mhearuiteansa, bhí sí lán go doras agus thairis. Bhí an foirgneamh plódaithe le daoine a bhí ag súil le héisteacht ón bhreitheamh; agus bhí liosta fada gearán ag gach aon duine acu le réiteach. "Ní fheadar," a duirt an saechtaí leis fhéin, "go bhfuil cúrsaí an tsaoil chomh dona seo san Aegipt?" Mar a tharla, is amhlaidh nach raibh cúrsaí an tsaoil ró-mhaith san Aegipt, ach thug an saechtaí fá deara go raibh cuid mhaith de na gearánaigh ag insint bréag. Uaireanta ní raibh iontu ach bréaga beaga, le claonadh deas a thabhairt don scéal. Ach uaireanta eile, chas an saechtaí ar dhaoine a bhí ag insint bréag ó thús go deireadh. Chuir an radharc sin isteach ar an tráchtálaí bocht salainn go mór. "Ach má insigheann gach aon duine bréaga sa chúirt, cé a chreidfidh fear ionraic?" Smaoinigh sé ar an cheist sin arís agus arís eile. "Is dócha gurb é bun is barr an scéil ná go bhfuil muid ag brath ar eagna an bhreithimh Mearuiteansa." Ach ní labhraitear go díreach leis an bhreitheamh. Bhí an uile shaghas duine le feiceáil ar dtús: comhairleoirí, dligheadóirí, oifigeoirí, agus níl a fhios agam cé eile. Cuid acu, ní raibh suim ar bith acu sa scéal, agus ní raibh an aithris gan stad furasta don tsaechtaí. Ach bhí a cheart uaidh, bhí a asal de dhíth air agus bhí muinín aige as an bhreitheamh. Fá dheireadh, tháinig a lá sa chúirt. Agus é ag fanacht ar a sheal, d'éist sé le fear eile a bhí ag caint os comhair na cúirte. Bhí aithne ag an tsaechtaí air, agus bhí a fhios aige nach raibh an fear ag insint bréag. Ach fad is a bhí sé ag caint, d'fhán sé a shúile ar a chosa. D'iarr an Tighearna Mearuiteansa air labhairt os ard. Nuair a tháinig an breitheamhnas, ba in éadan an fhir é, agus d'fhag an fear an chúirt gan aon ní. Shíl an saechtaí, "Caithfidh mé a labhairt go maith. Ní leor muinín in eagna an bhreithimh," agus nuair a thainig an deis labhartha leis, sheas sé go ceann-ard, agus chuir sé a chúis go soiléir. Mhínigh sé fán mhaor talamhan, agus fán chlóca ar an chosán. D'inis sé fá ghabháil a asail, agus fán bhualadh a fuair sé ó ghiollaí an mhaoir talamhan. Ba é an rud ab fhearr fán oiread uair a d'inis sé a scéal ná go raibh insint mhaith aige air, fán am seo. Níor thug an Tighearna a bhreitheamhnas ar an bhall, ach d'iarr sé ar an tsaechtaí filleadh, an lá ina dhiaidh sin. Duirt Mearuiteansa leis an Fháró, an trathnóna sin: "Bhí saechtaí sa chúirt indiugh, agus ní raibh a fhios agam cad ba chóir domh a dhéanamh fána chás. Rinne sé gearán ar dhuine de mo shearbhontaí fhéin, agus de ghnáth, chuirfeadh sé sin fearg orm. Ach labhair an saechtaí go maith. Tá an oiread sin daoine ann atá ag insint bréag, ach níl mé cinnte má tá an fear seo ag insint bréag nó ag insint na firinne." Duirt an Fáró: "Mar sin, cuir tástáil air. Ach soláthair dá mhuirín. Rinne an fear gearán, agus bheadh coinne aige le tástáil, ach ná bíodh a theaghlach thíos leis." Mar sin, sholáthair Mearuiteansa don mhuirín, i nganfhios doibh. Lá arna mhárach, tháinig an saechtaí ar ais, agus chaith gardaí an Tighearna amach as an chúirt é, agus bhí siad sách garbh leis. Tháinig an saechtaí ar ais arís, an lá ina dhiaidh sin, agus fuair sé an droch-úsáid chéadna óna gardaí. Tháinig an saechtaí ar ais ar an tríú lá agus ar an cheathrú lá, leis an toradh céadna. Ach bhí muinín ag an tsaechtaí ina chúis. Má tá duine mórluachach cumhachtach fhéin, níor cheart go mbeadh sé ag goid ó na boicht. Rachfaidh mé ann amárach agus arú amárach, agus gheobhfaidh mé an ceart." Chuaigh sé ar ais ar an cúigú lá, agus an séú, agus an seachtú lá; chaith na gardaí amach é gach uile uair. Chaith siad amach é ocht uair i ndiaidh a chéile, agus bhí an saechtaí i mbéal an éadóchais Ní raibh a asal aige. Gan asal, gan obair. Gan obair, gan ithe. Chinn sé go rachadh sé ar ais uair amháin eile, agus dá dteipfeadh sé, d'éireoidh sé as. Ach ar an naoú lá, nuair a tháinig an saechtaí isteach sa chúirt, bhí Mearuiteansa cinnte, fá dheireadh thiar thall, go raibh an saechtaí ag insint na firinne. "Ní bheadh bréagadóir chomh daingean diongbháilte," ar sé leis fhéin. Shéas sé suas, agus duirt an Tighearna go mbainfí a theideal, a phost agus a chumhacht den mhaor talamhan, Tahutaí-neicht. Ina áit sin, thug sé don tsaechtaí iad, an saechtaí a chruthaigh a dhílseacht don cheart. D'fhan an saechtaí le Mearuiteansa go ceann i bhfad. D'fhás a cháil mar dhuine cóir cothrom, agus i ndiaidh tamaill rinne an Fáró comhairleoir de. Agus an t-asal? D'fhan sé go sona sásta ag ithe féir i bpairc an Fháró go deireadh a shaoil fhada. Ar mhaith leat foghlaim fán tSeán-Éigiptis? Tá eolas fá dtaobh dí ar PhanuNet
|