| [Siar / Back] | ||
|
Dialann Beachaireachta An Domhnach, an dara lá de mhí an Mheithimh, 2002 Ó bheachlann go beachlann. le Breandán de Róiste D'éirigh liom inniú an obair a bhí beartaithe agam don lá inné a chur i gcrích .i. na súpair deiridh a chur ar na coirceoga go léir. "Súpair" a thugaimse ar na boscaí éadoimhne a chuirimid os cionn nead na mbeach leis an mhil a thógáil uathu ag deireadh an tséasúir. Tá súil agam nach bhfuil brí stairiúil leis an bhfocal sin ach ní oireann an focal "uachtar" don rud atá i gceist. "Bosca uachtair" b'fhéidir ach ó tá "supers" sa Bhéarla ní miste liom traslitriú a dhéanamh airsean agus é a úsáid. Ní hamhlaidh don bhfocal "brood chamber" is fearr liom bosca na nide a úsáid ansin agus muna bhfuil dul amú orm is é a úsáidtear sa Fhraincis chomh maith. Ag breathnú dom inniú ar roinnt coirceoga beach atá agam i Nás na Ríogh chuaigh an seanrá "Bees in a wood never do any good" mar ní fhéadfainn a rá go raibh cuma rathúil orthu. I gcomparáid leis na beacha atá agam anseo i Léim an Bhradáin atá ag cur thar maol le beacha is le mil cheana féin níl cuma ró-mhaith ar na beacha sa Nás. Istigh faoi chrainnte atá siad agus is áit dhorcha go leor í. Is dócha go mbeidh orm tosú ag cuartú le haghaidh ionad níos fearr. Faoin am seo tús mhí an Mheithimh táimid i lár séasúr na meala. Tá an sceach gheal, an crann cnó capaill, agus bláthanna Bhealtaine feoite faoi seo agus feasta is ag brath ar an seamar bán, na driseacha agus an teile sa chuid seo den tír a bheimid chun mil a fháil. I mí Iúil agus Lúnasa tharlódh go mbeadh mil fraoigh le fáil in áiteanna chomh maith. . Cúig rud a chaithfidh a bheith i gceart chun barr maith meala a fháil:
Is leor sin don uair seo. Cuir scéala chugam má d'éirigh leat brí a bhaint as an scríbhinn seo: eofeasa@eircom.net an seoladh ríomhphoist. |
||