Ár Scoil
|
Osclaíodh an scoil i 1936. Tháinig gach páiste as Ráth Cairn. Shiúil siad ar fad chuig an scoil. Bhí beirt mhúinteoir ag múineadh ann, fear agus bean chéile, Seán Ó Coisdealbha agus Íne Bean Uí Choisdealbha. Bhí ceithre rang an duine acu. Bhí clós do bhuachaillí amháin agus clós do chailíní amháin. Bhí trí sheomra ranga sa scoil. Bhí tine lasta gach maidin. Ní raibh aon leithreas sa scoil ach bhí ceann tirim ag bun an chlóis. Bhí an-suim ag Bean Uí Choisdealbha sa gceol agus go háirid in amhránaíocht ar an sean-nós. Ghlac na páistí pairt i gcomórtaisí amhránaíochta, rince gaelach agus scéalaíocht. De réir a chéile, tháinig páistí uaidh na ceantracha timpeall chuig an scoil. D'fhág Seán Ó Coisdealbha sa mbliain 1964. Tháinig príomhoide nua, Niall Mac Suibhne. D'fhág seisean an scoil i 2001. Tá Mairéad Ní Cheallaigh ina príomhoide ó shin. |
Baile Ceol Ealaín Dánta Ár n-Uirlisí Ceoil Eolaíocht
Déanadh uasdátú ar an suíomh seo ar an 06/06/05