rua
CUAIRT RUA ar an ZÚ

B’FHADA ó bhí Rua ag an bhfiaclóir. Ach níor tháinig an fhiacail nua.

"Nár dhúirt sé go gcuirfeadh sé chugam í?"

Bhí Máirín ag cur uisce ar na plúiríní sneachta.

"Céard?" arsa sí.

"An fhiacail nua, meas tú cá bhfuil sí?"

Bhí Nua, an caitín beag, ar bharr an couch ag iarraidh breith ar nead damhain alla.

"Chuir siad chuig an zú í b’fhéidir," arsa sé.

Shocraigh Rua a chuid spéaclóirí.

"Caithfidh muid glaoch ar an bhfiaclóir," arsa Máirín.

Chuaigh Máirín, Rua agus Nua amach sa halla le glaoch a chur.

"Is ea?" arsa an fiaclóir.

Mhínigh Máirín an scéal.

"Fiacail Rua? Chuir muid fiacail Rua chuig an zú."

Leag Máirín uaithi an fón.

"Chuir siad an fhiacail chuig a zú.

"Chuig an zú, chuig an zú," arsa Nua agus é ag pocléimneach thart.

"Dúirt mé libh é. Huh!"

Lig Rua osna.

B’éigean a dhul chuig an zú. Chuir Rua a hata breá air féin, agus chuir Máirín a cóta fada gorm uirthi. Bhí Nua ar nós cuma liom. Shuigh Rua agus Nua taobh le chéile ar an mbus, agus Máirín sa suíochán ba ghaire dóibh léi féin.

Amach leo ag an zú. Bhí cuid de na daoine ag breathnú ar Rua.

"Síleann na daoine gur éalaigh mise ón zú," arsa Rua le Máirín os íseal.

"Ná bac leo," ar sí.

Ar aghaidh leis an triúr chomh fada leis an oifig. Bhí firín beag ramhar san oifig, caipín speice air, léine agus tie . Bhreathnaigh sé ar Rua.

"Ar tháinig fiacail chuig an zú le haghaidh leoin nach bhfuil anseo ar chor ar bith?" arsa Máirín go stuama leis an bhfirín ramhar.

"Fiacail fiacail, tá neart fiacla ag na leoin anseo."

Mhínigh Máirín an scéal arís.

"Ar tháinig fiacail anseo le haghaidh leoin nach bhfuil ina chónaí anseo?"

"Tuigim, tuigim," arsa an firín ramhar, "fan nóiméad. Beidh mé ar ais."

Chaith Nua léim suas ar ghuaille Mháirín.

"Tá drochbholadh san áit seo," ar sé.

Bhí faitíos ar Rua go raibh daoine ag breathnú air.

Nuair a tháinig an firín beag ar ais, bhí beartán aige agus Rua, An Sú, Baile Mór scríofa air. D’oscail siad an beartán.

"Tá an fhiacail againn!" arsa Máirín.

"Dúirt mé libh, dúirt mé libh," arsa Nua, ‘s é ag pocléimneach thart.

Chuir Máirín an beartán síos ina póca, agus chuaigh an triúr abhaile chuig an gclúid.

"Tá mé tugtha," arsa Rua, agus shuigh sé cois tine.

"Déanfaidh mise bainne te," arsa Máirín, "agus cuirfidh tú ort an fhiacail nua ansin.

"Tá go maith," arsa Rua.

 

(ar lean an mhí seo chugainn)