[Siar / Back]

Curtha ar ceal
le
Mí-shásta
 
le caoinchead Chlár Plé BEO
 
14 Meitheamh, 2002
 

Tá an ócáid is tábhachtaí ar fhéilire liteartha Chorcaí – “Ceiliúradh Gloomsday” – curtha ar ceal de bharr easpa spéise. Is cosúil go mbeidh gach tábhairne sa chathair plúchta le leipreacháin gealtacha glasa ag óléacht go glórach cágach i ngoirt ísle Áth an Rí ar an lá céanna.

Deir na fir tí nach mbeadh siad toilteanach fanúint ciúin ar feadh tamaillín bhig le héisteacht le giotaí blasta as “Useless Eulogies” á léamh ag geátsaithe liteartha an deiscirt, gléasta amach i gcultacha ó thús an chéid sa chaite.

Níl aon fhírinne sa ráfla gur chuir na Gárdaí cosc ar ár n-imeachtaí de bharr scliúchas beag idir sinn agus dream de rinceoirí seite i gClub an Chónra arís anuraidh. In ionad an turais tríd an chathair beidh teacht le chéile beag discréadach againn istoíche sa ghnáth láthair le trioplas, drisín, crúibíní, sciortaí agus greadóga traidisiúnta Corcaíocha eile. Fáilte roimh gach duine sa chlíc. Muna bhfuil ár ngnáthóg ar eolas agat níl tú sa bhaicle ceart.

Príomh-eagraí Gloomsday

c/o #37 “Chetwynde Downs”