Baile

Nuacht

Beathaisnéis

Pictiúir

English Version

Ordaigh an  CD
Ord Reatha an CD
Liricí
Altanna & Léirmheasanna
Nascanna
Eibhlín Bn. Mhic Coistealbha & Amhráin Mhuighe Seóla
Teagmháil

Rian 1 Taobh Thall De Chlaí na Teorann

Taobh thall de chlaí na teorann
‘S ea chónaíonn sí mo ghrá
Tá braon den fhuil ar fónamh inti
An dólás de mo chroí
Ach mise a bheith i Sasana
Agus ise a bheith ‘sa Spáinn
‘S go n-éalóinn i mo léine
Le péarla an bhrollaigh bháin

Is trua gan mé im’ mhairnéalach
Nó im’ chaptaen ar loing
Nó im’ phósaí bhreá ghléigeal
Ar bharr na Maigh Slinn’
Phógfainn í agus bhréagfainn í
‘S í péarla an chúil doinn
‘S a Thiarna! Nach deas an féirín í
Dá n-éalódh sí liom

Do gheall mo ghrá spré dom
Céad agus míle bó
Agus do gheall sí ina dhiaidh sin
Go ndéanfadh sí dom teach mór
Na ba a bheith ag géimnigh
‘S na laonna a bheith ag diúl
‘S a phéarla an bhrollaigh ghléigil
Is leatsa a lig mé mo rún

Nuair a éiríonn an ghealach
‘S ea scarann an ghrian
‘S bliain agus an lá amárach
A bhí mé ag siúl na ngleannta siar.
‘S é a d’iarrfainn ar Rí an Domhnaigh
Muna mairfinn beo ach mí
Í a sheoladh oíche ar lóistín
Ar urlár mo thí.

Is é an claí teorann a sheasann idir dhá ghabháltas talún atá i gceist insan amhrán grá seo.

 

Rian 2 Suantraí

Seoithín, Seothó, mo stór é mo leanbh
Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mhór
Seoithín, Seothó, nach mór é an taitneamh
Mo stóirín ‘na leaba, ‘na chodladh gan bhrón.
A leanbh mo chléibhe, go n-éirí do chodladh leat
Séad agus sonas a choíche id’ chomhair
Seo beannacht mhic Dé, agus téagair do bhuime leat
Téigh a chodladh gan bhíog go ló.

  Ar mhullach an tSí tá síogaí geala
Fá chaoin ré an earraigh, ag imirt a spórt.
‘S seo iad aniar chun glaoch ar mo leanbh
Ag iarraidh é a mhealladh isteach ‘san lios mór
Goirm thú a chroí, ní bhfaighidh siad do mhealladh
Le brí a gcleas ná le binneas a gceol
Tá mise led’ thaobh, ag guí ort na mbeannacht
Seoithín, a leanbh, ní imeoidh tú leo.

Seoithín…

Os comhair mo laoich, go miochair ceanúil
Tá dil-rosc aingeal ag faire ‘na  threo
Le mórghrá dian, ag iarraidh é a mhealladh
Mar b’aoibhinn dá bhflaitheas dá rachadh sé leo
A leanbh mo chroí, luigh síos i do leaba
Le taobh do mhamaí, ‘s ea fhanfair go fóill
Ní mór ‘gam mo Dhia mo shiamsa ‘gus m’aiteas,
Mo Ríocht ar an talamh i dteannta mo bhróid.

Seoithín…

Suantraí é seo atá fós i mbéal an phobail i dTuaisceart na Gaillimhe. Óna hathair, Jimmy Dooley, nach maireann, a fuair Bríd é. Ba é tuairim Bean Mhic Choistealbha gurbh é T. O’Kelly, Ollamh i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (Ollscoil Éireann, Gaillimh sa lá atá inniu ann) a chum na focail.

Rian 3 An Raicín Álainn

Bhí mé lá breá gréine ‘s mé ag dul an ród seo siar
Casadh cailín óg orm ‘s í ag sniogadh na mbó cois chlaí
Beirim-se féin mo mhóid agat ’s a rós a bhí ina haghaidh
Ghluais-is tharam go hEochaill ag baint an fhómhair bhuí.

Bhí mé glic go leor leis an spórt a chur chun cinn
Chuaigh muid go tigh an óil le ré, is docha gur shuigh muid síos
Bhí punch ‘s fíon ar bord againn, ach is ormsa a bhí é a íoc
‘S gur imigh sé síos an bóthar uaim ’s mo raicín ina phóca thiar.

