[Siar / Back] -- [Clár cinn / Home] --[Ar aghaidh / Forward]
An chéad lá de mhí an Mheithimh, 2002

Obair le déanamh, botúin le seachaint.

le Breandán de Róiste

Tá daoine ann atá tugtha don cheol nó don reathaíocht nó don iománaíocht agus is mór é mo mheas orthu. Mise, táimse tugtha don scríbhneoireacht. Scríbhneoireacht ann féin , cleachtadh na ceirde atá i gceist agam, an chuid mheicniúil den obair. Ní ard-ealaíon na litríochta a bhíonn ar siúl agam: an prós is an fhilíocht is an drámaíocht, gona foirmeacha aitheanta agus a ciútaí inste, a hornáidíocht agus a friotal ard-nósach; ach ag imirt ar chnaipí an ríomhaire le mo mhéara agus mé ag faire ar fhocla ag teacht ar an scáileán. Is iontach an sásamh é cúpla focal a fheiceáil scríofa os do chomhair agus a fhios agat gur tú a chuir ann iad. Ní hamhlaidh is go léifidh duine ar bith iad agus b'fhéidir gurb amhlaidh ab fhearr sin. Ar uairibh samhlaítear dom nach bhfuil áit ab fhearr le rud a chur i bhfolach ná ar an idirlíon agus ar ndóigh chun é a choinneáil ina rún daingean ar fad ní miste é a scríobh i nGaeilge.

Bíodh sin mar atá is é rud atá ar intinn agam a dhéanamh anseo ná dialann de chineál éigin a bhreacadh -- dialann íochtaráin! -- chun roinnt d'imeachtaí mo shaoil a chur ar phár -- nó cibé téarma a ghabhfadh ina áit sin ar an meán seo -- agus chun an teanga seo is ansa liom a chleachtadh. Sin a bhfuil ann. Má tharlaíonn ar ball go dtagann scéala isteach ó chorr-léitheoir a deir go bhfuil an stuif seo inléite cá bhfios nó go ndéanfainn iarracht cuid de na scéalta iomadúla atá i m'aigne a chur síos agus go bhfágfaí rian éigin díom i mo dhiaidh nuair a thiocfaidh tráth nach ann dom féin níos mó, ná na daoine a raibh aithne agam orthu, ná na ceisteanna móra a rabhamar go léir chomh tógtha leo lenár linn.

Ar ndóigh níl sa mhéid sin thuas ach réamhrá. Is éard a theastaigh uaim a scríobh anseo inniú ná tuairisc ar an gcaitheamh aimsire is fearr dá bhfuil agam, an bheachaireacht.

D'inseodh grianghraf níos mó ná mile focal ach chun scéal fada a dhéanamh giortach coinnímse roinnt cruiceog beach ar thalamh daoine eile agus bainim mil agus céir agus an-sásamh díobhtha. Lá mar seo -- lá breá gréine le teas mór agus triomach -- bheinn ag dúil le bheith amuigh ar cheann fearainn páirce agus mé ag tindeáil na mbeach -- ag cur boscaí breise orthu don mhil a thiocfaidh ina slaoda ar ball tá súil agam agus ag inniúchadh na nide féachaint an bhfuil seans ar bith go mbeidis ag smaoineamh ar shaithe a chaitheamh. Ní maith le beachaire ar bith saithe a chailliúint mar cé go bhfuil sé i nádúr gach aon dúile beo síolrú agus scaipeadh is maith leis na beachairí an stoc beach atá acu a choinneáil le chéile chun go bhfaighidis barr maith meala.

B'shin a bhí i gceist agam a dhéanamh inniú ach gur chuir an chinniúint a ladar sa scéal. B'éigean dom dul isteach chuig páirc na mbeach ó gheata difriúil ón mbealach is gnáthach liom dul chucu -- i ngeall ar an deireadh seachtaine fada agus an lá saoire bainc -- agus ar ndóigh chuaigh roth i bpoll agus fágadh i sáinn mé. B'éigean dom fios a chur ar an AA agus tháinig siad agus isteach leo ar an bhfeirm gan cheist agus tharraing siad amach mé. Bhíos an-bhuíoch díobh. Is mór an gar duine a bheith agat le glaoch air nuair a tharlaíonn tuaiplis dá leithéid.

Ach is leor sin don uair seo. Beidh tuairisc agam ar staid na gcruiceog b'fhéidir an chéad uair eile agus má tá beachaire ar bith atá in ann na nótaí seo a léamh chuirfinn fáilte roimh scéal uaidh. Le fírinne chuirfinn fáilte roimh scéala ó dhuine ar bith atá in ann an stuif seo a léamh. Má tá fonn ort cuidiú le costais an láithreáin a ghlanadh glac spás beag fógraíochta duit féin ar an leathanach seo. Dearfaimid lógó duit muna bhfuil ceann agat. Chaithfeadh cúrsaí gnó a smut gránna a ardú. Ar nós an phíobaire ar ndóigh: is iad pighneacha na n-óinseach a chuireas bróga ar chlann an phíobaire. Nílim ag tabhairt óinseach ortsa a léitheoir dhil ach caithfear costais an láithreáin a íoc ar bhealach éigin nó teipfidh air. Cuir scéala chugam.