|
|

|
|
|
|
|
|
|||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||
|
|
||||||||||||||

|
Is
tré Chonradh na Gaeilge a thug sí cuairt ar Thuaim Dhá Ghualainn i
nContae na Gaillimhe an chéad lá. D’fhág sí slán ag a baile agus ag
a cairde i Londain i 1903 chun post múinteoireachta a thógáil i
gClochar na Toirbhirte i dTuaim. Is sa scoil seo a casadh bean eile den
scoth uirthi, An tSiúir Fursa. Ba d’Ord na Toirbhirte í Fursa a raibh
an-chur amach aici ar an gceol Gaelach agus a bhí ina cúnamh di chun na
hamhráin a bhailiú. D’iompaigh
Edith ina Caitliceach agus thug sí Eibhlín mar ainm uirthi féin. Phós
sí an dochtúir áitiúil, Thomas Bodkin Costello,
a raibh suim aige féin in athbheochaint na Gaeilge. D’fhan Eibhlín
gníomhach i ngluaiseacht na hathbheochana ar feadh a saoil ina dhiaidh
sin. Théadh
sí i bhfochair a céile agus é ar chamchuairtí le linn a chuid oibre dó
mar dhochtúir agus is sa tslí seo a chnuasaigh sí na hamhráin a foilsíodh
in eagrán de The Irish Folk Song Society Journal i 1919 agus ansin
ina dhiaidh sin sa bhliain 1923 in Amhráin Mhuighe Seóla. Bronnadh
saol fada, bisiúil uirthi, saol a chaith sí ag obair agus ag agóidíocht
ar mhaithe le ceisteanna sóisialta. D’éag sí sa bhliain 1962.
Tá gach aon
saghas amhráin sa bhailiúchán, ón amhrán grá go dtí’n caoineadh
agus ón amhrán seoigh go dtí’n amhrán saothair. Is leaganacha iad
cuid de na hamhráin sa bhailiúcháin d’amhráin a bhfuil cur amach fúthu
ar fud na tíre. Maidir le cuid eile acu is amhráin iad nach gcloistear
taobh amuigh de cheantar Mhaigh Seola iad. Is seod oidhreachta é an bailiúchán amhrán seo a bhronn Eibhlín Bn. Mhic Coistealbha orainn. Bhí sé d’áth orainn gur éirigh léi na hamhráin seo a bhailiú sular imíodar as cuimhne na ndaoine. Deir Eibhlín féin linn go raibh pioc den áth uirthi go dtáinig sí ar…. ‘rich field of song, practically untouched but in imminent danger of being lost through indifference and neglect.’
|
| [ Read / Sign my guestbook ] |
| Get a free Guestbook |