“ ‘S nach brónach an bhean go lá mé, a stóirín ó?” a dúirt sí
“Ní dhéanfaidh mé súgradh ná gáire nó go dté sé an ród seo arís
Tá an ghruaig ag titim ina dualtaibh uaim ‘s gan ceo agam a réiteoidh í
Ó chaill mé an raicín álainn a bhí go hard ar chúl mo chinn.”

“Rachaidh sé an ród seo amárach agus cuir céad fáilte faoi,
Socraigh cathaoir chláir dó go hard ar lár an tí
Bain a hata dá cheann agus ná bíodh cás ná náire ort faoi
Nó go bhfaighidh tú an raicín álainn a bhíodh go hard ar chúl mo chinn.”

San amhrán seo buaileann an cailín óg le fear ar an mbóthar tré chinniúint. Téann siad chun na tábhairne, áit a mbaineann siad taitneamh as an tráthnóna. Bailíonn an fear leis, más ea, ‘raicín álainn’ an chailín ina phóca thíos aige. Fágtar an cailín gan ‘raicín’ agus go haonaránach ina dhiaidh.

Rian 5 Slán agus Beannacht 

One morning in June agus mé ag dul ag spaisteoireacht,
Casadh liom cailín ‘s ba ró-dheas a gnaoi,
She was so handsome, go dtiteas i ngrá léi,
‘S d’fhág sí siúd arraing trí cheartlár mo chroí.
I axed her her name, ‘Nó cad é an ruaig bheannaithe,
A chas ins an áit tú, a ghrá geal mo chroí?
My heart it will break, if you don’t come along with me,
Slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil.’

‘Maise, cailín beag óg mé, ó cheantar na farraige,
Agus tógadh go cneasta mé i dtosach mo shaoil,
I being so airy, is é siúd ba chleachtadh liom,
Which made my own parents and me disagree.’
‘Mhaise, a chuisle, ‘s a stór, dá n-éisteofá tamall liom,
A story I’d tell you, a thaitneodh led’ chroí,
That I’m a young man who’s doughtily in love with you,
Surely my heart is from roguery free.’

‘Era go you bold rogue, sure you’re wanting to pláter me,
B’fhearr éan ar an lámh ná dhá éan ar an gcraobh.
I have neither wheat, potatoes, nor anything,
Ná fiú an phluid leapan a bheadh tharainn san oíche.’
‘Ceannóidh mé tae duit, ‘is gléas maith in aice sin,
Gún’ English cotton den bhfaisean atá daor,
So powder your hair, love, and come away long with me,
Slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil.’

‘There’s an ale-house nearby, agus beimid go maidin ann,
If you are satisfied, a ghrá geal mo chroí,
Early next morning we’ll send for a clergyman,
Agus beimidne ceangailte i ngan fhios don tsaol.’
‘Ó beimid ag ól faid a mhairfidh an t-airgead,
And then we will take the road home with all speed,
When the reckoning is paid, sure, who cares for the landlady?’
‘Slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil.’

Amhrán é seo a fhaightear go forleathan ar fud na tíre. Is amhrán Macarónach é a bhfuil flúirse díobh le fáil i gCúige Mumhan ach atá neamhghnáthach i gConnacht. Is é seo an t-aon amhrán Macarónach a bhailigh Bean Mhic Coistealbha. Is ó Martin Burke as Tuaim Dhá Ghualainn a fuair sí é.
Amhrán grinn é seo faoin ngrá agus faoi bheirt a bheith ag éalú le chéile. Geallann an fear óg gach sórt ní don chailín ionas go bhfágfaidh sí, ‘slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil.’

 

Rian 6 Brídín Bhéasaigh

Do phósfainn Brídín Bhéasaigh, gan chóta, bróg ná léine,
A stór mo chroí, dá mb’fhéidir liom do throiscfinn duit naoi dtráth,
Gan bhia, gan deoch, gan aon chuid, ar oileán i Loch Éirne,
D’fhonn mé agus tú ‘bheith in éineacht go réiteoimis ár gcás.
Do ghruaig ar dhath na gcaorthann, a chuaichín bharr an t-sléibhe
Do ghealladh ná déan bréagach, ach éirigh leis an lá
‘S in ainneoin dlí na cléire, go dtógfainn tú mar chéile
‘S a Dhia, nár deas an scéal sin, duine ag ealú lena ghrá

