Na Feithidí
Bhí damhán alla lá
Ag suí síos ina theach,
Ní raibh an ghrian ag taitneamh,
Agus níor mhaith leis dul amach.
Bhí an phéist faoin talamh
Agus é ag cuardach bia,
Ní fhaca an préachán é
Buíochas le Dia!
Bhí seilide ar an gcrann
Ag dul timpeall go mall
Ag cuardach rudaí deasa
Dá chara a bhí le teacht ar ball.
Na feithidí go léir
Ina dtithe nó taobh amuigh,
Ag déanamh a rúdaí féin
Gan smaoineamh ná buairt ar bith!
Rachel