[Siar / Back]
[Clár cinn / Home]
[Ar aghaidh / Forward]

Dialann Beachaireachta

An Aoine, an ceathrú lá déag de mhí an Mheithimh, 2002

Droch-uair le báisteach, fuacht, is gaoth.

le Breandán de Róiste

Nuair a léim leabhra na beachaireachta samhlaítear dom go ndéanfaidh mé seo siúd is eile: stoic a roinnt, niúiceanna a dhéanamh, lacht siúcra a thabhairt do na rudaí beaga leochaileacha, cránacha a chothú le díol is le cur i mbun oibre roimh an fhomhar. Nuair a bhreathnaím amach an fhuinneog tuigim an fáth nach bhfuil tionscal na meala ró-láidir in Éirinn. Níl an aeráid againn. Le coicíos tá sé ag stealladh báistí agus táim cinnte nár bailíodh mórán meala. Tugtar "bearna an Mheithimh" ar an tréimhse seo agus nuair a chuirfeá an aimsir gheimhreatúil a bhí againn le roinnt seachtainí anois ní féidir bheith dóchasach. Muna mbeadh ach gur coinníodh an beachaire féin istigh bheadh an dochar déanta.

Tar éis dom dul go haiseal sa bhoglach an lá cheana níl fonn orm bogadh amach arís go dtí go mbeidh mé cinnte den talamh tirim faoi mo rotha. Ba bhreá liom dul ag scoilteadh na neadracha: an chráin a fhágáil i gceann acu agus neart uibheacha agus larvae de gach aois a thabhairt liom sa cheann eile. Taobh istigh de lá nó dhó bheadh an dream gan chráin tosaithe ar cheann de na huibheacha sin a bheathú is a thógáil mar chráin úr.

Is géar a theastaíonn cránacha óga ón mbeachaire. Gan iad ní bheidh fuinneamh ná folláine sa stoc agus beidh baol caite saithe i gcónaí ann. Is iad na sean-chránacha atá dhá nó trí bliana d'aois is mó a imíonn le saithe agus ní maith leis an mbeachaire iad a fheiceáil ag imeacht. De ghnáth tugann siad brabach na bliana ar eite leo.

Ar ndóigh má bhíonn an t-ádh ar an mbeachaire agus má cheapann sé an saithe -- nó níos fearr fós má aimsíonn sé na huibheacha cránach á n-ullmhú -- beidh deis aige stoc nua a chur sa tsiúl nó na huibheacha a chur thart ar roinnt nuclei.

Cén chaoi a ndéanfá nucleus a deir tú? Tóg cíor meala, cíor áil, cíor uibheacha agus larvae, as cruiceog láidir agus cuir cúpla cíor folamh leo agus cuir le chéile iad mar aon le neart beacha agus beir leat iad go dtí beachlann eile níos faide ná trí mhíle ón gcruiceog óna dtáinig siad.

Coinnigh ort á mbeathú le lacht siúcra agus bain taitneamh as iad a fheiceáil ag dul i neart agus i líonmhaire. Feicfidh tú cráin úr ag dul i mbun a cúraimí i gceann cúig nó sé seachtaine agus beidh ort cúpla fráma eile a chur isteach chun spás a thabhairt don nead níos luaithe ná mar a bheadh coinne agat leis.

Is é sin má fhaigheann tú an aimsir chuí don obair. Rud nach bhfuil ann faoi láthair. Ní féidir tada a dhéanamh sa tráth seo ach bheith ag scríobh.