  Do gheit mo chroí le buaireamh agus scanraíodh mé naoi n-uaire
An mhaidin úd do chuala mé nach raibh tú romham le fáil
‘S a liacht lá faoi shuairceas, chaith mise ‘s tú in uaigneas
Gan neart ar bith dár gcumhdach ach an crúiscín ‘s é ar an gclár.
Dá bhfaighinn amach do thuairisc, dá dtéifeá go bonn cruaiche
Rachadh an scéal ró-chrua orm, nó leanfainn do mo ghrá
‘S go mb’fhearr liom sínte suas leat, ‘s gan fúinn ach fraoch ’s luachair
Ná ‘bheith ag éisteacht leis an cuachaibh, ‘bhíonn ag siúl ag éirí lá,

‘S é ábhar m’osna ‘s m’ éagaoin, gach maidin mhoch dá n-éirím
A chúil na lúb ‘s na bpéarlaí, nach tú bhí dom i ndán
‘S ní iarrfainn leat mar fhéirín, ach me ’s tú bheith in éineacht
In áit éigin ‘nár n-aonar, go leagfainn ort mo lámh.
Sheinfinn ceol ar théadaibh, go binn le barr mo mhéire,
Do thréigfinn mná na h-Éireann duit, ‘s leanfainn tú ‘san tsnámh.
‘S dá mbeinn im’ rí na Gréige, nó im’ phrionsa ar na céadtaibh
Do bhéarfainn suas an méid sin do phéarla an bhrollaigh bháin.

Amhrán grá de chuid Raifteirí, an file.

 

Rian 7 The Green Autumn Stubble

When stubble lands were greening
You came among the stooks,
And grace was in your feet then
And love was in your looks
In your cheeks the rose grew redder
And your hair in clusters lay
And I would be lived together
Or together slip away.

I had a dream on Wednesday
That bitter was the frost
And I saw my love lamenting
At dawn that I was lost
Me thought I came beside her
And held her tenderly
And all Éirinn (Ireland) defied then
To part my love and me.

My curse on him is spoken
Who keeps my love from me
And swears that to our courting
He never will agree
For though skies should send the deluge
Or the snowy north its flakes
We two could live as pleasant
As the swans upon the lake

The seagull’s heart is merry
When the fish is in its beak
And the eel within Lough Erne
Can swim from creek to creek
And I spoke tripping Gaelic
And merry songs I’ve sung
But now my wits are crazy
And leaden is my tongue

Ghabh Bean Mhic Choistealbha buíochas sa bhliain 1918 agus ‘Amhráin Mhuighe Seóla’ á chur i gcló leo siúd a d’aistrigh na hamhráin go Béarla. Ghabh sí buíochas ach go háirithe le Déan Mhaigh Nuad, Malachy Eaton agus a fhoireann cuiditheoirí. Is mar ómós don Déan agus a chuiditheoirí ainaithnide a deirtear an t-amhrán seo mar a d’aistrigh siad é beagnach céad bliain ó shin.

 

Rian 8 Thugamar Féin an Samhradh Linn

Bhí mise agus óigbhean lá ag dul an bóthar,
Thugamar féin an samhradh linn.
Cé a casadh dúinn ach an gruagach cróga,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:
Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna,
Thugamar féin an samhradh linn.
Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna,
Thugamar féin an samhradh linn.

D’fhiafraigh sé díom an iníon dom an bhean óg sin,
Thugamar féin an samhradh linn.
Go deimhin ní hí, ‘s í mo ghrá is mo stór í,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:

An dtabharfá cead domsa labhairt go fóill léi?
Thugamar féin an samhradh linn.
Mura ndéanfaidh tú sin, déanfaidh mé an chúirt as,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:

Téigh tusa an aicearra is mise an bóthar,
Thugamar féin an samhradh linn.
Pé againn a leanfaidh sí, bíodh sí go deo aige,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:

Leanfaidh mé an gruagach ó ‘s deas an fear óg é,
Thugamar féin an samhradh linn.
Do bheo nó do mharthain nár fhillfir go deo orm,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:

Is iomaí sin bó ag dul thar chlaí teorann,
Thugamar féin an samhradh linn.
Ag tógáil seilbh ar sheilbh na gcomharsan,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:

Tháinig sí chugam arís tráthnóna,
Thugamar féin an samhradh linn.
Is thug sí léi an leithscéal ba chórtha,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:

Ach níor fhéadfainnse éisteacht le caint den tsórt sin,
Thugamar féin an samhradh linn.
Is d’fhágas ó shin í ag gol go brónach,
Thugamar féin an samhradh linn.

Curfá:

Is dócha gur amhrán saothair a bhí anseo san am atá caite. Tá cur síos san amhrán ar eachtraí a thit amach ar an mbóthar idir gruagach agus fear óg eile. Déanann an fear óg cur síos ar sheirc a chléibhe a d’imigh uaidh in aonacht le gruagach ach a d’fhill air gan mhoill agus na deora ag sileadh léi.

