Dealbh de Phádraic Ó Conaire leis an dealbhóir Albert Power RHA ©
|
______________________ Fáilte chuig cumann nua na scríbhneoirí. An bhfuil sibh réidh le cabhair a thabhairt nó le cabhair a fháil le bhur saothair? Ná bíodh fuacht ná faitíos oraibh a dhul i dteagmháil linn. Is libhse an t-eagras seo. ______________________
I measc na rudaí atá déanta ag Comhthéacs go dtí seo: Cruinnithe eagraithe agus plé déanta ar chúrsaí scríbhneoireachta agus spriocanna leagtha amach. Nuachtlitir spreagúil Scríbhneoir foilsithe. Tá 31 ball san eagras go dtí seo. Tá an suíomh seo dhá fhorbairt faoi láthair agus d'fháilteodh muid roimh thuairimí, eolas agus irl. ag: dara@aran-islands.net Comhthéacs ar bhonn oifigiúl Ar an 20 Samhain 1996 a cuireadh tús oifigiúil leis an eagras. Tharla sé seo i nGaillimh le linn Chúirt Uí Chadhain na bliana sin. Ar siúl faoi láthair Eagrán nua den nuachtlitir Scríbhneoir dhá ullmhú faoi láthair. Má tá smaointe, deacrachtaí, smaointe, fadhbanna, moltaí agat nó má tá fonn ort léirmheas a scríobh ar shaothar éigin, seol ar aghaidh iad gan mhoill sa phost chuige dara@aran-islands.net nó chuig: Comhthéacsf/ch Oifig an Phléarcaca Ionad Fiontair Ros Muc Conamara Co. na Gaillimhe Éire Uimhir Theilifóin: 00 353 91 574346 ______________________Aidhmeanna an Eagrais
______________________Aims of the Irish Language Writers Co-op
|
---|