Scoil Lúbán Díge


Lúbán Díge, Contae an Chláir, Éire

Bodyke National School


Bodyke, County Clare, Ireland
Home > Our School > Dráma

Dráma • Drama

An Goile Mór

Dráma bunaithe ar obair ranga.

Freastalaí

Dia dhaoibh, a chairde.
Is mise Darren, bhur freastalaí don oíche anocht.

Mícheál Ba mhaith linn bord do bheirt, más é do thoil é.
Freastalaí Cinnte. An treo seo.
Orla Ba mhaith linn an biachlár a fheiceáil.
Freastalaí Seo dhaoibh.
Orla Fan go bhfeicfimid.
Mícheál

Cúrsa tosaigh
Anraith
Paté le arán tíortha
Sailéad

Orla

Príomhchúrsa
Burgar agus scallóga
Sicín le glasraí
Pasta le anlann trátaí

Mícheál

Milseog
Cáca seacláide
Uachtar reoite
Pióg bhanana

Freastalaí Ar mhaith libh béile a ordú?
Orla

Ba mhaith liomsa sailéad don phríomhchúrsa, agus burgar, más é do thoil é.

Mícheál

Beidh anraith agamsa ar dtús.
Don phríomhchúrsa ba mhaith liom sicín le glasraí.

Freastalaí Ar mhaith libh deoch leis an mbéile?
Orla Beidh gloine bainne agamsa.
Mícheál Ba mhaith liomsa gloine uisce, más é do thoil é.
Freastalaí Beidh mé ar ais láithreach.
Freastalaí

Seo dhaoibh an cúrsa tosaigh, a cháirde.
Go mbaine sibh taitneamh as.

Mícheál A fhreatalaí, tá cuileog i mo anraith!
Freastalaí

Tá brón orm, a dhuine uasail.
Gheobhaidh mé anraith eile duit.

Mícheál Tá seo níos fearr.
Freastalaí

Anois, a chairde, seo dhaoibh an príomhchúrsa.
Go mbaine sibh taitneamh as.

Orla Seo béile an-deas.
Mícheál An-deas ar fad. Is breá liom sicín.
Freastalaí Bhuel, a chairde, conas atá an béile?
Orla Ar fheabhas, go raibh maith agat.
Freastalaí An bhfuil milseog uaibh?
Mícheál

Ba mhaith liomsa pióg bhanana. Beidh cupán tae agam freisin, más é do thoil é.

Orla

Is dócha go mbeidh cáca seacláide agamsa, le huachtar.

Freastalaí Beidh sé réidh faoi cheann nóiméad.
Freastalaí Seo dhaoibh na milseoga, a chairde.
Mícheál

Tá cuma álainn orthu. Go raibh maith agat.

Orla Go raibh míle maith agat.
Freastalaí

Tá fáilte romhat.

Mícheál

Bhí sé sin go deas.
Tá mé lán anois.

Orla Tabhair dúinn an bille, más é do thoil é.
Freastalaí Caoga euro, más é bhur dtoil é.
Orla Seo duit, agus seo cúig euro sa bhreis.
Freastalaí

Go raibh míle maith agaibh.
Oíche mhaith agaibh.

Mícheál Fillfimid arís go dtí An Goile Mór!
Contact us.
Copyright Bodyke N.S. 2007.