 

Rian 9 Oileán Éadaigh

In Oileán Éadaigh, atá mo chéad ghrá
Ar lig mé léi mo rún go hóg
A bhfuil triúr ar aon chéill, ag gol ina diaidh orm
‘S gan bhean a bhréagfadh mo chreach le fáil
Tá mise tréithlag, níl gar dá shéanadh,
Níl mé in aon chor ach mar an ceo
‘S a stór mo chléibhe ‘s tú d’fhág liom féin mé,
Is gur chuaigh tú i gcré uaim i do chailín óg.

Ba dheise a héadan is a coiscéim éadrom
Ná aon bhean in Éirinn ag siúl an t-sráid
A dá cíoch ghléigeal lena leanbh a bhréagadh
Ach a stór níor fhéad mé í a thabhairt ón mbás
B’fhearr liom go mórmhór i mo dhiaidh sa ród í
Ag bleán mo bhó nó i gcionn mo thí
Ná saibhreas Sheoirse, ‘gus fágaim faoi dhó é
‘S gur faoi na fóide a d’fhág mé stór mo chroí.

Seasann Oileán Éadaigh idir dhá loch ar an mbóthar  ó Chaisleán an Bharraigh go Cathair na Mart. Amhrán é seo a bhfuil gaol aige leis an Sail Óg Rua. Is amhrán é ina bhfuil fear óg ag amhrán dá chuid páistí i dtaobh a máthar a sciob an bás.
Cloiseann muintir na mná in Acaill i dtaobh a bás. Tá amhras acu ar an bhfear óg, go raibh lámh éigin aige ina bás. Nuair a shroicheann siad an teach chun é a cheistiú faoin scéal agus chun díoltas a bhaint amach más gá, cloiseann siad an t-amhrán seo óna bhéal. Iompaíonn siad abhaile ar an bpointe gan labhairt leis fiú.

 

Rian 11 Go dTagfaidh an Nollaig

Go dtagfaidh an Nollaig i gceartlár an tsamhraidh
Is go ndéanfaidh mé dea-rás i lár locha Riabhaigh
‘S go bhfásfaigh na seamraí i gcláracha mo chomhrann
Páirt de do ghrá, ‘s ní fhágfaidh sé mo chroí.

Mo bhrón ar an ngrá seo, is galar dubhach é
D’fhág sé mo chroí bocht chomh dubh leis an ngual
Agus d’fhág sé mo cheann bocht gan fiú an únsa céille
Agus m’intinn aerach, ‘s í ag ealú uaim.

D’éirigh le haintín Bhríd, Síle Canney, duais a bhuachtáil leis an amhrán seo agus Feis Cheoil ar siúl i nGaillimh. Is é an leagan céanna a dúirt sí an lá sin agus an leagan a bhailigh Eibhlín Bn. Mhic Choistealbha. Is ó duine de chomharsain Shíle a bailíodh an t-amhrán an chéad lá, Mrs. Maggie Hession ón mBaile Dóite.

 

Rian 12 Moll Dubh an Ghleanna

Tá bó agam ar shliabh
Is is fada mé ina diaidh
Nó gur chaill mé mo chiall le nóchar
Dá seoladh soir is siar
Ins gach áit dá ngabhann an ghrian
Nó go bhfilleann sí ar ais tráthnóna.

Curfá:
Sí Moll Dubh an Ghleann’ í
Sí Moll Dubh an earraigh í
Sí Moll Dubh is deirge ná an rósa
Is dá bhfaighinnse féin mo rogha
De mhná óga deasa an domhain
Sí Moll Dubh an Ghleann’ ab’ fhearr liom.

Nuair a bhreathnaím féin anonn
Ins an áit a mbíonn mo rún
Sileann ó mo shúile sruth deora
Is a Rí Ghil na nDúl
Déan fuascailt ar mo chúis
Mar ‘s í Bean Dubh an Ghleann’ a bhreoigh mé.

Curfá

Siúd é thiar mo theach,
‘S gan de dhíon air ach an scraith
‘S é déanta ar leataobh an bhóthair
‘S nach críonna a bhíonn an bheach
Nuair a dhéanann sí a nead
Le teas agus le ghrian an fhómhair.

Curfá

Tá leaganacha den amhrán grá seo le fáil ó cheann ceann na tíre, is é leagan a hathair, Jimmy Dooley, a deir Bríd anseo.

 

Go barr an leathanaigh

 
[ Read / Sign my guestbook ]
Get a free Guestbook