Baile

Nuacht

Beathaisnéis

Pictiúir

English Version

Ordaigh an  CD
Ord Reatha an CD
Liricí
Altanna & Léirmheasanna
Nascanna
Eibhlín Bn. Mhic Coistealbha & Amhráin Mhuighe Seóla
Teagmháil

Bríd Dooley

Is amhránaí go bhfuil aithne forleathana uirthi í Bríd Dooley ó thuaisceart na Gaillimhe. Amhránaíocht thraidisiúnta is mó a chleachtann sí cé go raibh baint aici le tógraí éagsúla. Is measc na taifeadaí a bhfuil sí le cloisteáil orthu tá: ‘Mirth Making Heroes’ leis an ngrúpa ‘At the Racket’, dlúthdhiosca d’amhráin an chumadóra Francis Fahy, ‘The Ould Plaid Shawl’ agus an dlúthcheirnín de chuid na ‘Saw Doctors’, ‘Same Old Town’. Chaith Bríd blianta i Londain agus is ann a bhuail sí agus a chas sí le ceoltóirí na cathrach sin, Jacqueline McCarthy agus a muintir ina measc.
Oibríonn Bríd le RTÉ i nDomhnach Broc i mBáile Átha Cliath mar bhainisteoir ar leabharlann agus ar chartlann na teilifíse.
Áine Sheridan

Is as Baile an Mhuilinn i gceantar Mhaigh Seola í Áine Sheridan. Tá amhrán faoi ghaol de chuid Áine in ‘Amhráin Mhuighe Seóla’ agus dá bhrí sin tá cur amach aici ar an mbailiúchán le blianta fada. Bhí suim ag Áine sa cheol agus san amhránaíocht agus mheas sí gur chóir suim phobal thuaisceart na Gaillimhe a athmhúscailt ins na hamhráin a bailíodh sa cheantar i dtosach an chéid seo caite. Bhunaigh sí, chuige sin, in aonacht le Bríd Dooley an grúpa Maigh Seola. Seinneann sí an chruit leis an ngrúpa agus deireann sí cúpla amhrán leo ina theannta sin.

Liz Barry


Is céimí ceoil de chuid Ollscoile Chorcaí í Liz Barry a sheinneann an dordveidhil le Maigh Seola. Is ball í den ‘Oriel String Quartet’ í, chomh maith le bheith ina ball de Chór Chois Cladaigh. Múineann sí an dordveidhil agus agus is minic sa stiúdió í i mbun taifeadtha le ceoltóirí agus amhránaithe éagsúla.

 

Jacqueline McCarthy
Is i Londain a rugadh agus a tógadh Jacqueline McCarthy. Ba as contae an Chláir a d’eascair a muintir a thóg an ‘bád bán’ go Sasanna sna caogadaí. Bhí an ceol ina timpeall ina hóige, nuathair, dob é an píobaire agus ceoltóir consairtín, Tommy McCarthy a hathair. Sheinn Jacqueline le mórán de loachra móra an cheoil a mhair i Londain sna seachtóidí. Tá an domhan siúlta aici i mbun ceoil lena muintir féin agus lena céile, an píobaire Déiseach, Tommy Keane. D’eisigh sí dlúthcheirnín aonair sa bhliain 1999 faoin dteideal ‘The Hidden Note’.
Patricia Kelly
Tá céim sa cheol ag Patricia, a sheinneann an veidhlín agus an piano. Cé gur sa cheol clasaiceach atá a cuid dintiúirí aici tá sí chomh cumasach céanna sa cheol traidisiúnta. Saothraíonn Patricia a cuid ón gceol, á mhúineadh, mar aoi -cheoltóir ar dhlúthdhioscaí éagsúla agus mar bhall den ‘Oriel String Quartet’.
Caoimhín Ó Sé
Is ó cheantar Chorca Dhuibhne i gCiarraí é Caoimhín ó dhúchas. Bhí sé d’áth air freastal ar bhunscoil ina raibh suim ag na múinteoirí sa cheol agus sna hamhráin. Bhí an ceol agus na hamhráin le clos sa bhaile chomh maith aige. Tá sé ina chónaí in aice le cathair na Gaillimhe. Thaisteal sé go tíortha i gcéin agus é i  mbun ceoil le ceoltóirí éagsúla ó cheantar Chonamara. Cuireann sé an clár ceoil ‘Béal Maidine’ i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach aon mhaidin Dé Sathairn. Seinneann sé feadóga agus deireann sé cúpla amhrán leis an ngrúpa.

 

Go barr an leathanaigh

 
[ Read / Sign my guestbook ]
Get a free Guestbook