Baile

Nuacht

Beathaisnéis

Pictiúir

English Version

Ordaigh an  CD
Ord Reatha an CD
Liricí
Altanna & Léirmheasanna
Nascanna
Eibhlín Bn. Mhic Coistealbha & Amhráin Mhuighe Seóla
Teagmháil

Maigh Seola
Luigh ar íomhá thíos agus tiocfaidh tú ar leagan de a bheadh oiriúnach le húsáid chun priontála srl.. Tá an comhad seo an-mhór (1.90Mb).

 

 

 

 

 

Is iad Maigh Seola (ó thaobh na láimhe clé):

Patricia Kelly: Veidhlín & viola
Áine Ní Shioradáin: Cruit & guth
Bríd Dooley: Príomh-amhránaí
Liz Johnston: Dordveidhil
Jacqueline McCarthy: Consairtín
Caoimhín Ó Sé: Feadóga, fliúiteanna & guth

Dlúthcheirnín Nua-Eisithe Mhaigh Seola: Beyond the Mearing Wall


2005

Eanáir 2005: Sheinn Maigh Seola ag ceolchoirm in Ostán an Radisson i nGaillimh ar mhaithe leo sin a fágadh i ngátar de bharr an tsunami a bhuail cóstaí dheisceart na hÁise. I measc na gceoltóirí a sheinn bhí: Arty McGlynn & Nollaig Casey; Sharon Shannon & Frankie Gavin; Máirtín O'Connor, Cathal Hayden & Garry Ó Briain. Taifeadadh an cheolchoirm agus taispeánadh ar TG 4 í ar an Domhnach, Eanáir, 23.

2003 - 2004

Deireadh Fómhair 2003: Sheol Maigh Seola a gcéad iarracht ar thaifeadadh, 'Beyond the Mearing Wall' ar an ochtú lá déag den mhí. 'Sé Nioclás Ó Cearrbhalláin ón 'Irish Traditional Music Archive' a sheol an dlúthdhiosca  in Óstán Brennan's Yard sa Ghaillimh.

Eanáir 2004: Dhein an léirmheastóir Earle Hitchner ón Irish Echo i Nua Eabhrac amach go raibh dlúthcheirnín Mhaigh Seola, 'Beyond the Mearing Wall' ar cheann de na deich n-eisiúintí ab fhearr a tháinig ar an margadh sa bhliain 2003.

Bealtaine 2004: Déanfaidh Ardstiúrthóir RTÉ, Cathal Goan, 'Beyond the Mearing Wall' a sheoladh i mBaile Átha Cliath i gceannáras Fhoras na Gaeilge ar chearnóg Mhuirfean ar an 12ú lá déag.

Casfaidh Maigh Seola in Amharclann na Cathrach, Gaillimh ar an 19ú lá deag den mhí, i measc na ngrúpaí eile a chasfaidh ar an oíche beidh Altan. Is i dTábhairne an Cobblestone, i mBaile Átha Cliath a bheidh Maigh Seola an oíche dar gcionn, Déardaoin, Bealtaine 20.

Iúil 2004: Cloisfear Maigh Seola i mbun agallaimh agus i mbun amhrán ar chlár ealaíne RTÉ Radio One, Rattlebag ar an Mháirt, Iúil 13 idir a 2.45i.n. agus 3.30i.n..

Beidh an grúpa i mbun scannánaíocht ar an Aoine, Iúil 23 don tsraith nua den chlár teilifíse, Abair Amhrán. Craolfar na hamhráin a ndéanfar taifead orthu le linn sceideal an Fhómhair ar TG4.

Nollaig 2004: Ghlac an grúpa páirt i gclár raidió Marion Finucane ar RTÉ Radio One ar an Mháirt, Nollaig 21.

Ceolchoirmeacha:
2005
Ostán an Radisson, Gaillimh Dé hAoine, Eanáir 14
Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe Dé hAoine, Márta 11
2004
Róisín Dubh, Gaillimh Dé Máirt, Márta 9
Tuaim Dhá Ghualainn, Co. na Gaillimhe Dé Sathairn, Márta 13
Campbell's Tavern, Cloch an Fhómhair, Co. na Gaillimhe Dáta le cinntiú
Foras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, BÁC Dé Céadaoin, Bealtaine 12
Amharclann na Cathrach, Gaillimh Dé Céadaoin, Bealtaine 19
The Cobblestone, Baile Átha Cliath Déardaoin, Bealtaine 20
Féile Ealaíne na Gaillimhe,
Ceolchoirm am lóin, Róisín Dubh
Dé hAoine, Iúil 23
The Mall, Tuaim Dhá Ghualainn Dé Sathairn, Lúnasa 21

Go barr an leathanaigh

 
[ Read / Sign my guestbook ]

Get a free Guestbook