An carr cainteach

the talkative car

Samhlaigh carr a deireann leat casadh ar dheis ag na soilse, agus tú ag déanamh do bhealaigh go dtí an t-aerfort. Nó a lorgaíonn uimhir teileafóin do dheirfiúra i mBoston is a dhéanann an uimhir duit ar do charrfón. Nó a athraíonn an raidió ó Do Bharúil go dtí Pat Kenny nó Raidió Chiarraí de réir mar a bhuaileann an fonn thú. Fantasaíocht à la Power Rangers? Ní hea, ach pacáiste bogearraí a bheas ar díol an bhliain seo chugainn.

Tagann an pacáiste Auto PC le raidió digiteach agus le seinnteoir dlúthdhiosca. Oibríonn sé ar Microsoft Windows CE 2.0 (leagan símplithe de Windows 95) agus riarann sé córas comhtháite eolais agus siamsaíochta don charr.

Beidh sé ar an margadh ar phraghas molta de $1,000 sna Stáit Aontaithe. Meastar go mbeidh sé níos costaisí san Eoraip go dtí go dtéann daoine i dtaithí air.

Agus ná bíodh aon imní ort go gcuirfidh an clóscríobh isteach ort agus tú ag deifriú síos an bóthar mór. Tuigeann an clár cliste seo orduithe ó bhéal agus freagraíonn sé thú sa Bhéarla leictreonach sin a chloiseann tú ar ghléasanna guthphoist. Tá roinnt teangacha eile ar a thoil aige chomh maith, ach ní bheidh Gaeilge aige muna gcuireann an rialtas brú ar lucht a dhéanta.

Beidh tú in ann éisteacht le do ríomhphost, teachtaireachtaí a sheoladh amach, tuairiscí tráchta a chuartú nó do chuid siopadóireachta a dhéanamh ar an Idirlíon – é sin agus éisteacht leis an CD is ansa leat agus tú ag gluaiseacht síos an N17.

Má imíonn tú amú, réiteoidh an córas loingseoireachta do chuid fadhbanna duit. Feicfidh tú léarscáil bheag ar an scáileán agus inseoidh an ríomhaire duit cén bóthar ar cheart duit a leanacht.

Anois, dá bhféadfadh sé radar na ngardaí a aimsiú chomh maith.

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Samplach | Nascanna