[Siar / Back]

Dialann Beachaireachta

Céadaoin, 26 Meitheamh, 2002

Droch-shamhradh agus a shliocht ar na beacha. Faoistin: níor chothaigh mé na niúcanna.

le Breandán de Róiste

Is léir anois dom nach féidir liom an oiread ama a thabhairt do na beacha is a thugainn tráth. Éilíonn cúraimí eile an tsaoil cuid mhór den am a bhíodh agam don bheachaireacht. Tar éis dom seachtain a chaitheamh as baile i Londain ar chúrsa ríomhaireachta tháinig mé ar ais chuig an droch-aimsir chéanna a bhí ann sular imigh mé. Tá sé do-chreidte a fhuaire is atá sé agus a bhfuil de ghoimh san aer. An ghaoth aduaidh atá ag séideadh chugainn le tamall is cosúil agus is í is cúis leis.

Ag an tráth seo bliana bheinn ag faire amach do shaithí ó na coirceoga. Is beag beachaire a d'admhódh go gcailleann sé saithe ó uair go chéile ach is dócha go dtarlaíonn sé domsa anois is arís cé nach mé an duine is measa. Ar a laghadh bainim núicléi chun na coirceoga móra a laghdú beagán agus chun go mbeidh cránacha óga agam amach sa bhliain agus sa bhliain úr. Aréir murach gur iarr m'iníon orm teacht léi amach ag siúl leis an madadh strae atá tar éis seilbh a ghlacadh orainn le cúpla seachtain anuas ní bheadh a fhios agam go raibh dhá shaithe amuigh sa bheachlann is cóngaraí dúinn.

A luaithe is a shroich muid na coirceoga chonaic mé iad. Mar a bheadh brat mór tiubh fionnaidh ar crochadh ar chúl ceann de na coirceoga a bhí ceann díobh agus an ceann eile soiprithe isteach go maith thart ar stoc crainn bhig Nollag idir na géaga -- áit ar dhoiligh é a bhaint de.

D'fhoghlaim mé a lán aréir is inniú. Bím ag foghlaim faoi na beacha i gcónaí ainneoin go bhfuil os cionn daichead bliain caite agam leo. Rud amháin: ní haon mhaith dul chuig saithe atá ar crochadh amuigh déanach san oíche agus a bheith ag iarraidh iad a bhogadh le deatach nó iad a mhealladh le dul isteach i gcoirceog. Ní éireoidh leat -- go háirithe má tá an teocht chomh geimhreatúil is atá faoi láthair anseo. D'fhág mé dhá choirceog le criathair céarach tarraingthe ach b'fhánach agam. Bhíodar mar a bhí siad an mhaidin dár gcionn.

Um mheán lae chuaigh mé i ngleic leo arís agus d'éirigh liom an ceann a bhí ar crochadh ar chúl na coirceoige a chur i mbosca cartchláir ar an ngnáthbhealach. An ceann eile shíl mé go raibh siad ar tí seilbh a ghlacadh ar choirceog a bhí curtha síos ar chreat ina mbíodh buidéil bainne. D'fhág mé iad. Mo léan, nuair a d'fhill mé bhíodar cruinnithe sa chreat istigh faoin gcoirceog.

B'éigean dom tosú arís don triú uair agus iad a chaitheamh isteach sa choirceog. Thugas liom iad go dtí beachlann eile mar a bhfuair mé núicléas marbh os mo chomhair. Stiúgtha ag an droch-uair. "Feed your nukes" an rabhadh a thugaimid dá chéile i gcónaí. Fós féin nuair nach mbíonn an t-am chomh fliúirseach againn déanaimid dearmad de agus íocann na beacha go daor as ár gcuid útamála.

Fiú sa Fhrainc chonaic mé M. Rio taobh amuigh de Pontivy agus scór núicléi aige agus mias lacht siúcra anuas ar gach ceann díobh. É sin sa Fhrainc áit a bhfuil an aeráid i bhfad níos feiliúnaí don ghnó ná mar atá againne!

.