|
Tá
ceachtanna Gaeilge le fáil ar an láithreán seo ar
leathanaigh difriúla ag cúig leibhéal. Leanann na
leibhéil seo na cúrsaí Gaeilge a bhíonn ar fáil
i scoileanna Phoblacht na hÉireann. Buail ar Tosaigh
anseo
chun dul chuig liosta na gceachtanna. As sin is féidir leat
dul ó cheacht go ceacht gan stró.
Diaidh ar ndiaidh a bheidh an suíomh
á thógáil mar
sin bí foighneach linn.Tógfaidh sé tamall orainn
ceachtanna a scríobh agus
a chur ar fáilanseo.Beimid ag cur leo de shíor,
á scríobh agus
á n-athscríobh. Cuirfimid fáilte roimh do chomhairle.
-
Bonnleibhéal,
oiriúnach do thosaitheoirí. Is anseo a bheidh na
pointi gramadaí is tábhachtaí agus is bunúsaí
le fáil.
- Teastas
Sóisireach Gnáthleibhéal, oiriúnach
dóibhsean a bhfuil tús curtha leis an bhfoghlaim acu
agus fonn orthu feabhas a chur ar a gcuid eolais;
- Ardteistiméaracht
Gnáthleibhéal, dóibhsiúd a bhfuil
fairsingiú foclóra, nathanna comhrá, agus daingniú
ar an ngramadach bhunúsach uathu;
- Teastas
Sóisireach Ardleibhéal, oiriúnach dóibhsiúd
a bhfuil foclóir fairsing, téarmaíocht an lae inniú,
cora cainte, claoninsint, agus cruinneas gramadaí níos
leithne uathu;
- Ardteistiméaracht
Ardleibhéal.Seo é
an leibhéal is airde. Glactar leis go bhfuil cuid mhaith
de ghramadach na teanga agus foclóir measartha fairsing ag
scoláirí an leibhéil seo. Beidh na ceachtanna gramadaí
ag an leibhéal seo an-oiriúnach dóibh-siúd
atá ag iarraidh a gcuid eolais a dhoimhniú agus a leathnú.
|